Eolaí Óg BT-Go n-eirí leat Adam, BT Young Scientist Good luck!

Go n-eirí go geal leat inniu Adam, i gcomórtas an BT Eolaí Óg, leis an aip, ARC, atá forbartha agat.

All at the Coláiste wish Adam the best of luck today as we await the results of the BT Young Scientist competition. Adam has developed a Digital Diary App, ARC, which, irrespective of the competition outcome, is a winner in our minds. Adam was to be heard yesterday on Raidio na Gaeltachta and Raidio na Life.

ARC is a digital journal for smartphone, tablet, agus computer. The app is beneficial to those with motor disabilities who would struggle with writing in physical journal, as they can simply type or use touchscreen, and can also benefit those who suffer from anxiety or are prone to stress. The app is unlike anything currently on the market, and has many advantages over  handwritten journals or that other digital forms of diary-keeping don’t have. Everything is sorted and organised for you automatically, you can look through old diary entries without any hassle, you can give each day a rating out of five stars, you can customize how the app looks and many other ease of life features. 

Gradaim Bronnta – Nollaig ’21

Gradaim ar son na Gaeilge, obair den scoth agus tréithe ceannaireachta

Tháinig scoláirí le chéile i ngrúpaí ranga le ceiliúradh Gaisce na Nollag ’21 a chomóradh agus aitheantas ar leith tugtha ar son na Gaeilge, obair leanúnach a bhíonn idir lámha ag daltaí idir obair ranga agus obair bhaile agus do scoláirí éagsúla a léirigh tréithe ceannaireachta ar scoil. Beidh a thuilleadh nuachta faoi na teastais uile san athbhliain.

Last day at school 2021, awards presented to students for leadership skills, schoolwork and promoting Gaeilge during Gaisce na Nollag ’21. More details about this in ’22!

Bígí ‘Glas’ um Nollaig

Nuachtlitir Glas: Nollaig 2021

Tús Maith Leath na hOibre!

Ba mhaith liom, ar son  Ambasadóirí Uisce, an Coiste Glas agus Coláiste an Eachréidh, fáilte a chur romhaibh ár ‘Nuachtlitir Glas’ a léamh! Leis an nuachtlitir digiteach seo, ba mhaith linn eolas cruinn agus cabhrach a roinnt le pobal na scoile faoi réimse leathan topaicí, obair idir lámha ag an coiste, na himeachtaí atá ar siúl againn agus faoi athrú aeráide. Tá súil againn nuachtlitir a chur amach go rialta, le topaicí éagsúla a phlé.

Ar an ábhar go bhfuil an Nollaig ag teacht aníos go gairid, tá na haltanna go léir san eagrán seo ag baint le conas a bheith ‘glas’ i rith an ama. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as agus Nollaig Shona! Grace T  

Siopadóireacht Eolach an Nollaig Seo

I mbliana, agus daoine ag labhairt faoi COP26 le déanaí, tá cuid mhaith againn ag smaoineamh ar conas gur féidir linn a bheith níos inbhuanaithe i rith na Nollag agus aire a thabhairt don timpeallacht nuair a dhéanaimid ár gcuid siopadóireachta Nollag.

Mar sin, conas gur féidir linn bronntanais inbhuanaithe a roghnú?

  1. Déan do chuid siopadóireacht go háitúil –  is rud simplí é seo nach mbíonn a lán daoine ag smaoineamh faoi. In ionad rud a cheannach ó ‘Amazon’ is féidir ceist a chur ort féin ‘an féidir liom é seo a fháil sa baile? Laghdaíonn seo do chuid míle taisteal agus do lorg charbóin. Ní féidir le duine amháin athrú mór a dhéanamh ach má thagann daoine le chéile is féidir éifeacht dhearfach mhór a bheith ann.
  1. Tabhair turas lae nó ballraíocht – Déan laghdú ar  an éileamh atá ar acmhainní fisiciúla trí turas lae nó ballraíocht a thabhairt do ghaolta in ionad rud fisiciúil – mar shampla is féidir ballraíocht a fháil don giom.

3. Smaoinigh, cad as atá sé déanta? – Tuigimid anois nach bhfuil plaisteach go maith don timpeallacht ach cad gur féidir a cheanneach nach bhfuil plaisteach ann? Coinnigh súil amach le haghaidh rudaí atá déanta as ábhar athchúrsáilte nó ábhar a bhriseann síos go héasca mar shampla earraí déanta as adhmad. Má tá tú ag ceannach éadaí fan amach ó shiopaí cosúil le Penneys.

Ná déan dearmad go bhfuil sé ceart go leor neamhaird a dhéanamh ar an gcomhairle seo muna bhfuil aon rogha eile agat ach ba cheart duit smaoineamh ar na rudaí seo sula ndéanann tú cinneadh.

Ní thagann an Nollaig ach uair amháin sa bhliain ach ba cheart an comhairle seo a úsáid i rith na bliana chomh maith ag déanamh siopadóireachta duit féin, do bhreithlá srl. Aisling

Diúscairt Dramhaíola um Nollaig

Agus mí na Nollag linn anois, táim cinnte go bhfuil daoine ag tnúth leis. Ach táim cinnte freisin go bhfuil deifir agus imní ar dhaoine bronntanais a cheannach ag an nóiméad deireanach, litreacha a scríobh chuig Daidí na Nollag, agus a leithéid. 

Mar a dúirt Aisling, is rud rí-thábhachtach é chun a chinntiú go bhfuil tú i do thomhaltóir eolach an t-am ar fad, ach go háirithe leis an líon mór bronntanais, cártaí, bia srl. a bhíonn á cheannach ag daoine don Nollaig.

Ach tá sé chomh tábhachtach céanna chun a chinntiú go bhfuil daoine ag fáil réidh leis an bhruscar ar bhealach chomh inbhuanaithe is gur féidir freisin.

B’fhéidir go bhfuil an cineál bruscair is uathúil don Nollaig ná páipéar beartáin.  Uaireanta bíonn carn den páipéar seo ar urlár an tseomra suite maidin na Nollag.  Is olc an rud é nach féidir páipéar beartán a athchúrsáil i ngach áit, más ghnáth-pháipéar beartáin atá ann, gan gealra nó scragall.

Ar ndóigh, tá roghanna eile ann seachas páipéar beartáin chun clúdach a chur ar bhronntanais:

  • Páipéar gur féidir a athchúrsáil i do cheantar, mar shampla; páipéar donn, nó páipéar nuachtáin.
  • Málaí in-athúsáidithe, gur féidir úsáid le haghaidh bronntanais eile sa todhchaí.
  • Boscaí ó tháirgí eile a athúsáid.
  • Páipéar beartáin gur úsáid tú cheana, nó go bhfuair tú as bronntanais a tugadh duit a athchúrsáil, agus a athúsáid arís.

Is tábhachtach an rud é iarracht a dhéanamh gach cineál téipe & an plaisteach a bhaint as an bpáipéar sula gcuirtear é sa bhosca bhruscair. 

Is iomaí cineál téipe atá ann.  Na cinn is coitianta ná Sellotape, Scotch Tape is a leithéid.  Ní féidir iad seo a athchúrsáil.  Mar aon leis an bpáipéar beartáin, tá roghanna níos éiceabhaí ann:

  • Téip atá déanta as páipéar gur féidir a athchúrsáil.
  • Is féidir le téip atá déanta as ceallalós amháin a mhúirínigh.

I ndáiríre, is fearr an téip a sheachaint ar fad, ach i gcásanna ina dteastaíonn téip go hiomlán, tá téip cheallalóis ar cheann de na roghanna is neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Is am fíor-ghnóthach é an Nollaig do go leor daoine, ach caithfimid iarracht a dhéanamh chun an bruscar atá againn a chur sna boscaí bruscair cearta. Cinnte is féidir linn ar fad cabhrú leis an timpeallacht i rith na bliana. Grace B

Athúsaid do bhia an Nollaig seo! 

Dinnéar na Nollag! Is é an Nollaig ocáid an-speisialta le haghaidh go leor daoine ar fud an domhain. Tá a fhios againn go léir go n-itheann a lán daoine go leor bia le linn na Nollag, Ach an ceann is coitianta ná turcaí agus liamhás.

  1. An bhfuil saille fágtha ó do thurcaí?

Nuair atá saille fágtha ó do turcaí ná doirt é síos an doirteal! Anois tá sibh ag smaoineamh céard a dhéanfaidh tú leis?

Smaoinigh faoi an ‘Think Before you Pour’ feachtas. Tá an nasc ag bun an leathanaigh leis na nascanna eile luaite ag mo chairde. Tháinig an feachtas ‘Think Before you Pour’ ón bhfeachtas ‘Think before you flush’. Ní bheidh mé ag plé ‘Think Before you Flush’ anseo ach má tá suim agat ann tá an nasc thíosluaite agus b’fheidir go mbeidh an t-ábhar á phlé in nuachtlitir eile.

Fadhb: beidh an saille ag blocáil na píobaí, déanann sé damáiste don timpeallacht agus don gcóras uisce.

Réiteach: -Má tá tú ag iarraidh é a úsáid: úsáid an saille chun prátaí rósta a ullmhú.

 Moladh eile: Bain úsáid as pota nó bosca de shaghas éigin chun an saille a chur isteach ann, fág ar leathtaobh é go dtí go dtosaíonn an saille ag éirí beagainín crua agus ní bhíonn sé mar leacht. Ansin nuair atá sé tirim go leor is féidir é a chur sa bhosca bruscair. Ná cuir é i do bhosca bruscair nuair atá sé mar leacht, mar tá sé an-inadhainte

2.    An bhfuil uisce fágtha agat gur úsáid tú chun do glasraí a chocaireáil?

Ná doirt é síos an doirteal! Mar a dúirt mé cheana ‘Think Before you Pour’.

Fadhb: Nuair atá tú ag cocaireacht bíonn uisce fiuchta mar gheall ar do chuid glasraí

agus níl a fhios agat céard ba cheart a dhéanamh leis.

Réiteach: Úsáid é le haghaidh do súlach(gravy) , déanann sé an blas níos deise, freisin tá tú ag ath-úsáid an uisce! Ní bheidh blas dona ar do bhéile mar tá súlach déanta agat anois.

-Úsáid é in anraith, bíonn go leor daoine ag ithe anraithe chun a bheith níos teo sa Gheimhreadh agus is modh é chun an blas a dhéanamh níos deise ná an t-uisce ó do glasraí a úsáid.

3.    An mbíonn fúilleadh bia i do theach um Nollaig?

       Fadhb: Cuireann sibh an iomarca bia síos agus ní itheann gach duine an bia go léir.

Réiteach: Labhair le gach duine faoin mbia atá tú chun a chocaireáil agus déan cinnte go bhfuil gach duine sásta leis an mbia agus ní bheidh cuid fágtha

-Ná cuir bia síos muna bhfuil ocras ar dhaoine. Muna bhfuil ocras orthu níl siad chun an méid céanna bia a ithe. Tá súil agam gur thaitin mo chuid tuairimí libh agus go bhfuil sibh in ann an méid fúilleach bia atá agatsa i do theach a laghdú gach Nollaig. Laura

Comórtas Póstaeir & Físe Uisce 2022

Tá comórtas póstaer agus físe faoin téama uisce 2022 ar siúl ag Green Schools Ireland faoi láthair, agus is féidir cur isteach sa chomórtas in ainm na scoile. Is í an téama ná screamhuisce (groundwater). Is foinse uisce thar a bheith tábhachtach agus suimiúil é screamhuisce agus caithfear é a chosaint ó thruailliú. Is féidir níos mó a léamh faoi screamhuisce, agus eolas faoin comórtas a fháil,  ar suíomh idirlíne Green Schools Ireland atá nasctha anseo.

Nascanna

Seo é an nasc le haghaidh ‘Think before you flush’

Seo é an nasc le haghaidh ‘Think before

Bhur dTuairimí

 Tá muid oscailte do bhur dtuairimí faoin nuachtlitir a chloisteáil, ionas gur féidir linn é a fheabhsú. Freisin má tá aon moltaí, faoin nuachtlitir go ginearálta nó aon topaic gur mhaith leat go gclúdóidh muid sa todhchaí, is féidir leat iad a sheoladh chugainn leis an google form nasctha anseo

Seachtain LADT+

Tháinig scoláirí, múinteoirí agus pobal uile an choláiste le chéile le Seachtain LADT+ a cheiliúradh agus sraith imeachtaí eagraithe acu idir 13 – 17 Nollaig. Bhí go leor plé déanta i ranganna ar éagsúlacht agus cearta LADT+, díolachán cístí, comórtas postaeir, bhí bráisléid ildaite déanta agus tháinig an scoil ar fad le chéile le tuar ceatha LADT+ a chruthú agus lá gan éide scoile eagraithe chun tacú le Pieta House.

Féach thíos cuid den obair idir lámha le bráisléid a chruthú:

Aonach na Nollag ’21

Lucht tacaíochta Dhaidí na Nollag a bhí i mbun oibre le deireannas

Bhí idir bheag agus mór ag Margadh na Nollag i mbliana agus chreid cách gurbh fhiú go mór a bheith ann. Bhí réimse breá bronntanais curtha ar fáil agus seastáin éagsúla ag mic léinn na hidirbhliana. Cinnte ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Máistreas Áine, Máistreas Gearóidín, Máistir James agus Seán Ó Mainnín an Príomhoide Tánaisteach as ucht a dtacaíocht. Is fiú breathnú ar an aonach anseo.

Coláiste an Eachréidh would like to congratulate the transition years students in organizing a very successful Margadh na Nollag/ Christmas market in the school. Not only did they enjoy the experience but they also made a few euro as a result of their efforts.! Have a look here.

Cén treo anois?

Roghanna, roghanna?

Níl aon amhras ach go mbíonn sé deacair ar dhaltaí meánscoile rogha a dhéanamh fán treo gur chóir dóibh gabháil tar éis dóibh críochnú sa choláiste linn.

Gabhaimís ár mbuíochas le Máistreas Máirín atá ag tacú go mór le daltaí sinsearacha maidir leis na roghanna éagsúla os a gcomhair. Ar na mallaibh, bhí cuairteoirí eile istigh ó choláistí tríú leibhéal, ina measc bhí aoi-chainteoirí ó Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne agus ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cinnte, bhí deis acu rogha na n-ábhair éagsúla a phlé, cuireadh iad ar an eolas maidir le riachtanais iontrála ar chúrsaí ar leith agus tugadh le fios go mbeadh deis ag roinnt scoláirí scoláireachtaí a fháil.

Thanking Máistreas Máirín for continuing to organize guest speakers from third level Colleges to help our senior students decide where they might go next. They recently had guest speakers from NUIG and Technological University of the Shannon: Midlands Midwest. They outlined the various courses available, entrance requirements and scholarship awards. Certainly, our students will be all the better informed when making their choices for the future.

Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá a d’eagraigh ceardlanna sa choláiste

Bhí ceardlanna speisialta eagraithe ag Raidió Rí-Rá ar na mallaibh le daltaí Idirbhliana agus ó Bhliain 2. Cinnte bhí scileanna cumarsáide den scoth foghlamtha ag scoláirí an choláiste agus iad ag tabhairt faoi chláracha raidió a chur le chéile. Ar ndóigh, bhí orthu pleananna a dhréachtadh leis an obair seo a dhéanamh, agallaimh a eagrú, clár a chur i láthair agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu. Ní fios ach seans go mbeidh cuid de na daltaí seo ag obair sna meáin chumarsáide amach anseo.

Transition Year and Second year students recently benefited from workshops organized by Raidió Rí-Rá. Indeed, not only did they enjoy the experience but they also learnt a wide range of skills in presenting a radio programme.

Ríomhairí & Folláine

Na Buachaillí a dhear Clár Ríomhaireachta agus Folláine mar phríomhchuspóir acu

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh an deis seo a ghlacadh comhghairdeas a ghabháil le Culann, Conor agus Adam as ucht a mbua le Techspace agus clár ríomhaireachta den scoth deartha acu agus cúrsaí folláine mar phríomhchuspóir acu. De bharr a gcuid iarrachtaí tá trealamh speisialta bronnta ar club ríomhaireachta na scoile. Míle buíochas le Máistreas Bairbre a spreag na leaids gabháil i mbun oibre. Nár laga Dia bhur lámha!

Congratulations to Culann, Conor and Adam for winning a special award from Techspace as they designed a computer programme to promote wellbeing. As a result of their efforts the computer club in the school will have more computer equipment to work with. A special word of thanks to Máistreas Bairbre that encouraged the lads in their work. Maith sibh!

Scléip 2021

Slua ceoil a bhí rannpháirteach i Scléip 2021

Bhí lá iontach ag na hiomaitheoirí ó Bliain 2 agus 3 ón choláiste a bhí rannpháirteach i Scléip Gael-Linn agus iad in iomaíocht i mBabhta Cúige Chonnnachta Dé Máirt 23 Samhain. Sheinn Aisling ‘Somewhere Over the Rainbow’ ar an bpianó. Chan Kaceyleigh ‘Amhrán na gCupáin’. Bhí banna ceoil curtha le chéile ag daltaí ó Bliain 2 ‘Saoirse’ agus iad i mbun ceolchasaidh álainn de ‘Amhrán Gheimhridh’, gach duine acu ag seinm uirlisí agus ag canadh freisin. Is iad na baill de ‘Saoirse’ ná: Alyssa, Alannah, Sadhb agus Emer. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt, ach le Katelyn go háirithe a tháinig sa chéad áit ina rannóg féin sa chomórtas agus í ag seinm ‘Shallow’ ar an veidhlín. Gabhaimís buíochas speisialta le Máistreas Anne Marie a spreag agus a thacaigh leis na daltaí páirt a ghlacadh. Guímís gach rath ar Katelyn i gCraobh na hÉireann agus muid ag súil go mór go n-éireoidh léi an bua a thabhairt léi i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra! 

Congratulations to all of the participants that took part in the Connaught Finals of Scléip 2021. A special word of thanks to Máistreas Anne Marie that encouraged and facilitated the students taking part. Maith sibh Aisling, Kaceyleigh, Alyssa, Alannah, Sadhb, Emer & Katelyn.

A special bualadh bos goes out to Katelyn who qualified for the all-Ireland finals. We wish her all the best in February 2022. Lets hope she’s crowned all-Ireland champion in Baile Átha Cliath. Beir Bua!

Ealaíontóirí ar Thuras

Sa Pháirc

Bhí deis ag ealaíontóirí sinsearacha ó rang na hArdteiste dul ar thuras go Baile Átha Cliath le deireanas agus cuairt a thabhairt ar ‘Dánlann Náisiúnta na hÉireann’. Ní fios ach seans go mbeidh saothar dá gcuid le feiceáil ann sna blianta amach romhainn.

Leaving cert. art students recently had the chance to visit the National Art Gallery in Dublin.

Ar an bhealach suas, ag teacht anuas nó ag ligint a scíth!