Skip to content

Bí Cineálta

Mar chuid de Sheachtain Chairdis sa choláiste 30 Samhain – 4 Nollaig 2020, bhí daltaí na hidirbliana i mbun amhráin nua-cumtha a chur le chéile is a thaifeadadh.

Bhí slua mór ón idirbhliain rannpháirteach sa togra seo ó thús go deireadh, feictear cuid de na ceoltóirí thuas

Caithfidh a rá go raibh neart oibre déanta sula raibh caighdeán sásúil bainte amach acu. Bhí ceardlanna ar an stíl Rap eagraithe ag Máistir Seán Ó Briain le Oisín Mac (tuilleadh eolais)  agus is iomaí cleas agus treoir a bhí tugtha aige don dream óg maidir le stíl agus cumadadóireacht sa tséanré ceoil.

D’éirigh leis na daltaí idirbhliana amhrán nua a chumadh faoi stiúir na múinteoirí Bairbre agus Nóra. Caithfidh a admháil go raibh obair ceannródaíochta glactha ag Adam, Culann, Sadhbh Ann, Gráinne agus Elis agus iad i mbun amhránaíochta agus ag cur ceoil leis. Ar ndóigh, choinnigh Máistreas Anne-Marie iad ar bhóthar a leasa agus iad a choinneáil i dtiúin. (Lírící anseo)

Caithfidh a rá go raibh an taifead déanta ag na daltaí iad féin agus is iadsan a bhí i mbun eagarthóireachta chomh maith. Bhí Larry ar fáil chomh maith le comhairle a chur ar fáil dóibh le linn an phroiséas seo ach is léir go raibh go leor scileanna foghlamtha agus forbartha ó thús go deireadh agus an tionscadal seo idir lámha acu. Creidimid go bhfuil amhrán den scoth eisithe acu go speisialta ní hamháin do Sheachtain Chairdis ach gach seans go mbeidh sé mar Uimhir a hAon ar an Eachréidh don Nollaig. Tugaigí bhur gcluasa le héisteacht anseo agus is féidir bhur mbreithiúnas féin a thabhairt.

Aird náisiúnta bainte amach ag an amhrán nua-cumtha seo agus agallamh déanta le Máistreas Bairbre ar an chlár Bladhaire RTÉ RnaG agus í ag trácht ar an obair uile déanta ag na daltaí le ceann scríbe a bhaint amach agus ansin an t-amhrán craolta fud fad na cruinne. Is féidir breathnú agus éisteacht anseo

It was a real team effort from the transition year rappers that came together in a special project for Seachtain Chairdis 30 Samhain – 4 Nollaig 2020 . Having learnt the skills of the genre from Oisín Mac in workshops organized by Seán Ó Briain, they got to work in composing lyrics with Bairbre and Nóra. Anne-Marie kept the group in tune as they composed the music and when it came to editing the final cut, Larry was available for further advice. In all, a wide range of skills were developed and put to use in this production. Éistigí anseo, listen here … Anois, Bualaigí Bos