Taighdí Staire Aitheanta

Guímid gach rath orthu anois!
Comhghairdeas le Muireann & Rachel. Beirt a bhain éacht amach ina gcuid scríbhneoireachta … iad ar ghearrliosta na mbuaiteoirí de bharr a dtaighdí staire.

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil le Muireann agus Rachel agus éacht bainte amach acu le bheith ainmnithe i gcraobh comórtas staire. Tá deichniúr ainmnithear ar an ghearrliosta go náisiúnta agus beirt i gColáiste an Eachréidh! Aistí i mBéarla agus i nGaeilge!

Coláiste an Eachréidh congratulates two of their students Muireann & Rachel who were short-listed and are among 10 finalists in the Irish National History Competition.

Go n-éirí go geal leo sa chraobh!

image.png
Comórtas Staire na hÉireann

Teicniúil agus Folláin

Conor, Culann agus Adam, ceannródaithe an togra – Teicniúil & Folláin

Go minic, bíonn muid ag smaointiú nach bhfuil daoine teicniúla ró-thógtha le cúrsaí sláinte. Caithfidh a rá, áfach, gur bhain daltaí idirbhliana leas as a scileanna teicniúla agus iad airdeallach ar chúrsaí folláine nuair a thug siad faoin togra speisialta seo níos luaithe i mbliana.

Le linn na dianghlasála, bhí sé tugtha fá deara acu gur chóir béim a chur ar chúrsaí sláinte agus iad sa bhaile, rud a bhí mar dhúshlán ag pobal uile na scoile. I ndiaidh dóibh freastal ar cheardlanna teicniúla le Techspace, thapaigh siad an deis dul i mbun togra teicniúil a chuideodh go mór le tacú le gach duine aire a thabhairt dá sláinte féin.

Mar chuid den tionscadal teicniúil seo, d’úsáid siad ‘MICROBIT’ agus dhear siad clár simplí le daltaí agus múinteoirí a spreagadh líon áirithe coiscéimeanna a ghlacadh idir ranganna. Ar an ábhar go raibh 10 nóiméad saor idir na ranganna ar líne, bhí aláram le cloisteáil ar mhaithe le cur i gcuimhne do dhaoine go raibh sé in am gluaiseachta. Cinnte, bhí sé leagtha amach go dtiocfadh le gach duine a spriocanna pearsanta a chur rompu agus líon coischéimeanna a roghnú dóibh féin san am a bhí ar fáil.

Caithfidh a rá go raibh sé thar a bheith cliste an cur chuige a bhí leis an togra áirithe seo. Cé go raibh rud simplí i gceist, bhí neart oibre le cur i gcrích ag na daltaí chun an clár a dhearadh i gceart. Bhí an clár deartha agus é ag cloí le clárama na scoile agus an t-aláram le cloisteáil ag an am chuí.  Ní hamháin sin, ach úsáideadh an MICROBIT ar dhóigh thar a bheith éifeachtach agus aghaidh bhrónachaghaidh sásta léirithe i soilse an MICROBIT féin le duine a choinneáil dírithe ar a spriocanna féin a bhí le comhlíonadh taobh istigh den deich nóiméad.

Caithfidh a rá gur úsáid na daltaí a scileanna códála go héifeachtach agus a leithéid deartha acu. Ba mhaith linn creidmheas speisialta a ghabháil le Conor, Culann agus Adam a bhí mar cheannródaithe ar an togra seo. Gabhaimid ár mbuíochas le Techspace a thug urraíocht don scoil ‘MICROBIT’ a cheannach do gach dalta san idirbhliain. Buíochas speisialta do Mháistreas Bairbre a spreag na daltaí dul i mbun oibre agus a choinnigh fócas ar an tionscadal ina iomlán.

Technical and Healthy, a special programme created by Transition Year students ‘Doing their Bit’. After a series of workshops with Techspace, transition year students Conor, Culann and Adam masterminded a programme to promote healthy living during the 10 minute breaks in classes during ‘lock-down’. A special word of thanks to Techspace for the sponsorship for the Microbits for transition year students and to Máistreas Bairbre who encouraged and supported the project throughout.

Is fiú breathnú ar an ghearrfhíseán anseo / It’s worthwhile looking at this short video here

Rosemary Nic an Bhaird MOLSCÉAL

Click HERE to hear Rosemary speak about traveller culture and much more.

Le déanaí, déanadh ceiliúradh ar Lá Eithneacha Lucht Siúil na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Labhair Rosemary Nic An Bháird, ó Bhaile Átha an Rí le Molscéal faoi thábhacht Lá Eithneacha an Lucht Siúil a cheiliúradh, agus tábhacht Ionad Rochtana OÉ Gaillimh, chomh maith leis na tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil.

Rosemary Nic an Bhaird, 3rd year pupil, speaks to Molscéal about traveller culture, inclusion and supports at NUIG and much more. Rosemary follows in the proud footsteps of her father Owen who has done trojan work for the Irish Traveller Community in NUIG, where he is is a programme coordinator in the NUI Galway Access Centre and last year was elected to the university’s governing authority, Údarás na hOllscoile. Read more

https://www.molsceal.ie/nua/alt/?CID=6240713935001

 

 

 

 

 

http://www.nuigalway.ie/media/equality/files/Equality,-Diversity-and-Inclusion-Strategy-2020-2025.pdf

Bua na Teicneolaíochta sa Choláiste

Clár Techspace curtha i bhfeidhm sa scoil ó 2016 – Féach ar an Fhíseán

Is iontach an fhorbairt atá déanta i gcúrsaí teicneolaíochta i gColáiste an Eachréidh thar na blianta. Feictear go bhfuil ceannródaíocht léirithe ag an scoil agus na háiseanna is nua-aimseartha in úsáid ar son leasa an oideachais le blianta beaga anuas.

Is cosúil go bhfuil sé léirithe gur féidir lenár scoláirí a bheith mar mháistrí ar an teicneolaíocht úrnua agus ní mar sclábhaithe aici. Mar chruthúnas ar seo, tá buanna éagsúla iontacha bainte amach ag ár scoláirí ar bhun náisiúnta le deireannas. Feictear gurbh é an t-aon teorann atá orthu ná a samhlaíocht féin ach é léirithe go héifeachtach go bhfuil bua na samhlaíochta go smior acu.

Ar mhaithe le tacú leis an dul chun cinn suntasach atá déanta sa scoil, tá múinteoirí is scoláirí an choláiste ag obair faoi Chlár Techspace ó 2016. Lena thuilleadh eolais, is fiú breathnú ar an fhíseán ghearr seo. Féach anseo

Coláiste an Eachréidh has proved itself to be at the forefront of using technology in education. This has been enhanced by the school’s involvement in the Techspace Programme for Schools since 2016. Achievements of the school have already gained national acclaim in several projects. This short video has been produced by Techspace Media and highlights the technical advances made by the school in recent years. Link to video

Ceannródaithe an Choláiste i lár an aonaigh ag Techspace

Bua Náisiúnta

An-éifeachtach mar íomhá – is iomaí rud gur féidir a léamh aisti

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas a ghabháil le Abaigh, Bl. 2 as ucht a bua iontach a bhí fógraithe sa nuachtán náisiúnta Irish Independent Dé hAoine 12 Márta le deireannas. Cinnte, foilsíodh torthaí an chomórtais i bhforlíonadh speisialta ‘The People’s Flag’ ar an lá agus saothar Abaigh le feiceáil go soiléir istigh.

Bua náisiúnta – an chéad áit agus íomhá iontach cruthaithe aici mar chomóradh ar bhratach náisiúnta na tíre. Bua den scoth gan amhras agus níos mó iarratas istigh sa chomórtas i mbliana na riamh. Tagann an bua iontach seo ag am tráthúil agus pobal na cruinne ag ceiliúradh buanna na nGael ar fud an domhain.

Caithfidh a rá go raibh na moltóirí thar a bheith tógtha leis an dearcadh nochtaithe agus léirithe go héifeachtach ag Abaigh agus go ndeachaigh léargas comhaimseartha s’aicise go mór i bhfeidhm orthu.

Bhí an méid seo le rá ag Abaigh faoina saothar féin:

Tá iarracht déanta agam sa phíosa ealaíne seo díriú ar dhearcadh dhuine óig i dtaobh Bhratach na hÉireann. Uaireanta, bíonn an glúin óg faoi léigear ag tuairimí gruama mórthimpeall orthu ach tá mé den tuairim gur féidir linn dóchas léamh i mBratach na hÉireann don todhchaí. Go laethúil éiríonn daoine óga níos tuisceanaí faoina bhfreagrachtaí agus faoina ndúshláin atá le comhlíonadh acu mar shaoránaigh. Tá iarracht á dhéanamh agam sa phictiúr seo a chur i gcuimhne do dhaoine go bhfuilimid uile ar chomhchéim, rannpháirteach is nasctha le chéile. Molaim go ndéanaimid ar fad ár seacht ndícheall meas a léiriú dá chéile agus dár gcomhshaoil chomh maith.

Tugadh aitheantas do chuid de na saothair eile a bhí rannpháirteach sa chomórtas chomh maith a tháinig ó dhaltaí Bl. 1 ina measc Éamonn, Jonathan agus dán cumtha ag Stephen (léigh anseo).

 

Congratulations to all the participants from Coláiste an Eachréidh that took part in the various competitions organized by the Thomas F. Meagher Foundation in commemoration of our national flag. A special congratulations goes out to Abaigh Bl.2 who was awarded overall national first prize winner for her artwork for her contempory interpretation of the meaning of the Irish Flag. Her picture has already been published in The People’s Flag supplement in the Irish Independent 12/3/21.

Ceannairí Óga

Ceannródaithe agus fios an bhealaigh acu

Níl aon amhras ach go bhfuil tréithe ceannaireachta ag go leor daltaí agus gur iomaí ceannaire atá againn i gColáiste an Eachréidh. Tá obair cheannródaíochta idir lámha ag scoláirí an choláiste i rith an ama ach díreach roimh Nollaig 2020, bhí deis ag an scoil aitheantas speisialta a thabhairt do roinnt ceannairí agus na tréithe ceannaireachta aitheanta ag na múinteoirí uile.

Mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce na Nollag ’20, bronnadh gradaim agus tugadh aitheantas do dhaltaí eiseamláireacha i dtaobh na ceannaireachta. Leanaigí oraibh agus Comhghairdeas libh.

 Leadership Awards were presented to a number students at Ceiliúradh Gaisce na Nollag 2020. These, of course, are just some of our students that demonstrate leadership qualities in their dealings with staff and fellow pupils. Táimid thar a bheith bródúil asaibh ar fad!

Art – Prizewinner

 

Comhghairdeas Abaigh!! Congrats to Abaigh, Bliain 2 – her Artwork features in the 12-15 category in the RTE sponsored competition.

My artwork represents the darkness that comes before the light.
As a COVID vaccine is being rolled out, I see a new dawn on the horizon with the end to the lockdowns and all our lives being on hold. My little boat is moored and ready to depart, carrying me forward on my journey through life.

THIS IS ART! is an exciting new, young people’s art competition brought to you by RTÉ and the Creative Ireland Programme – We’ve travelled far and wide to document some of Ireland’s most talented and inspirational young people who love to express their creativity through their art.

 

Scléip 2021

Bhí go leor scoláirí ó Choláiste an Eachrédih páirteach sa chomórtas seo arís i mbliana

Bhí neart scoláirí ón Choláiste rannpháirteach i ‘Scléip’ arís i mbliana. Ghlac réimse leathan ceoltóirí agus amhránaithe idir shóisear agus sinsear páirt sa chomórtas seo eagraithe ag Gael-Linn.

Le fírinne, caithfidh a rá go bhfuil an oiread sin daltaí sa choláiste ag a bhfuil bua an cheoil acu. Sin ráite, bhí dúshlán breise le comhlíonadh acu i mbliana agus taifead le déanamh lena gcuid talainne a léiriú. Craoladh an comórtas ar líne.

Ar ndóigh, gabhtar buíochas speisialta le Máistreas Anne Marie a spreag na scoláirí a bheith páirteach agus í ag tacú leo.

Ní hamháin go raibh spraoi ag na rannpháirtithe uilig ach bhí bua iontach ag Raphi agus í anois cáilithe don bhabhta ceannais 2021. Chas Raphi leagan Gaeilge den amhrán clúiteach ‘Hello’ le Adele. Guímid gach rath uirthi agus í ag gabháil ar aghaidh le bheith i gcomórtas do ghradam náisiúnta.

Congratulations to all the participants of the regional talent competition of Scléip (Gael-Linn). We are all very proud of the wide range of musical talent in Coláiste an Eachréidh. A special word of thanks to Máistreas Anne Marie who encouraged and supported both Junior and Senior students taking part. We wish Raphi all the best as she was successful in qualifying for the national competition 2021. Beir Bua le ceol! 

Comórtas Náisiúnta idir Ghaelscoileanna

Webinar for Parents

A chara, I hope you are all keeping safe and well during these uncertain times. Galway Education Centre is hosting a webinar The Learning Journey’ – Monday 1st February 2021 @ 7.00 p.m for Parents of Junior Cycle and Senior Cycle pupils which may be useful to you in supporting your child’s learning journey. The focus of this particular talk will deal with the following aspects of learning:

1. How to simply get started and the importance of systems

2. The science behind motivation and how to apply it

3. The importance of clarity – how to get it and maintain it.

4. Noise – minimising distraction and building protected time

5. Changing our approach to “time at the desk” – what the science tells us about optimising study and homework time

6. How you can encourage a learning environment (without the stress!)

Click to REGISTER 

You will be guided to a Log In area and can log in as ‘OTHER‘.

https://galwayec.ie/private-courses/private-courses/private-post-primary/787-the-learning-journey-webinar-for-parents-of-junior-and-senior-cycle-students.html

 

Gradaim do Ghaeil Óga

Cinnte … is iomaí Gael Óg atá againn ar an Eachréidh!

Níl amhras ar bith ann ach gur iomaí Gael Óg atá i gColáiste an Eachréidh ach ní i gcónaí go bhfuil a mbuanna aitheanta. Ar an drochuair, ní raibh sé inár gcumas gradaim a bhronnadh ar gach uile Gael Óg sa choláiste ach, mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce na Nollag, tugadh aitheantas ar leith dóibh siúd a bhfuil meon dearfach eiseamláireach acu i dtaobh na Gaeilge. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh cur chuige comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste. Le fírinne, níl aitheanta againn ach cuid de na Gaeil Óga is fearr ar an Eachréidh. Beirigí Bua!