Ella takes top Award!

Comhghairdeas le Ella who swooped top award at the #andshecycles award ceremony in Dublin where she received the ‘Outstanding Achievements Award’ for her involvement in raising awareness about cycling to school.

KATHLEEN ag dul ar scor!

Ghuigh pobal na scoile chuile ádh ar Kathleen níos luaite inniu agus í ag dul ar scor amárach. Le linn na 10 mbliana a chaith sí mar rúnaí,  chuaigh Kathleen i bhfeidhm ar phobal na scoile i gcoitinne, idir dhaltaí, thuismitheoirí, mhúinteoirí agus gach duine eile a raibh baint ar bith acu leis an gColáiste. Sna hóráidí a cloiseadh trathnóna déanadh tagairtí di mar ‘mháthair figiúr’, mar ‘chnámh droma na scoile’ mar ‘Mary Poppins na scoile’. Tar éis go mbeidh uaigneas ar gach duine sa gColáiste ina diaidh, fós féin, aithnítear gur céim áthasach í seo do Kathleen agus a clann, tar éis buíochas ó chroí a ghabháil léi, ghuigh na daltaí agus an fhoireann chuile ádh uirthi sa saol amach roimpi.

 

 

Concern Debates National Finals

Thursday 28 April at 12noon, you can view the All Island Concern Debates 2021-22 Cup Final live on Concern’s You Tube channel

Everyone at the Coláiste will be supporting our Senior debating team who, tomorrow Thursday 28th, will be contesting the ALL-ISLAND DEBATES CUP FINAL. The opposition is a team from Mount Saint Michael, Rosscarbery, it promises to be a engaging encounter as both teams debate the motion – Ireland must remain committed to military neutrality. The debate can be view live on the following YouTube link You Tube channel

Múinteoir Marina and the team have worked hard, all we can now do is wish the very best of luck to Adam, Cianna, Adam and Culann.

 

 

Grease – arís

Seó Mór na hIdirbhliana – ag teacht!

Seacht mbliain ó bhí ‘Grease’ ar stáitse ag daltaí na hIdirbhliana, tá an seó ag teacht ar ais arís.

Ná bíodh díoma oraibh, ceannaigí na ticéid in am.

Don’t be dissappointed, buy your tickets now!

AILO na hÉireann

Rannpháirtithe an Choláiste a ghlac páirt sa Chomórtas AILO

Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas a ghabháil leis na daltaí a ghlac páirt sa chomórtas náisiúnta teangeolaíochta (AILO) ar na mallaibh. Adam, Culann, Béibhinn agus Ruairí. Is cinnte go raibh éacht bainte amach ag an ceathrar acu agus iad san iomaíocht ag an leibhéal seo agus guímid gach rath orthu sa mholtóireacht atá le déanamh ar a gcuid iarrachtaí.

We would like to take the opportunity to congratulate participants in the ALL-Ireland Linguistics Olympiad (AILO) competition. Adam, Culann, Béibhinn agus Ruairí. It is great that Coláiste an Eachréidh has participants at this level in such a competition. Wishing them all the best in their efforts.

Buladh bos mór dóibh ar fad!

Ar Mhuin na Muice!

Comórtas Róbait

Daltaí Bl.2 a dhfhreastail ar an chomórtas róbait

Bhí go maith agus ní raibh go holc nuair a bhí daltaí Bl.2 ar thuras go dtí ‘An Crompán’ ar an Cheathrú Rua i gConamara le déanaí. Bhí na daltaí ag freastal ar ‘Comórtas Róbait’ eagraithe ag Techféile agus iad in iomaíocht le róbait a bhí ag daltaí ó trí choláiste eile lonnaithe in iarthar na Gaillimhe.

Caithfidh a rá, cé nach raibh ach dhá róbat ag obair i gceart ar an lá, d’éirigh leo a bheith buacach sa chéad babhta i gCraobh Chonnachta. Cinnte, b’iontach an bua a bhí acu agus Róbat amháin ón Eachréidh sa chéad áit agus ceann eile sa tríú áit. Anois, tá dhá fhoireann cáilithe le páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann. Ar ndóigh, beimid ag súil go mbeidh na róbait ag obair i gceart sa chraobh náisiúnta!

Ros na Rún

Ar an bhealach abhaile, bhí deis ag na daltaí bualadh isteach ar seit ‘Ros na Rún’ áit gur bhuail siad le ‘Caitríona’, duine de na príomhaisteoirí a thug iad ar chamchuairt thart ar an suíomh teilifíse. Ní fios ach seans go mbeidh roinnt de na daoine óga ag obair sna meáin amach anseo?

Roghanna Praiticiúla

Anois agus daltaí ag roghnú cad gur cheart dóibh a dhéanamh agus iad ag fágáil ‘Coláiste an Eachréidh’, bhí deis ag daltaí Ardteiste agus daltaí i mBliain 5 cluas a thabhairt le héisteacht le Thomas Costello ó BOOGR (GRETB) agus é ag cur síos ar na printíseachtaí éagsúla go dtiocfadh le duine ar bith acu a roghnú. Cinnte, cur i láthair thar a bheith spéisiúil a thug léargas ar na roghanna praiticiúla atá ar fáil dóibh. (Tuilleadh eolais)

Laochra Staire 2021 aitheanta

Bronnadh na duaiseanna ar Mhuireann agus ar Rachel ag deireadh na bliana agus iad aitheanta mar bhuaiteoirí uile-Éireann 2021 i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann. Ba mhaith linn an deis seo comhghairdeas a ghabháil leo beirt arís anois. Ba é Luke O’Donnell, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhronn na teastais is na trófaithe galánta orthu um Nollaig.

Gan amhras, b’iontach an méid a bhí curtha i gcrích ag an bheirt acu agus muid thar a bheith bródúil astu nuair a fógraíodh an nuacht níos luaithe sa bhliain. (nuacht fógraithe anseo) Caithfidh a admháil go raibh an coláiste iontach bródúil as na taighdí uile déanta ag an rang agus réimse topaicí pléite agus buaiteoir náisiúnta eile aitheanta in Alíona ag SnaG. (Léigí na Taighdí anseo)