Skip to content

Techspásairí

Ceannródaithe i gcúrsaí teicneolaíochta i gColáiste an Eachréidh

28 Deireadh Fómhair agus sos lár-théarma ar siúl, bhí 14 dalta ó Choláiste an Eachréidh rannpháirteach in ESB Tech Fest 2020 go fíorúil.

Craoladh an ócáid bheo agus bhí teacht uirthi ar fud na tíre ar an lá. Mar chuid den ócáid bhí agallamh iontach déanta le Adam Ó Cuinneagáin fá na buanna uile bainte amach aige mar techspásaire thar na blianta. Éist anseo

Tobar an eolais i mbun cainte

Caithfidh a rá go raibh neart imeachtaí cruthaitheacha curtha ar fáil do techspásairí an Eachréidh. Ghlac cuid de na daltaí idirbhliana páirt i dtaispeántas grianghrafadóireachta ina raibh breis agus 150 tionscadal sa teicneolaíocht chruthaitheach ar taispeáint i nGailéaraí náisiúnta Réaltachta Fíorúla TechSpace. Ní hamháin sin ach ghlac na daltaí uile páirt i dTóraíocht Taisce Réaltachta Fíorúla ina raibh spotduaiseanna ag gabháil leis. Caithfidh a rá gur bhain siad uilig an-sult as a bheith ag déanamh a slí timpeall an ghailearaí agus ag aimsiú rudaí saoithiúla agus seomraí rúnda. As ucht a bheith páirteach, bhí bronntanais speisialta bronnta ar na daltaí uilig agus pacáistí iontacha curtha ar fáil dóibh ar fad.

Níl aon amhras ach go bhfuil Techspásóirí i gColáiste an Eachréidh ag léiriú ceannródaíochta go náisiúnta in earnáil na teicneolaíochta agus muid thar a bheith bródúil astu ar fad. Cinnte, faoi stiúir Mháistreas Bairbre, ní bheidh na Gaeil óga seo fágtha in áit na leathphingne agus iad ag deimhniú go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh sna blianta amach romhainn. Is fiú éisteacht fán mhéid a bhí le rá ag urlabhraí ón scoil, Adam Ó Cuinneagáin agus Máistreas Bairbre agus iad faoi agallamh ar chlár speisialta ar raidió Newstalk. ( éist idir 16.20 – 31.00 anseo )

Coláiste an Eachréidh Techspacers took part in the ESB Creative Tech Fest on the 28th of October. The coláiste students participated in over 150 creative technology project’s from TechSpacers across Ireland that were showcased in a national TechSpace Virtual Reality Gallery. They also had the opportunity of taking part in a Virtual Reality Scavenger Hunt having to navigate their way around the gallery and find various objects and secret rooms. For taking part, each student received a special Techspacer kit.