Gaelbhratach arís!

Bronnadh Gaelbhratach ar Choláiste an Eachréidh ar na mallaibh as ucht an obair ceannródaíochta ar son na Gaeilge. Anois agus scoilbhliain nua tosaithe tá Coiste Gaeilge úrnua spreagtha gabháil i mbun oibre ar son na teangan agus ag díriú ar Ghaelbhratach eile a bhaint amach i mbliana. Na Gaeil Abú!

The Coiste Gaeilge was recently presented with Gaelbhratach award 20/21 and have already set plans to work for Gaelbhratach 2021/22. Beirigí Bua arís!

Spraoi san Uisce

Níl léamh ná scríobh ná inse béil ar an spraoi uile agus craic a bhí ag scoláirí ón chéad bliain agus iad mar Lochlannaigh óga ar Loch Rí agus ar an tSionainn i mBaile Átha Luain ar na mallaibh.

Na Gaeil Abú

Ná déanaimís dearmad choíche ach go bhfuil an Ghaeilge i gcroílar an choláiste agus déanaimid gach iarracht tearmann teangan a chothú mórthimpeall orainn. Cinnte, is iomaí Gael Óg atá i gColáiste an Eachréidh agus mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce ‘21, tugadh aitheantas ar leith dóibh siúd a bhfuil meon dearfach eiseamláireach acu i dtaobh na Gaeilge. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh cur chuige comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Le fírinne, níl ach cuid de na Gaeil Óga aitheanta anseo againn. Dorn san aer do na Gaeil! 

Seo cuid de na Gaeil Óga aitheanta:

Ardteist 20/21           Sorcha & Réitseal  

Ardteist         Raphi & Seán. 

Bl.5     Jean & Jack  

I.B       Rosemary & Freddie  

Bl.3     Kevin & Orla 

Bl.2     Emmeline & Stephen  

Ceannairí na linne seo

Tá tréithe ceannaireachta ag go leor daltaí agus neart ceannairí againn i gColáiste an Eachréidh. Bíonn obair cheannródaíochta idir lámha ag ár scoláirí i rith an ama ach is iontach linn aitheantas a thabhairt do roinnt ceannairí. Chuige sin, bronnadh gradaim agus tugadh aitheantas do dhaltaí eiseamláireacha i dtaobh na ceannaireachta mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce ’21Táimid iontach bródúil astu.  

 Leadership Awards were presented to a number students at Ceiliúradh Gaisce 2021. These, of course, are just some of our students that demonstrate leadership qualities in their dealings with staff and fellow pupils. Comhghairdeas libh.

 

 I measc na ceannairí aitheanta bhí:

Bl.2      Alyssa & Aisling 

Bl.3      Grace & Eoin 

I.B.       Éadaoin & Ultan 

Bl.5      Culann & Kian 

Ardteist           Conor & Aisling 

Ardteist 20/21            Ben & Miz 

I mbun oibre

Cinnte, is iomaí dalta a bhíonns i mbun oibre sa choláiste i rith na scoilbhliana. Obair eiseamláireach á dhéanamh ag go leor acu gan amhras. Bronnadh gradaim orthu siúd a bhain barr feabhais amach ina gcuid obair scoile agus iad aitheanta ag Ceiliúradh Ghaisce an tSamhraidh ’21 ar son a gcuid oibre. Le fírinne, is sampla iad seo de na daltaí iontacha uile a bhíonns ag obair lá i ndiaidh lae i scoil s’againne:

  • Bliain 2 –  Emily  &  Jonathan
    • Bliain 3 –  Luíseach  &  Eve
    • Idirbhliain –  Theo  &  Danielle
    • Bliain 5 –  Amy  &  Cianna
    • Ardteist – Iseult  &  Rhianna
    • Ardteist 20/21 – Oisín & Eoin  

Awards were presented to students at Ceilúradh Gaisce 2021 to those who excelled in their classwork and whose application to their studies was particularly commendable. Of course, the college is full of great students who put in tremendous work throughout the school year and these awards serve as an example to all. We are proud of all of their achievements. Leanaigí oraibh leis an dea-obair!

Laethanta Scoile Ceiliúrtha

Gabhtar comhghairdeas leis na daltaí uile as ucht tinreamh den scoth sa cholaiste 2020/21. Cinnte, bhí deis againn aitheantas a thabhairt do slua mór daltaí mar chuid de Cheiliúradh Gaisce ag deireadh na scoilbhliana 2021. Is iontach go deo go bhfuil tinreamh scoile chomh maith sin ag an oiread sin sa choláiste.

Léiríonn a leithéid go bhfuil siad tiomanta, díograiseach agus iad réidh chun foghlaim i gcónaí. Guímís gach rath ar na daltaí ar fad i mbliana 2021/22 is go mbeidh sé i dtólamh ina gcumas acu freastal ar scoil is ar shaol na hoibre amach anseo.

Congratulations to the students that were recognized for their excellent attendance as part of the end of year Ceiliúradh Gaisce award ceremony 2021. We wish all our students the best of health and hope they are able to strive for great attendance over the coming years at the coláiste. Leanaigí oraibh uilig!

I measc na ndaltaí a tugadh aitheantas dóibh, bhí:

Ardteist: Jack, Tuán, Iseult, Robert, Conor, Oisín, Eva, Ruairí, Aisling Evan, Rhianna.

Idirbhliain: Kiera

Bl. 3: Sarah, Orla, Grace, Eve, Aisling, Eoin, Clíodhna

Bl.2 Gregory, Éamon, Stephen Alannah

A gCéad Lá

Thosaigh grúpa nua de dhaltaí na chéad bliana ar Choláiste an Eachréidh 31 Lúnasa ’21. Bhí deis acu aithne a chur ar chuid de na múinteoirí, dul thart ar shuíomh na scoile agus ar Bhaile Átha an Rí féin agus iad i mbun Tóraíocht Taisce. Neart foghlamtha cheana féin agus tá súil againn go n-éiríonn go breá le gach uile duine acu sna blianta amach romhainn.

A new group of first year students started at the Coláiste 31/8/21. Here’s wishing they all enjoy their time with us over the coming years. Ní ualach an léann!

Comórtas Staire – Buaiteoirí Uile Éireann

Muireann & Rachel . Craobh na hÉireann tógtha acu i gcomórtas staire agus Máistir Brian, Príomhoide iontach bródúil, sa chúlra

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas a ghabháil le Muireann & Rachel as ucht a mbuanna iontacha a bhí fógraithe le deireannas. Aithníodh a dtaighdí Ardteiste mar bhuaiteoirí i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann. Ghnóthaigh Muireann 1ú Áit agus Rachel 2ú hÁit sa chomórtas ar an leibhéal is sinsearaí. Ní hamháin sin ach bronnadh príomhdhuais an chomórtais ar Mhuireann chomh maith. Ní hamhain gur bua staire atá anseo ach bua don ghaeloideachas agus aistí Béarla agus Gaeilge i gcomórtas lena chéile. Éacht iontach gan amhras!

Le fírinne, bhí gach duine sa choláiste thar a bheith bródúil gur éirigh leis na cailíní a bheith curtha ar an ghearrliosta agus beirt ón choláiste ar liosta de dheichniúr (rud a bhí luaite againn cheana). Ní raibheamar ag súil go mbeidh craobh na hÉireann tógtha acu beirt. Fógraíodh na buaiteoirí ag ócáid speisialta eagraithe ar youtube 29 Aibreán (ar fáil anseo)

Comhghairdeas le Muireann agus í aitheanta mar phríomhbhuaiteoir an chomórtais i gcomórtas náisiúnta staire na hÉireann agus sa chéad áit sa rannóg sinsearach i measc daltaí ardteiste na hÉireann. Anseo, is féidir teacht ar an taighde ar ‘Éirí amach Nat Turner 1831’

Comhghairdeas le Rachel Ruane agus í sa dara áit sa rannóg sinsearach i measc daltaí ardteiste na hÉireann agus is féidir teacht ar shaothar s’aicise ar ‘Léigear Jadotville sa Chongó 1961’ anseo.

Mar chuid den chomórtas, chuir na cailíní síos ar an mhéid a d’fhoghlaim siad agus iad ag caitheamh súil siar ar na scileanna a d’fhorbair agus a d’fheabhsaigh siad agus iad ag tabhairt faoi na taighdí. Cuireann Muireann síos ar an mhéid a d’fhoghlaim sí agus í ag tabhairt faoin taighde anseo …. agus tá mír eile ag Rachel anseo. Feictear go raibh siad luaite ar leibhéal náisiúnta agus scéal ag Tuairisc.ie ina dtaobh anseo.

A special word of congratulations goes out to Muireann and Rachel. Not only shortlisted but now crowned All-Ireland champions in the Irish National History Competition

Comhghairdeas ó chroí leo beirt agus go maire siad a nuacht!

Lucht eagraithe an chomórtais

Lucht Gnó ar líne

Lucht na hIdirbhliana agus iad ag foghlaim ar líne ó shaineolaithe éagsúla

‘Múineann gá seift’ agus is cinnte go raibh gá tabhairt faoi sheifteanna éagsúla i mbliana faoi shrianta Covid. Caithfidh a admháil go mbíonn lucht gnó thar a bheith cruthaitheach i gcónaí chun tabhairt faoi na dúshláin úrnua a thagann os a gcomhair agus nach iontach gur éirigh le lucht na hidirbhliana sraith ceardlanna a eagrú ar líne ar na mallaibh.

A bhuí le Máistreas Máirín, thapaigh Coláiste an Eachréidh an deis tabhairt faoi cheardlanna a reáchtáil i gcomhar le Niamh Grealish & Junior Achievement Ireland. Tugadh deis do na fiontraithe óga a bheith ag obair le aoi-chainteoirí gairmiúla ar thograí ar leith agus iad ag plé cúrsaí scoile, cúrsaí ollscoile, taithí oibre agus go leor eile. Cinnte, is iomaí bua agus ceacht a d’fhoghlaim na scoláirí faoi réimsí éagsúla gnó agus léargas tugtha dóibh ar fhéidireachtaí os a gcomhair mar ghairmthreoir freisin. Ba iad Sean O Donohoe le MathWorks, Gaillimh & Yana Andreychikova le Microsoft a bhí mar aíonna acu. 

As part of career guidance, the young TY entrepreneurs had the opportunity of tuning into workshops with Sean O Donohoe of MathWorks & Yana Andreychikova of Microsoft. A special word of thanks to Máistreas Máirín who organized this series of workshops in conjunction with Niamh Grealish & Junior Achievement Ireland.

Idirbhiain rannpháirteach le Sean O Donohoe, MathWorks, Gaillimh

Idirbhliain rannpháirteach le Yana Andreychikova, Microsoft

Eagraíocht is Fearr!

Fógraithe ar líne – Coláiste an Eachréidh – Eagraíocht na Bliana ag Techspace

Fógraíodh le déanaí go raibh Coláiste an Eachréidh aitheanta mar Eagraíocht na Bliana 2021 ag Techspace. Tugann seo aitheantas don dea-obair atá déanta ag an choláiste thar na blianta agus ceannródaíocht léirithe i gcúrsaí cumarsáide agus ríomhaireachta.

Le fírinne, ní chóir go gcuirfear a leithéid an oiread sin iontas orainn óir tá obair den scoth déanta ag daltaí lena múinteoirí i réimse na teicneolaíochta le roinnt blianta anuas agus sraith duaiseanna náisiúnta buaite ag daltaí ó 2016. I mbliana amháin, bhí na daltaí idirbliana rannpháirteach i dtogra ‘Teicniúil agus Folláin‘, bhí Adam ainmnithe ar ghearrliosta i gcomórtas STEAM agus cluiche úrnua cruthaithe aige le microbit agus bhí bua ollmhór i léiriú físe ag na daltaí idirbhliana as ucht gearrfhíseán a chruthú leis an amhrán ‘Chuile Rud i gCeart’ atá le feiceáil anseo.

Caithfidh a rá go bhfuil éacht déanta agus is iontach an t-aitheantas go raibh Eagraíocht na Bliana bronnta ar Choláiste an Eachréidh. Mar chuid den duais tá Printéir 3T le bheith bronnta ar an scoil agus is cinnte go mbainfear an leas is fearr as. Le léargas a fháil ar an obair iontach atá déanta ag an choláiste i gcúrsaí na teicneolaíochta, is fiú breathnú ar an ghearrfhíseán anseo.

Coláiste an Eachréidh was recently announced as the best organisation for 2021 and awarded a 3D Printer by Techspace. This is on account of the continual work and participation that the school has been involved in since 2016 (learn more). TY students were also announced as winners in their production of ‘Chuile Rud i gCeart’ that was produced earlier in the year (see here). A special mention goes out to TY students also for their participation of their project ‘ Teicniúil agus Folláin’ and to Adam who was shortlisted for his game disigned using microbit. We wish them all the best and hope that they build on their successes ‘Leanaigí ar aghaidh’