Skip to content

Bua Náisiúnta

An-éifeachtach mar íomhá – is iomaí rud gur féidir a léamh aisti

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas a ghabháil le Abaigh, Bl. 2 as ucht a bua iontach a bhí fógraithe sa nuachtán náisiúnta Irish Independent Dé hAoine 12 Márta le deireannas. Cinnte, foilsíodh torthaí an chomórtais i bhforlíonadh speisialta ‘The People’s Flag’ ar an lá agus saothar Abaigh le feiceáil go soiléir istigh.

Bua náisiúnta – an chéad áit agus íomhá iontach cruthaithe aici mar chomóradh ar bhratach náisiúnta na tíre. Bua den scoth gan amhras agus níos mó iarratas istigh sa chomórtas i mbliana na riamh. Tagann an bua iontach seo ag am tráthúil agus pobal na cruinne ag ceiliúradh buanna na nGael ar fud an domhain.

Caithfidh a rá go raibh na moltóirí thar a bheith tógtha leis an dearcadh nochtaithe agus léirithe go héifeachtach ag Abaigh agus go ndeachaigh léargas comhaimseartha s’aicise go mór i bhfeidhm orthu.

Bhí an méid seo le rá ag Abaigh faoina saothar féin:

Tá iarracht déanta agam sa phíosa ealaíne seo díriú ar dhearcadh dhuine óig i dtaobh Bhratach na hÉireann. Uaireanta, bíonn an glúin óg faoi léigear ag tuairimí gruama mórthimpeall orthu ach tá mé den tuairim gur féidir linn dóchas léamh i mBratach na hÉireann don todhchaí. Go laethúil éiríonn daoine óga níos tuisceanaí faoina bhfreagrachtaí agus faoina ndúshláin atá le comhlíonadh acu mar shaoránaigh. Tá iarracht á dhéanamh agam sa phictiúr seo a chur i gcuimhne do dhaoine go bhfuilimid uile ar chomhchéim, rannpháirteach is nasctha le chéile. Molaim go ndéanaimid ar fad ár seacht ndícheall meas a léiriú dá chéile agus dár gcomhshaoil chomh maith.

Tugadh aitheantas do chuid de na saothair eile a bhí rannpháirteach sa chomórtas chomh maith a tháinig ó dhaltaí Bl. 1 ina measc Éamonn, Jonathan agus dán cumtha ag Stephen (léigh anseo).

 

Congratulations to all the participants from Coláiste an Eachréidh that took part in the various competitions organized by the Thomas F. Meagher Foundation in commemoration of our national flag. A special congratulations goes out to Abaigh Bl.2 who was awarded overall national first prize winner for her artwork for her contempory interpretation of the meaning of the Irish Flag. Her picture has already been published in The People’s Flag supplement in the Irish Independent 12/3/21.