Skip to content

Laochra Staire 2021 aitheanta

Bronnadh na duaiseanna ar Mhuireann agus ar Rachel ag deireadh na bliana agus iad aitheanta mar bhuaiteoirí uile-Éireann 2021 i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann. Ba mhaith linn an deis seo comhghairdeas a ghabháil leo beirt arís anois. Ba é Luke O’Donnell, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhronn na teastais is na trófaithe galánta orthu um Nollaig.

Gan amhras, b’iontach an méid a bhí curtha i gcrích ag an bheirt acu agus muid thar a bheith bródúil astu nuair a fógraíodh an nuacht níos luaithe sa bhliain. (nuacht fógraithe anseo) Caithfidh a admháil go raibh an coláiste iontach bródúil as na taighdí uile déanta ag an rang agus réimse topaicí pléite agus buaiteoir náisiúnta eile aitheanta in Alíona ag SnaG. (Léigí na Taighdí anseo)