Gairmthreoir

Bhí deis ag scoláirí an choláiste cluas a thabhairt le héisteacht l’iardhaltaí a bhí mar aoi-chainteoirí speisialta agus iad ar ais ar scoil le deireannas. Le fírinne, bhí cúis ar leith dóibh a bheith inár measc arís agus iad ag roinnt a gcuid saineolais agus a dtaithí mar scoláirí tríú leibhéal anois. Mar aon leis an mhéid sin, bhí aoi-chainteoir eile ó Ollscoil Luimnigh.

Past students were among some of the special guests that shared their experinces with present day pupils at Coláiste an Eachréidh. They also had the chance to listen to a special guest from University of Limerick.

Cluiche Cairdiúil

Bhí buachaillí ó bhliain 1 & 2 ag imirt peile le deireannas agus iad in aghaidh Choláiste Naomh Cillian, Cnoc Breac.

Bhí go maith is ní raibh go holc óir bhí caighdeán iontach imeartha léirithe ag na leaids ó Choláiste in Eachréidh faoi choinníollacha dúshlánacha. Sa deireadh, d’éirigh leo buachan ar scór réasúnta maith:

Coláiste an Eachréidh 2 – 8 Cnoc Breac 3 – 2

Foireann Peile : Buachaillí ó Bhliain 1 & 2 a d’imir i gcoinne ‘Cnoc Breac’
Cuid acu i lár na páirce agus iad ar an ionsaí

 

Grace – Scríbhneoir Buacach

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas a ghabháil le

Grace de Búrca a bhí buacach mar scríbhneoir óg ag an Oireachtas i mbliana agus taighde déanta aici ar a sinseanathair agus an ról a bhí aige le linn Chogadh na Saoirse.

Congratulations to Grace de Búrca on being awarded first place in the national writing competition organized by Oireachtas na Gaeilge for her research on her great grandfather, a stonemason and his part during the War of Independence.

COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR ÓG

COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhar Óg
An Chéad Duais: €200
Paddy ‘Varnish’ – Varian: Saor Cloiche & Trodaí na Saoirse Grace de Búrca, Tuaim, Co. na Gaillimhe

Oíche Shamhna

Bhí scoláirí an choláiste ag ullmhú i dtreo Oíche Shamhna a cheiliúradh agus pictiúir éagsúla maisithe ar fhuinneoga le ruaig a chur ar phúcaí. Cinnte, bhí siad thar a bheith samhlaíoch agus iad i mbun oibre. Cailligh, taibhsí, ollphéisteanna agus carachtair scanrúla eile le feiceáil.

Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Máistreas Marie a spreag daltaí sa dara bhliain tabhairt faoin mhaisiúchán speisialta seo.

Go raibh míle maith agaibh Gregory, Finn, Tori, Aisling, Keelyn, Saorla, Emily & Katlyn. Déanaigí an mhaith in aghaidh an oilc!

Thanking Máistreas Marie and second year students for preparing the coláiste for Oíche Shamhna.

Díospóireachtaí

Bhí an-obair go deo déanta ag na foirne díospóireachta idir shóisearach agus shinsearach agus iad páirteach sa chéad bhabhta an chomórtais eagraithe ag Gael Linn Déardaoin 21/10/21.

Gan amhras, ní raibh drogall ar an fhoireann shóisearach (Grace, Aoibhinn & Clíodhna) a gcuid pointí a léiriú don lucht éisteachta agus iad den tuairim gur cheart deireadh a chur le hobair bhaile do dhaltaí bunscoile agus is cinnte go ndeachaigh a gcuid pointí i bhfeidhm go mór ar na moltóirí agus iad buacach sa chomórtas.

Mar aon leis sin, bhí tuairimí láidre nochtaithe ag an fhoireann shinsearach (Adam, Bláithín & Tuán) agus iad ag léiriú a dtuairimí fá na meáin shóisialta, iad den bharúil nach bhfuil drochthionchar acu ar dhaoine ach droch -úsáid bainte astu.

Caithfidh a rá go bhfuil Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil astu uilig as a bheith páirteach agus is cinnte go bhfuair siad ar fad taithí nach beag as an eispéireas. Treislímís a ndíograis leo agus gabhtar buíochas speisialta leis na múinteoirí, Nóra agus Máirín, a thug cabhair iontach, treoir soiléir agus tacaíocht den scoth do na scoláirí uile.

Comhghairdeas speisialta le gabháil leis an fhoireann shóisearach (Grace, Aoibhinn & Clíodhna) agus iad anois cáilithe le dul ar aghaidh sa chomórtas. Go n-éirí libh.

Congratulations to Coláiste an Eachréidh’s  Junior and Senior debating teams that recently participated in Gael-Linn’s national debating competitionA special word of thanks to múinteoirí Nóra & Máirín for all their hard work in preparing the debating teams. Best of luck to (Grace, Aoibhinn & Clíodhna) that have qualified to go ahead in the debating competition. Beirigí Bua

Comhoibriú Cairdiúil

Bhí comhoibriú iontach idir lucht na hidirbhliana agus na scoláirí is óige sa choláiste agus iad tagtha le chéile le bheith páirteach in imeacht speisialta ina raibh Tráth na gCeist acu agus sólaistí milse curtha ar fáil dóibh. Is cosúil gur bhaineadar ar fad sult is taitneamh as.

Great cooperation between first years and transtion year students as they recently came together taking part in a friendly quiz.

National Award for Tech Group

Comhghairdeas le daltaí TechSpace an Choláiste agus Múinteoir Bairbre as an nGradam Náisiúnta a bhaint amach.

Coláiste students win ‘Best Organisiation’ at the TechSpace National Awards Ceremony, pictured with Jack Chambers, Minister of State Tourism-Culture-Arts-Gaeltacht-Sports-Media.

Inniu, in Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sheol Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., Gradaim TechFéile 2021 chomh maith le Dialann Scoile 2021.

Is ócáid bhliantúil í TechFéile atá ar an mbóthar le roinnt blianta anois agus atá mar chuid lárnach den Chlár TechSpace. Is í an ócáid theicneolaíocht Gaeilge is mó in Éirinn a thugann deis don aois óg a bheith cruthaitheach agus ealaíonta. I mbliana den chéad uair riamh, tugadh an ócáid ar líne. Rinne an tAire Stáit Chambers comhghairdeas inniu le gach duine ar éirí leo gradaim a bhaint amach i gcomórtas 2021 ach go mór mór leis na príomhghradaim do Tech Féile 2021:-

  • Teagascóir na Bliana – Emer Ní Éafa – Coláiste Ghlór na Mara, Baile Átha Cliath
  • TechSpácóir na Bliana – Sibéal Ní Ógáin – Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Eagraíocht na Bliana – Coláiste an Eachréidh, Gaillimh

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach aon duine a ghlac páirt i Tech Féile na bliana seo, 2021. Ócáid a bhí dúshlánach agus í á tabhairt ar line den chéad uair. Tréaslaím leis na buaiteoirí go léir, a thug gradaim leo. Tugann na duaiseanna seo aitheantas don sárobair atá ar bun ag an aos óg agus ag an eagraíocht i saol digiteach na Gaeilge, ag cur chun cinn na teanga sa teicneolaíocht digiteach nua-aoise. Léiríonn sé seo an tuiscint shoiléir atá acu siúd a ghlac páirt sa bhFéile ar an luach a bhaineann lenár dteanga dhúchais féin.”

Tuilleadh eolais ag an nasc seo

https://eur01.safelinks.protection.outlook.com/?url=https%3A%2F%2Fwww.gov.ie%2Fga%2Fpreasraitis%2F779a6-gradaim-techfeile-2021-agus-dialann-scoile-2021-a-sheoladh-ag-an-taire-stait-jack-chambers-td%2F&data=04%7C01%7Cbrian.omaoilchiarain%40gretb.ie%7C0ade798a784a4aa16b3508d98b5b4869%7C541b45936a794d138b417b161468f8b7%7C0%7C0%7C637694046438708709%7CUnknown%7CTWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0%3D%7C1000&sdata=x%2BVCxT1KDLQVDfjFL33lB8ImDkYQvy3y7SwERymIEJo%3D&reserved=0

Clódóir Fíor-Speisialta mar dhuais

Comhghairdeas Danielle -Tailteann Games

Danielle Fitzpatrick justified her selection on the Connacht Schools Team for the historic Tailteann Games Interprovincial Schools match in Santry last month. She followed up her top 4 finish in the All Ireland U16 2km walk with a top 5 finish in Santry over the longer distance of 3km in 17.14.31, a new Tuam AC club record & a big PB. Danielle showed her versatility with a 10th place finish in the discus.

Danielle sa rás siúl

Excellent Results again!

Congratulations to the Leaving Cert class of 2021, half of whom attained in excess of 500 CAO points, pictured are Eoin, Sorcha and Darragh who each received maximum points 625! We wish all the class the very best in the years ahead.

Comhghairdeas le daltaí na hArdteiste as a gcuid torthaí iontacha!! Guím chuile ádh orthu sna blainta amach rompu agus gabhaim buíochas leo as a gcuid comhoibrithe le 6 bliana anuas.