Skip to content

Coláiste an Eachréidh

PLEAN FEABHSÚCHÁIN Reatha

PLEAN FEABHSÚCHÁIN Reatha

 

LOGO Colaiste Eachreidh JPEG - web

 

Mar príomh-sprioc do thús na scoilbhliana 2020-2021, leagfar an bhéim ar athoscailt an Choláiste agus ath-imeascadh phobal an Choláiste tar éis na géarchéime (Covid-19). Rachfar i gcomhairle foirne, daltaí agus tuistí.

Féin Mheastóireacht Scoile

Is é is féinmheastóireacht scoile (FMS) ann ná próiseas comhoibríoch, athmhachnamhach agus cuimsitheach den athbhreithniú inmheánach scoile. Le linn FMS, beidh an príomhoide, an príomhoide tánaisteach agus na múinteoirí, faoi stiúir an bhoird bhainistíochta agus an phátrúin, agus i gcomhairle leis na tuismitheoirí agus leis na scoláirí, páirteach i bhfiosrú athmhachnamhach ar obair na scoile.

Baineann féinmheastóireacht scoile go príomha le feabhsúchán agus le forbairt scoile.

I mbliana, bunaithe ar aischothú ón gCigireachta Uile Scoile móide anailís ar na suirbhéanna a ghabh leis chomh maith le réimsí focais aitheanta ag an bhfoireann mar chuid den phróiséas FMS, is iad na beartais scoile i dtreo feabhsúcháin ná focas ar an dhá réimse (i) Eispéireas na bhfoghlaimeoirí agus (ii) Cleachtas Comhchoiteann múinteoirí

(i) Eispéiris na bhfoghlaimeoirí —déanann siad athmhachnamh ar a ndul chun cinn mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad mothúchán d’úinéireacht agus de fhreagracht as a bhfoghlaim— faigheann siad deiseanna chun na scileanna agus na dearcthaí a fhorbairt atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

RÁITIS AR CHLEACHTAS FÍORÉIFEACHTACHA- Tá siad ábalta tuairisciú ar an bpróiseas agus ar thorthaí na ngníomhaíochtaí foghlama, iad a chur i láthair agus iad a mhíniú, go leibhéal an-chumasach.

Déanann na scoláirí measúnú ar a ndul chun cinn go réalaíoch agus tá siad ábalta cur síos a thabhairt ar a láidreachtaí agus réimsí forbartha mar fhoghlaimeoirí.

Measúnú chun Foghlama McF-

Le súil go mbéifí in ann na ráitis ar chleachtais fíoréifeachtach a lua leis an gcur chuige sa Choláiste treoraítear don fhoireann teagaisc, chun tacú le McF, FÉINMHEASÚNÚ agus PIARMHEASÚNÚ go mbainfear leas as an stráiteas A.C.T. nuair atá  ‘aiseolas ó bhéil agus aiseolas scríofa a sholáthar do na scoláirí. Cuirtear an cur chuige seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, agus tá sé bunaithe ar an gcomhathbhreithniú ar obair na scoláirí.

A – Abair rud maith faoin obair bhaile

C – Cur ceist chun eolas a fháil / a fhorbairt

T – Tabhair moladh i dtreo feabhsúcháin

Chun tacú le h-eispéireas foghlama na ndaltaí tabharfaidh na múinteoirí eolas faoi na ‘topaicí’ nó réimsí foghlama do na daltaí roimh ré, ag tús na bliana.

Breacfaidh na daltaí an t-eolas seo ar leathanaigh 19-28 sa DIALANN scoile (tá na leathanigh céanna i LÁMHLEABHAR an Mhúinteora). Féach Aguisín 1

Tá spás freisin chun tógáil ar an McF, áit go dtabharfaidh an múinteoir moladh ar 2 ghné sásúil den obair chomh maith le treoir amháin chun feabhsúcháin. Anuas ar sin, tá graf ag bun gach leathanach. Líonfar marcanna ó na tástalacha ranga/scrúdaithe le tacú leis an dalta súil a choinneáil ar an dul chun cinn. Tacóidh an ‘graf’ freisin le stráitéis uimhearthachta na scoile.

(ii) Cleachtas comhchoiteann/ comhoibríoch na múinteoirí —- i gcomhar lena chéile forbraíonn siad agus cuireann siad i bhfeidhm cleachtais measúnaithe fhoirmitheacha agus shuimitheacha atá comhsheasmhach agus iontaofa —–

RÁITIS AR CHLEACHTAS FÍORÉIFEACHTACHA—— Pléann na múinteoirí leis an measúnú mar iarracht chomhoibríoch chun tacú le foghlaim na scoláirí agus chun a ngnóthachtáil a thomhas.

Tá polasaí scoile uile um measúnú forbartha ag na múinteoirí i gcomhar lena chéile atá iomchuí don churaclam agus dá scoláirí. Áiríonn an polasaí cleachtais um measúnú foirmitheach agus suimitheach. Cuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach é agus déantar athbhreithniú air i gcomhar lena chéile.

Tá cur chuige scoile uile forbartha ag na múinteoirí i gcomhar lena chéile i dtaca le haiseolas ó bhéil agus aiseolas scríofa a sholáthar do na scoláirí. Cuirtear an cur chuige seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, agus tá sé bunaithe ar an gcomhathbhreithniú ar obair na scoláirí.

Tá taifid ar mheasúnú forbartha ag na múinteoirí i gcomhar lena chéile atá soiléir, úsáideach agus éasca le léirthuiscint agus roinnt. Tugann na taifid seo pictiúr cuimsitheach de na gnóthachtálacha agus na riachtanais atá ag gach scoláire agus tógtar orthu de réir a chéile de réir mar a ghluaiseann an scoláire tríd an scoil.

  • Le súil go mbéifí in ann na ráitis ar chleachtais fíoréifeachtacha mar atá scríofa thuas a lua leis an gcur chuige sa Choláiste treoraítear don fhoireann teagaisc dul i gcomhairle leis an bpolasaí measúnachta, na leathanaigh 19-28 Dialann a líonadh agus an McF a bheith mar chroí-chleachtas sa teagasc agus foghlaim.
  • Chun tacú leis an gcleachtas comhchoiteann agus chun aghaidh a thabhairt ar mholadh na cigireachta, treoraítear don fhoireann teagaisc an Roinn Phleanáil a chur ar an suíomh SHAREPOINT ag baint úsáide as an gclár ONENOTE (Féach Aguisín 2)

 

 

Plean Gnímh do Labhairt na Gaeilge 2017

Moltaí i dtreo feabhsúcháin  

Moltaí i dtreo feabhais bunaithe ar shuirbhé “Gaelbhratacha”.

Córas fuaime sa halla a fhorbairt.- 72% míshásta leis an rogha ceoil/ 62% míshásta- fiseáin

Aitheantas don Ghaeilge labhartha-Cártaí glasa i measc an TS a bhéimniú-67% sásta. Athbhreithniú ar chóras shinsearach  “Níl siad úsáideach i gcomhair na ranganna sinsearacha… ní bhíonn muid ag baint úsáid astú go mór… B’fhéidir córas eile i gcomhair na daoine níos sine”. 

43% ar mhaith leo Gaeilge a labhairt agus a chloisteáil ar scoil. 36% – Brú ó chairde nó daltaí eile an bac is mó ann dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a úsáid.

 

Plean Gnímh TFC 

Plean Gnímh TFC 

  1. Is iad na háiseanna is mó a thugann tairbhe/tacaíocht do mhúinteoirí sa rang ná an Teilgeoir Sonraí  @100% agus an ríomhaire deisce @ 90%
  2. Is iad na deacrachtaí is mó a chruthaíonn úsáid na teicneolaíochta ná:

@ 50% è Daltaí ag baint mí úsáid eile as è Réiteach Cuntas LanSchool a bheith uasdátaithe agus seisiún traenála ann do mhúinteoirí agus córas smachta na scoile a chur i bhfeidhm nuair is gá.

@40% è Dalta gan leabhair líonra nó Taibléad uaireanta è Réiteach -córas smachta na scoile a chur i bhfeidhm,  nótaí gorm, géibheann, cártaí buí 7srl

  1. Forbairt Gairmiúil ag teastáil ó mhúinteoirí i:

@ 80% OneNote, @78% LanSchool agus @ 70% Feidhmchláir Néalríomhaireachta (cloud application è OneDrive, SITES)

  1. Uasdátú rialta don fhoireann in úsáid na teicneolaíochta.
  2. Timpeallacht Fhíorúil Foghlama SITES i bhfeidhm è SharePoint Sites mar chuid de ‘Office 365’

 

TEAGASC AGUS FOGHLAIM

Sa tríú téarma 2014 d’fhreagair daltaí agus múinteoirí ceistneoir ar líne a bhí dírithe ar an éispéireas foghlamtha. Iarradh ar na daltaí agus múinteoirí aontú nó gan aontú le ráiteas a d’fhiosraigh na rudaí a chur le, nó a bhain uaidh, an teagasc agus foghlaim. D’fhreagair 103/139 dalta an ceistneoir, 53% fireann; 47% baineann agus 15/17 múinteoir. Rinneadh suirbhé ar thuistí i Mí Iúil 2013.

Cuireadh ceistneoir chuig daltaí agus tuistí blianta 1,2, 4 & 5 i Meitheamh 2016 – déanfar comparáid idir thorthaí an cheistneora úd agus cinn na bliana 2013. Ag eascairt as sin búnófar fo-ghrúpaí foirne chun tosaíochtáí chun feabhsúcháin scoile a fhorbairt.

  • Torthaí Foghlama
  • Déanfaidh gach roinn ábhar anailís ar thorthaí scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistméireachta sa chéad téarma gach bliain.
  • Eispéiris Foghlama
  • Dúirt 90% de na daltaí go gcabhraíonn athbhreithniú /súil siar lena gcuid bhfoghlaim agus 71% a dúirt go gcabhraíonn nótaí scríofa ón gclár leo.
  • Dúirt 89% de na daltaí go gcabhraíonn ceartúcháin & aiseolas ó mhúinteoirí lena gcuid bhfoghlaim agus 84% go gcabhraíonn freagraí samplacha lena gcuid bhfoghlaim.
  • Dúirt 89% go gcabhraíonn Obair phraiticiúil lena gcuid bhfoghlaim agus 53% a dúirt go gcuireann Obair Ghrúpaí lena gcuid bhfoghlaim.
  • Luaigh 93% de thuismitheoirí go raibh an teagasc agus foghlaim go maith sa gColáiste agus 72% ag aontú leis an méid obair bhaile a thugtar.
  • D’aontaigh 68% de thuismitheoirí go gceartaítear obair bhaile go rialta.
  • Dúirt 59% de thuismitheoirí go bhfuair siad comhairle mhaith maidir le roghnú abhair agus bhí 85% sásta leis na socruithe cruinnuithe tuismitheoirí & múinteoirí.
  • Cleachtas Múinteoireachta
  • Luaigh 46% daltaí go gcruthaíonn easpa ama le nótaí a scríobh síos deacrachtaí dóibh.
  • Bhí 33% de na daltaí a dúirt go raibh scileanna staidéar de dhíth orthu.
  • Dúirt 28% de dhaltaí gur mhaith leo deis labhartha níos minice sa rang
  • Dar le 29% de dhaltaí bhí gá le athbhreithniú ar Rialacha/Treoracha ranga agus bhí 80% de mhúinteorí ag lorg soiléireachtaí sa réimse seo. Bhí 85% de thuismitheoirí sásta go raibh an smacht go maith sa scoil.
  • Luaigh 73% de mhúinteoirí go gcuireann mí-eagar/ cur chuige na ndaltaí isteach ar a gcuid múinteoireachta agus 46% de mhúinteoirí a dúirt go gcuireann an córas taifead ar iompar isteach ar an obair.

Aidhmeanna  & Tosaíochtaí Feabhsúcháin

  • Feasacht agus cumas na ndaltaí maidir le scileanna staidéir, scileanna eagrúcháin agus scileanna foghlama a fhorbairt. Déanfar seo trí fheachtas uile scoile (lá nó cuid de lá) a eagrú sa chéad téarma ag díriú isteach ar scileanna staidéir (Careers Portal). Leagfar amach clár agus iarrfar ar na hOidí Ranga, múinteoirí OSPS agus múinteoirí gairmthreoir an clár a chur i bhfeidhm. Déanfar monatóireacht i Mí Eanáir.
  • Forbairt ghairimiúil leanúnach a eagrú don fhoireann ar scileanna foghlama agus measúnú mar aon le seisiún eolais ar dhaltaí le riachtanaisí speisialta.
  • Déanfar polasaí Measúnaithe a fhorbairt
  • Bainfear úsáid as an data a bailíodh (2016) chun tosaíochtaí eile a aimsiú ar mhaithe le breis feabhsúcháin.
  • Déanfar rathúlacht an phlean um fheabhsúcháin a mheas trí cheistneoir a chur arís i gceann bliana (Meitheamh 2016) ag díriú isteach ar na tosaíochtaí reatha le súil go mbeidh céadatán níos airde ag léiriú sástacht ins na hachair éagsúla.

Mar chuid den phlean feabhsúcháin scoile sa réimse teagaisc treoraítear do chuile mhúinteoir aird a thabhairt ar an méid atá le foghlaim ó aischothú na ndaltaí ach go háirithe na stráitéisí/modheolaíochta a chabhraíonn le foghlaim na ndaltaí.

Nuair a iarradh breis tuairimí ar na daltaí bhí siad seo a leanas luaite go minic, mar sin chun cur leis an obair mhaith agus dea-chleachtais tabharfar aghaidh ar na hachair seo a leanas :-

  • An múinteoir ag caint agus mé ag tógáil nótaí – treoraítear do chuile mhúinteoir a bheith ina dtost, ag dul timpeall an tseomra ranga, nuair atá na daltaí ag tógáil nótaí.
  • Níor mhór a chinntiú go bhfuil dóthain ama tugtha chun nótaí a bhreacadh síos.
  • Níor mhór éagsúlacht sa gcur chuige a chinntiú i dtaobh na ndaltaí a bhfuil riachtanaisí foghlamtha acu (nótaí giorraithe, nótaí digiteacha &rl)
  • Níor mhór a bheith airdeallach dóthain ama a thabhairt do na daltaí. ceisteanna a chur agus deis níos minice labhairt ar an ábhar cheachta.
  • Chun deis a thabhairt le dul siar a dhéanamh tabharfar ar a laghad fógra seachtaine roimh scrúdú ar bith, scrúdaithe ranga san áireamh.
  • Tar éis míosa cuirfidh na hoidí ranga ceist ar na daltaí faoi mhéid an obair bhaile ar eagla go mbeadh sé iomarcach ar aon lá ar leith.

Athbhreithniú ar obair an choiste litearthachta 2016/17

  • Leanfar ar aghaidh leis na hEocharfhocail mar straitéis litearthachta, mar gur modh éifeachtach é seo focail nua nó focail thábhachtacha a choinneáil le chéile ar mhaithe le héascaíocht.
  • Mothaítear nach bhfuil an ‘Foclóir’ mar atá sé inúsáidte d’fhormhór na ndaltaí sa Choláiste.
  • Is léir dúinn ó bheith ag éisteacht leis na daltaí ar an gclós, sna ranganna agus  i ngnáthchumarsáid linn go mbíonn deacrachtaí ag méid suntasach Aimsirí na Gaeilge a láimhseáil. Rinneadh póstaer cuimsitheaach leis an 11 bhriathar Neamhrialta san Aimsir Chaite, AL, AF & MC. Crochfar an póstaer seo in áit fheiceálach i ngach seomra ranga. Ar aon leis sin, roghnaigh gach múinteoir briathar amháin ón 11 Neamhrialta (ceann a mbíonn ag teastáil go rialta le linn an ranga) le bheith ar phóstaer ar leith in aice leis an bpóstaer cuimsitheach.

Spriocanna an choiste 2017/2018

  • Déanfar athbhreithniú ar an ‘Foclóir’ do dhaltaí nua.
  • Déanfar plé leis namúinteoirí ranga maidir le chomh húsáideach is a mbíonn póstaeir na mbriathra.
  • Pleanáltar go mbeidh feachtas simplí curtha i bhfeidhm. Don fheachtas, díreofar ar bhriathar amháin in aghaidh na seachtaine. Do na ranganna uilig don tseachtain, beidh na múinteoirí ranga ag treisiú briathar ar leith ón 11 Neamhrialta ar feadh nóiméad ag tús an ranga. Déanfar briathar difriúil chuile sheachtain go dtí go bhfuil an 11 déanta. Don 11 seachtain, ba mhaith linn go mbeadh foirmeacha an bhriathair le feiceáil go digiteach chomh maith ar scáileán na teilifíse sa Halla Sóisearach.

Plean Uimhearthachta 2017/2018

Spriocanna

  • Tomhas na seachtaine le bheith déanta amach don bhliain le rang na h-idirbhliana ag tús na bliana (rang Mata)
  • Cártaí ‘SNAP’ atá réidh le n-úsáid a bheith ar fáil do múinteoirí chun dul siar ar codáin cóibhéiseacha.
  • Uimhirlíne agus clog le bheith i ngach seomra ranga.
  • Teimpléad le bheith i ngach seomra ranga i gcomhar an dáta.
  • Ag leanacht ar aghaidh ag tabhairt na torthaí ar ais i bhfoirm codáin.
  • Tionscnamh le déanamh leis an idirbhliain ag tomhas fad idir seomraí agus airde foirgnimh. Nasc le déanamh idir fad/luas/am idir na foirgnimh cuí.
  • Seachtain Mata-comórtais éagsúla ar siúl. (Cacaí á dhéanamh, toraíocht taisce, scrúdú Prism)
  • Cur leis na h-acmhainní uimhearthachta atá againn ar ‘Kahoot’.

2016-17 Leanúint ar aghaidh le straitéis Codáin go Céatadán

Béim ar bharrachairt
D’eirigh le 52% de na daltaí (N-88) 70% nó níos mó a fhail sa scrúdú barrachairte a cuireadh orthu sa tríú téarma 2015. Theip ar 12% dóibh siúd a thug faoin scrúdú. B’iad na laigheachtaí ba mhó ná nach raibh daltaí ag cur lipéidí ar na léaráidí agus nár tuigeadh an difríocht idir Bharrachairt agus Histegram.

  • Beidh gach dalta ag déanamh barrachairt dá chuid torthaí scrúdaithe Nollag
  • Beidh bileog eolas i nDialann na nDaltaí /Múinteoirí maidir le barrachairteacha
  • Beidh póstaeir sna seomraí ranga
  • Beidh léaráidí den difríocht idir Bharrachairt agus Histeagram iontu

SPRIOCANNA :-

(i) Go mbainfeadh trícheathrú do na daltaí marc níos airde na 70% amach

  1. ii) Go laghdófaí an ráta teipthe ó 12.5% go 0 %

2016-2017

  • Leanúint ar aghaidh le straitéis Codáin go Céatadán
  • Nascanna Uimhearthacht laistigh d’ábhair uilig a aithint

Ón aiseolais ó mhúinteoirí dúirt 64% nach raibh ach ag éireoidh go réasúnta leis an mbéim a bhí curtha ar barrachairt. Dá bhrí sin socraíodh gan leanúint ar aghaidh leis an mbarrachairt mar chur chuige uile scoile. Chun an stráitéis a mheas cuireadh é mar cheist ar pháipéar scrúdaithe Mata Bliain 1.  Socraíodh na nascanna maidir le codáin / cóimheas a aithint laistigh d’ábhair uilig agus aird a dhíriú ar seo lenár stráitéis Codáin go Céatadán a neartú.

  • Póstaeir leis na nascanna uimhearthacht a chrochadh i chuile seomra
  • Póstaeir Codáin go Céatadán a chrochadh i chuile seomra

Thug Bord Bainistíochta an Choláiste faomhadh don Phlean um Fheabhsúcháin Meitheamh 2017