Skip to content

KATHLEEN ag dul ar scor!

Ghuigh pobal na scoile chuile ádh ar Kathleen níos luaite inniu agus í ag dul ar scor amárach. Le linn na 10 mbliana a chaith sí mar rúnaí,  chuaigh Kathleen i bhfeidhm ar phobal na scoile i gcoitinne, idir dhaltaí, thuismitheoirí, mhúinteoirí agus gach duine eile a raibh baint ar bith acu leis an gColáiste. Sna hóráidí a cloiseadh trathnóna déanadh tagairtí di mar ‘mháthair figiúr’, mar ‘chnámh droma na scoile’ mar ‘Mary Poppins na scoile’. Tar éis go mbeidh uaigneas ar gach duine sa gColáiste ina diaidh, fós féin, aithnítear gur céim áthasach í seo do Kathleen agus a clann, tar éis buíochas ó chroí a ghabháil léi, ghuigh na daltaí agus an fhoireann chuile ádh uirthi sa saol amach roimpi.