Rógairí na hIdirbhliana

Na torthaí fógaithe agus Coláiste an Eachréidh Buacach

Tá áthas orainn torthaí an chomórtais Rógairí an Rap a roinnt anseo.
De réir mar a thuigimid, bhí cinneadh dúshlánach ag na moltóirí ach sa deireadh tháinig siad ar chomhaontú.
Ar ndóigh, táimid thar a bheith bródúil as na múinteoirí taobh thiar den togra seo agus as daltaí na hIdirbhliana ar fad ón Choláiste a bhí páirteach sa Rap seo … agus iad buacach. Comhghairdeas leo!

Coláiste an Eachréidh breá sásta a bheith rannpháirteach in imeachtaí ‘Bliain na Gaeilge’

Tinreamh den Scoth

Tinreamh foirfe ag na daltaí seo ó Bhliain 2: Stephen, Eoin, Kevin, Aisling, Eve, Sarah, Grace, Eleanor, Clíodhna & Órla

Caithfidh a rá go raibh tinreamh den scoth ag daltaí an cholaiste Meán Fómhair go Nollaig 2020. Cinnte, bhí beagnach dhá scór dalta nár chaill ach lá amháin agus suas le dhá scór eile nár chaill ach cuid de lá ach tá comhghairdeas ar leith le breis agus triocha scoláire nár chaill oiread is rang amháin le linn an tréimhse chéanna. Gabhadh comhghairdeas speisialta leis na daltaí seo a d’fhreastail ar scoil gan rang ar bith a chailleadh ó Mheán Fómhair go Nollaig mar chuid de Cheiliúradh Gaisce. Is iontach go deo go bhfuil tinreamh scoile foirfe ag an oiread sin daltaí sa choláiste i mbliana.

Léiríonn a leithéid go bhfuil siad tiomanta, díograiseach agus iad réidh chun foghlaim i gcónaí. Guímís gach rath orthu is go mbeidh sé i dtólamh ina gcumas acu freastal ar scoil is ar shaol na hoibre amach anseo.

As part of the Christmas Ceiliúradh Gaisce award ceremony 2020, a special word of congratulations went out to the all the students who attended school every day without missing as much as one class from September to December the school year. Comhghairdeas leo uilig!

Remote T&L – Teagasc & Foghlaim

Due to school closure arising from Government restriction we move to remote teaching and learning for the next few weeks. Click on the HERE for additional information.

De bharr na srianta a bhaineann le Covid agus treoir ón Rialtas is ar líne a bheidh Teagasc agus foghlaim go ceann cúpla  seachtain. Tuilleadh eolais le fáil anseo

 

 

 

Beannachtaí na Féile

Muid iontach buíoch do McD’s a bhronn Crann Nollag ar an scoil

Guíonn Coláiste an Eachréidh gach sonas ar mhúinteoirí, ar dhaltaí agus ar phobal uile na scoile ag an tráth seo den bhliain.

Creidimid go raibh éacht mhór curtha i gcrích againn ar fad le linn 2020. Bainigí sult as an sos, tuillte go maith ag cách!

Cinnte, táimid ag tnúth go mór le leanúint leis an obair mhaith le dóchas agus fuinneamh sa bhliain úr! 

Margadh na Nollag

Sióg ag tacú le feachtas poiblíochta ar son mhargadh na Nollag

Bhí lucht na hIdirbhliana thar a bheith gnóthach agus iad ag ullmhú i dtreo na Nollag. Is cosúil go raibh siad ar fad ag cuidiú le Daidí na Nollag ar a mbealach féin mar fhiontraithe óga.

Léirigh siad go raibh samhlaíocht iontach acu agus réimse leathan tairgí ar fáil. I measc na dtáirgí éagsúla a bhí forbartha mar chuid de thogra fiontraíochta agus mionghnónnna bunaithe acu bhí:

  • Cóstaeirí
  • Maisiúcháin Nollag
  • Snas Béil
  • Greamáin
  • Smidiú
  • Slabhraí

Le fírinne, is mór an creidiúint atá ag gabháil leo uilig óir bhí formhór na dtairgí seo go hiomlán lámhdhéanta agus is cinnte go raibh siad ‘déanta in Éirinn’. Mar aon leis an mhéid sin, ghlac cuid acu leis an deis poiblíocht a dhéanamh ar a gcuid iarrachtaí airgead a bhailiú ar son an charthannacht áitiúil a thacaíonn leo siúd le hailse i gcomharsanacht Bhaile Átha an Rí. Caithfidh a rá ach go raibh éacht curtha i gcrích acu agus € 1,419 bailithe acu ar son na cúise.

Congratulations to all of Daidí na Nollag‘s little helpers from Coláiste an Eachréidh‘s transition year. The young entrepreneurs had a wide range of product on sale ‘déanta in Éirinn’. A number of the group also took time to promote their efforts on behalf of ‘Athenry Cancer Care’ which eventually reached a total of € 1,419. Bualadh bos all round!

 

Elf na Nollag

Twinkle Toes tours the Coláiste and watches TY RAP Video

Bhí ‘TWINKLE TOES’ gnóthach ag dul ar fud na háite agus é ag caitheamh súil ar gach a bhí ag tarlú sa gColaiste le cúpla lá anuas – bhí sé ag féachaint freisin ar fhíseán RAP de chuid na hIdirbhliana- Lean an nasc seo thíos.

Bí Cineálta

Mar chuid de Sheachtain Chairdis sa choláiste 30 Samhain – 4 Nollaig 2020, bhí daltaí na hidirbliana i mbun amhráin nua-cumtha a chur le chéile is a thaifeadadh.

Bhí slua mór ón idirbhliain rannpháirteach sa togra seo ó thús go deireadh, feictear cuid de na ceoltóirí thuas

Caithfidh a rá go raibh neart oibre déanta sula raibh caighdeán sásúil bainte amach acu. Bhí ceardlanna ar an stíl Rap eagraithe ag Máistir Seán Ó Briain le Oisín Mac (tuilleadh eolais)  agus is iomaí cleas agus treoir a bhí tugtha aige don dream óg maidir le stíl agus cumadadóireacht sa tséanré ceoil.

D’éirigh leis na daltaí idirbhliana amhrán nua a chumadh faoi stiúir na múinteoirí Bairbre agus Nóra. Caithfidh a admháil go raibh obair ceannródaíochta glactha ag Adam, Culann, Sadhbh Ann, Gráinne agus Elis agus iad i mbun amhránaíochta agus ag cur ceoil leis. Ar ndóigh, choinnigh Máistreas Anne-Marie iad ar bhóthar a leasa agus iad a choinneáil i dtiúin. (Lírící anseo)

Caithfidh a rá go raibh an taifead déanta ag na daltaí iad féin agus is iadsan a bhí i mbun eagarthóireachta chomh maith. Bhí Larry ar fáil chomh maith le comhairle a chur ar fáil dóibh le linn an phroiséas seo ach is léir go raibh go leor scileanna foghlamtha agus forbartha ó thús go deireadh agus an tionscadal seo idir lámha acu. Creidimid go bhfuil amhrán den scoth eisithe acu go speisialta ní hamháin do Sheachtain Chairdis ach gach seans go mbeidh sé mar Uimhir a hAon ar an Eachréidh don Nollaig. Tugaigí bhur gcluasa le héisteacht anseo agus is féidir bhur mbreithiúnas féin a thabhairt.

Aird náisiúnta bainte amach ag an amhrán nua-cumtha seo agus agallamh déanta le Máistreas Bairbre ar an chlár Bladhaire RTÉ RnaG agus í ag trácht ar an obair uile déanta ag na daltaí le ceann scríbe a bhaint amach agus ansin an t-amhrán craolta fud fad na cruinne. Is féidir breathnú agus éisteacht anseo

It was a real team effort from the transition year rappers that came together in a special project for Seachtain Chairdis 30 Samhain – 4 Nollaig 2020 . Having learnt the skills of the genre from Oisín Mac in workshops organized by Seán Ó Briain, they got to work in composing lyrics with Bairbre and Nóra. Anne-Marie kept the group in tune as they composed the music and when it came to editing the final cut, Larry was available for further advice. In all, a wide range of skills were developed and put to use in this production. Éistigí anseo, listen here … Anois, Bualaigí Bos

Planet Youth

A message from Planet Youth:- Dear parents, we encourage you to attend a webinar next Thursday 19th, called Fristund.is! – the amazing Icelandic Leisurecard scheme. This is about a scheme in Iceland that we, Planet Youth, are hoping may be coming to our region soon. The Leisurecard there is an annual grant of €350 for every child 6-18 years old to spend solely on hobbies and sports, extracurricular.  There have been amazing outcomes for their young population because of it and it’s all administered through one website called www.fristund.is. Hundreds and hundreds of activities; sports, arts, music, hobbies, all of which are professionally-led because it’s funded by the income generated from the scheme. You can find some more information on the registration page.

The webinar link is https://event.webinarjam.com/register/15/7qk60tv

www.facebook.com/planetyouthireland

Techspásairí

Ceannródaithe i gcúrsaí teicneolaíochta i gColáiste an Eachréidh

28 Deireadh Fómhair agus sos lár-théarma ar siúl, bhí 14 dalta ó Choláiste an Eachréidh rannpháirteach in ESB Tech Fest 2020 go fíorúil.

Craoladh an ócáid bheo agus bhí teacht uirthi ar fud na tíre ar an lá. Mar chuid den ócáid bhí agallamh iontach déanta le Adam Ó Cuinneagáin fá na buanna uile bainte amach aige mar techspásaire thar na blianta. Éist anseo

Tobar an eolais i mbun cainte

Caithfidh a rá go raibh neart imeachtaí cruthaitheacha curtha ar fáil do techspásairí an Eachréidh. Ghlac cuid de na daltaí idirbhliana páirt i dtaispeántas grianghrafadóireachta ina raibh breis agus 150 tionscadal sa teicneolaíocht chruthaitheach ar taispeáint i nGailéaraí náisiúnta Réaltachta Fíorúla TechSpace. Ní hamháin sin ach ghlac na daltaí uile páirt i dTóraíocht Taisce Réaltachta Fíorúla ina raibh spotduaiseanna ag gabháil leis. Caithfidh a rá gur bhain siad uilig an-sult as a bheith ag déanamh a slí timpeall an ghailearaí agus ag aimsiú rudaí saoithiúla agus seomraí rúnda. As ucht a bheith páirteach, bhí bronntanais speisialta bronnta ar na daltaí uilig agus pacáistí iontacha curtha ar fáil dóibh ar fad.

Níl aon amhras ach go bhfuil Techspásóirí i gColáiste an Eachréidh ag léiriú ceannródaíochta go náisiúnta in earnáil na teicneolaíochta agus muid thar a bheith bródúil astu ar fad. Cinnte, faoi stiúir Mháistreas Bairbre, ní bheidh na Gaeil óga seo fágtha in áit na leathphingne agus iad ag deimhniú go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh sna blianta amach romhainn. Is fiú éisteacht fán mhéid a bhí le rá ag urlabhraí ón scoil, Adam Ó Cuinneagáin agus Máistreas Bairbre agus iad faoi agallamh ar chlár speisialta ar raidió Newstalk. ( éist idir 16.20 – 31.00 anseo )

Coláiste an Eachréidh Techspacers took part in the ESB Creative Tech Fest on the 28th of October. The coláiste students participated in over 150 creative technology project’s from TechSpacers across Ireland that were showcased in a national TechSpace Virtual Reality Gallery. They also had the opportunity of taking part in a Virtual Reality Scavenger Hunt having to navigate their way around the gallery and find various objects and secret rooms. For taking part, each student received a special Techspacer kit.