The School Crested Half-Zip Top is an option for pupils (pupils can continue to choose between School Crested Coat available at the SchoolWear Centre and Advertees or a plain (no marking or logos) black/navy coat or jacket.
Additionally, students can now opt for the half zip pictured above. However, the half zips must be ordered and paid for in advance i.e to be available for next term the order needs to placed in the next fortnight.
PRICES
Adult Sizes: Small/Medium/Large €38:50
Age 13-14: €35:50
Age 11-12: €29:50
Prices include school crest.
Pupils can also opt for sewn ‘initials’ for an additional €3:50 (recommended for easy identification)
Remember that the half-zip will need to be sufficiently big to be worn over the school jumper.
Congratulations to our recipients of GRETB awards. The ceremony took place at the Raheen Woods Hotel on Thursday May 5th. In total 78 pupils representing 20 GRETB (Galway Roscommon Education Training Board) Schools were presented with awards in acknowledgement of their achievements across various categories. The Coláiste students were Sinead Pokall, Muireann Ní Bhaoill, Leigha Ní Chearra, Seán Ó Conaill, Ciara Ní Chonaill and the TY Class.
MUIR-SIN-É
Níl insint béil ar a bhfuil déanta ag an mbeirt bhan óg seo le 6 bliana anuas i saol an Choláiste. Ghlac an bheirt acu páirt in imeachtaí eagsúla ceoil aonaracha agus níorbh fhada gur bhunaigh siad a ngrúpa féin ‘Muir Sin É’. Go gairid ina dhiaidh sin bhuaigh siad croabh naisiúnta SCLÉIP agus tá a gcuid ceoil le cloisteáil ar YouTube. Tar éis aitheantas a fháil ag an Oireachtas le cupla bliain anuas ba é buaicphointe rannpháirtíocht na gcailíní an gradaim BEO agus duaischiste €2,000 a thabhairt leo ó Oireachtas na bliana seo. Tá cuireadh faighte acu amhráin a chasadh ag an gceolchoirm náisiúnta RAVELÓID ,(tuilleadh eolais).
SEÁN Ó CONAILL
Scoláire agus fear óg den scoth é Seán atá sa rang idirbhliana faoi láthair. Go deimhin, tá gaiscí go leor déanta aige agus bhí ról nach beag aige in imeachtaí éagsúla – drámaíochta, craoladh beo raidio agus go leor eile nach iad. Ainmníodh é roimhe seo mar phearsan spóirt an Choláiste, go deimhin is imreoir gailf de ard chaighdeán é ach anocht aithnítear a chumas acadúil, a thiomantas chun oibre, díogras agus comhoibriú ón gcéad lá. Cén iontas gurb é a bhain amach na torthaí ab fhearr i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Ghnóthaigh se an 2ú ait in Éirinn lena thionscadail adhmadóireachta.
Dalta 3ú bliana í Leigha a dhéanann a cuid oibre go ciúin, dícheallach. Eiseamláir iontach í a léiríonn dearfacht, comhoibriú agus díogras i gcónaí. Sa bhreis ar a cuid obair scoile is minic a chuireann Leigh isteach ar chomórtais. Bhí sí i measc na mbuaiteoirí lena píosa ealaíne i gcomórtas bliantúil an ADVERTISER a thug aitheantas dá talann ealaíne. Ach is dalta ioll-chumasach í Leigh a bhfuil máistreacht an phinn freisin aici agus ba mhór an onóir é nuair a glacadh lena saothar, IMMORTALS, mar chuid de fhoilsiúchán náisiúnta scríobhnóirí óga FUTURE TENSE.
CIARA NÍ GHRÍOFA
Níl deireadh le fuinneamh na mná óg seo. Is iomaí éacht atá déanta aici le bliain anuas, roghnaíodh í sa bpríomhpháirt don ceoldráma GREASE, tugadh aitheantas ar leith móide duais airgid dá tionscadail mionghnó ‘Untangleables’. Léiríonn Ciara ceannaireacht laethúil sa mhéid is go dtugann sí go dearfach, comhoibríoch faoi chuile dhúshlán, go deimhin b’í a bhunaigh TECHSPACE sa scoil- deis do dhaltaí a bheith ina saoránaigh gníomhacha. Anuas ar sin ar fad bhain sí gradam naisiúnta amach le FORÓIGE lena físeáin féin ‘Give Me a Chance’ a bhí urraithe ag ADOBE Youth Voices.
RANG NA hIDIRBLIANA
Bliain thábhachtach stairiúil a bhí againn i mbliana agus muid, muintir na tíre, ag comóradh agus ag ceiliúradh saoirse, neamhspleáchais agus Eirí Amach 1916. Tugtar aitheantas ar leith d’iarrachtaí rang na hIdirbliana a léirigh dráma, a chraol clár raidio agus a dhear postaeir bunaithe ar laochra an Eirí Amach i gceantar Bhaile Átha an Rí. Go deimhinn, mar thoradh ar fheabhas an Chlár Raidio bhí iarrachtaí na ndaltaí gearrliostáilte le 6 thionscadal eile mar chuid de chomórtas náisiúnta Raidio na Gaeltachta. Anuas ar sin ar fad, shiúil na daltaí SLÍ na n-ÓGLACH (tuilleadh eolais). Gan dabht ar bith d’eirigh thar cinn leis an rang scéal áitiúil an Eirí amach a insint. Comóradh 1916
Comhghairdeas le foireann shacair bliain 1&2 a bhuaigh comórtas sacair na scoileanna GRETB. Imríodh an cluiche ceannais in aghaidh Arch Bishop McHale College, Tuam, ar an Aoine 6ú Bealtaine. Cluiche iontach a bhí ann le fíorbheagán idir na foirne, go deimhin nuair a sheid an reiteoir an fheadóg dheireanach bhí na foirne ar comhscór 0-0. Ciceanna eirice a lean – shábháil Máirtín an chead chic, scóráladh gach ceann eile a d’fhág an bua ag buachaillí an Choláiste 5-4. Maith sibh Múinteoir Seán agus a fhoireann.
A very evenly balanced final ended in a scoreless draw but the Coláiste boys held their nerve to win the penalty shootout 5-4 to claim the title against Arch Bishop McHale College, Tuam.
Congratulations to Seán Ó Conaill and Múinteoir Turlough on the great achievement of being awarded second place in Ireland for Seán’s Junior Certificate WOODWORK project. The Irish Technological Teachers Association shortlisted entries to 30 projects, the winner attends a school in Nenagh, Co. Tipperary and we are all delighted with this tremendous success. Nationally, in excess of 16,000 candidates sat the Materials Technology Wood Junior Certificate examinations which gives an appreciation and context to the significance of the award – comhghairdeas le Seán agus lena mhúinteoir, Turlough.
Congratulations to all those students who were shortlisted for the competition Final in GMIT Galway. An outstanding level of craftmanship and skill was evident in all the projects presented in the GMIT. The Galway Branch of the Technoteachers organised this very successful National competition. The competition was kindly supported by the GMIT Galway and sponsored by Festool.
The judges on the night were Des Kelly (GMIT) and Daniel Gill (Local Craftman). The winning project was from Darragh Taylor from Thurles CBS in Tipperary. Darragh;’s teacher was Tim Shanahan. Congratulations to both on this great achievement.
Winning Project
Student; Darragh Taylor, CBS Thurles. Teacher; Tim Shanahan (not in picture). Judges; Des Kelly and Daniel Gill. Festool Rep; Michael McGuigan
Second Place
Student; Sean O’Connell, Colaiste an Eachreidh, Athenry. Teacher; Turlough Cuddihy
PLEASE support student initiative to raise funds for JIGSAW. Every second level school in Ireland is asked to sell IRISH FLAG emblems (€2) to raise awareness of the true meaning of our flag while at the same time helping out a local charity. The students chose JIGSAW – a free service for young people who need support – For more information on JIGSAW click below
Múinteoirí Brian agus Pádraig le daltaí Idirbliana ag Páirc an Chrócaigh ar an 7 Márta, áit ar bronnadh bratach na hÉireann ar gach Iarbhunscoil sa tír.
For more information on Thomas F Meagher and history of the National Flag click below
Slí na nÓglachMhair imeachtaí na Cásca in Oirthear na Gaillimhe ón Mháirt go Satharn, 25à 29 Aibreán 1916. Mar chuid d’imeachtaí comórtha an chéid, tá daltaí idirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí ag tabhairt faoi chuid de choiscéimeanna na n-Óglach a leanstan agus iad ag siúl thar dhá lá ar Shlí na n-Óglach Céadaoin agus Déardaoin 27-28 Aibreán.
Tosófar amach ag siúl ó Stáisiún na traenach, Órán Mór ag 10.00 r.n. maidin Dé Chéadaoin 27 Aibreán. Beidh siad ag bualadh le Mait Ó Bradaigh, Príomhoide Ghaelscoil De hÍde, ag dealbh Sheosaimh Uí hAmhlaigh a bhéas ag inse stair na háite dóibh mar a thit amach in Órán Mór siar i 1916 agus faoin ról a bhí ag Seosamh Ó hAmhlaigh inti.
Ina dhiaidh sin, tá siad i gceist acu a mbealach a dhéanamh soir go Coláiste Uí Mhaoilíosa, áit ina mbeidh siad ag breathnú ar an suíomh ina raibh na hÓglaigh lonnaithe thar oíche fadó. Ba cheart go mbeidh deis acu am lóin a chaitheamh ansin chomh maith. Siúlfaidh siad ar aghaidh as sin a fhad leis an mhainistir in Eiscir, áit ina mbeidh siad ag stopadh thar oíche. Tuilleadh eolais
TY STUDENTS INVITED TO THE MANSION HOUSE – EASTER MONDAY
Tugadh cuireadh do dhaltaí an Choláiste go dtí Áras an Ardmhéara (Mansion House) ar Luan Cásca. Bhí saothar na ndaltaí ar ghearrliosta de 7 scoil as breis is 50 scoil.
COLÁISTE STUDENTS BROADCAST ON Raidio na Gaeltachta
Craolfar seó raidió fíor-speisialta (CLÁR RAIDIO 1916 – Dearcadh na hÓige) ar Aoine an Chéasta 25 Márta ag 10.25 r.n. : “Éirí Amach ar an Eachréidh.”
Sa chlár seo, beidh scoláirí ó Choláiste an Eachréidh ag breathnú ar an mhéid a tharla in Oirthear na Gaillimhe i rith 1916, na tuairimí atá ag daoine inniu ina thaobh agus ag breathnú chun tosaigh sa todhchaí. Freisin beidh siad ag labhairt le aíonna speisialta, Sorcha Ní Mhonacháin agus Kevin Jordan atá gaolta le cuid de na ceannairí a bhí páirteach san éirí amach.
Insint na hÓige ar imeachtaí 1916 ina gceantar féin.
Comhghairdeachas le daltaí na hIdirbliana as a bheith páirteach i mbabhta ceannais an Chomórtais Clár Raidió Scoile, ‘1916 – Dearcadh na hÓige’ ainm na sraithe agus craolfar na cláir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag 10.25 ar na dátaí seo leanas san ord seo leanas:
17.03.16 Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
18.03.16 Coláiste Iosagáin, Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath
21.03.16 Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
22.03.16 Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí
23.03.16 Scoil na Maighdine Muire, an tIúr, Co. an Dúin
23.03.16 Coláiste Chluain Chaoin, An Charraic Dhubh, BAC
25.03.16 Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Fógrófar buaiteoirí an chomórtais ag ócáid speisialta a chraolfar ón Seomra Darach, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath Luan Cásca 28ú Márta.
WINNERS OF THE NATIONAL COMPETITION WILL BE ANNOUNCED ON EASTER MONDAY, 28th MARCH DURING A LIVE BROADCAST, Raidio na Gaeltachta 16.30 go dtí 17:00 , FROM THE MANSION HOUSE, DUBLIN.
Craolfar an clár beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 16.30 go dtí 1700. Bronnfaidh Críona Ní Dhálaigh, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath an duais de €1,000 ar an buaiteoir agus bronnfar teastas speisialta ar an 7 scoil eile a bhí páirteach sa tsraith. Beidh idir scoláirí agus múinteoirí dá gcuir faoi agallamh le linn an chláir.
THE RAISING OF THE NATIONAL FLAG
Éirí amach ar Eachréidh
Léirigh daltaí na hidirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, dráma ag cur síos ar imeachtaí 1916 in Oirthear na Gaillimhe nuair a tháinig timpeall le 700 duine amach mar chuid den agóid náisiúnta céad bliain ó shin.
Bhí staidéar déanta ag na daltaí ar an scéal agus le tacaíocht ó ‘Foras na Gaeilge’, Údarás na Gaeltachta agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, d’éirigh leo ceardlanna drámaíochta a ullmhú i gcomhair le Diarmuid De Faoite agus Ali Mac Aindreasa leis an scéal a léiriú ar stáitse. Mar aon leis sin, bhí ceardlanna ceoil acu i gcuideachta le Ann Marie Murphy agus míreanna ceolmhara curtha leis an tseó acu. Caithfidh a rá go raibh neart oibre curtha isteach sa léiriú seo ag na daltaí féin; script den dráma scríofa, éide cogaíochta cruthaithe, seit stáitse deartha agus gunnaí adhmaid lámhdéanta acu.
Bhí na daltaí ar stáitse Déardaoin 3ú Márta agus iad ag cur síos ar na himeachtaí a mhair le linn Sheachtain na Cásca in Oirthear na Gaillimhe ón Mháirt go Satharn, 25à 29 Aibreán 1916. Bhí idir shúgradh agus dáiríre agus iad ag cur síos ar an dóigh gur thosaigh na hÓglaigh amach as Cill Fhínín, ag mairseáil leo, ag ionsaí beairicí i nDroichead an Chláirín agus
in Órán Mór, ag teacht le chéile is ag cúlú chuig an choláiste talmhaíochta giota ó dheas de Bhaile Átha an Rí. Cuirtear síos ar an
teannas a bhí i nGaillimh tar éis fear den RIC a bheith maraithe is na longa cogaidh tagtha go Cuan na Gaillimhe, na reibiliúnaithe ag cúlú ansin go Caisleán Mhaigh Fhód agus arís go Teach Bhaile na Creige.Dé Sathairn, áfach, rinneadh cinneadh díscaoileadh ag cur deireadh le hÉirí Amach ar an Eachréidh.
Bhí an halla lán go doras nuair a léiríodh ‘Éirí Amach ar an Eachréidh’ go poiblí agus is cosúil gur bhain idir óg agus aosta sult is tairbhe as. Tuigtear go bhfuil na daltaí céanna ag obair anois faoi stiúir RTÉ RnaG le clár raidió a chraoladh ar an scéal roimh an Chásc. Maidir leis an dráma a léiriú arís, bhuel is cosúil go mbeidh siad ar ardán uair amháin eile ar a laghad ….ar mhaithe le Gaelscoileanna Eachréidh na Gaillimhe.
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí go dtógfar scoil úr nua do Choláiste an Eachréidh nuair a aistreofar muid go dtí láthair na gairmscoile. Is iontach go deo an scéal é seo agus anuas ar sin tógfar scoil nua, 12 seomra ranga, do Ghaelscoil Riada ar an suíomh céanna. Ba ócáid stairiúil go deimhin é nuair a osclaíodh an dá scoil ar an 29 Lúnasa 2006. Ón gcéad lá d’oibrigh muid i dtreo Champais Ghaelscolaíochta agus tar éis 10 mbliana ag fás is mór an chúis áthais an fógra seo do phobail an dá scoil.
Galway County Council Cathaoirleach’s Community Awards 2015
Bronnadh Gradam an Chathaoirligh, Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar Chumann Óige Átha an Rí as ucht a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Gaeltachta in Oirthear na Gaillimhe. D’éirigh leo an t-aitheantas seo a bhuachan de bharr réimse imeachtaí eagraithe trí mheán na Gaeilge do dhéagóirí sa chomharsanacht. I measc na dtograí comhlíonta acu, bhí físeáin, drámaí, ceoldhrámaí, podchraoltaí, tionscadail oidhreachta, aonaigh leabhar, ceolchoirmeacha, seónna talainne, suíomh idirlíne cruthaithe mar aon le go leor eile déanta i measc phobal Bhaile Átha an Rí. Tá Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as daltaí na scoile atá páirteach leis an chlub óige seo.
Tá ceadúnas ag an gColáiste crannchur 50/50 a reachtáil go dtí Samhradh 2016. Tarraingt sheachtainiúil a bheidh i gceist agus beidh leath an airgid mar dhuaischiste.
Fógrófar na buaiteoirí ar an leathanach seo
A weekly 50/50 Lotto draw will take place until June 2016. €2 a ticket gives you a chance to win half of all monies collected. All students will be given a number of envelopes, simply put €2 euro into the envelope, write your name and phone number and you will be included in the draw.
Keep an eye on this page for weekly winners
Buaiteoir Seachtain 3 -Múinteoir Donncha €55
Buaiteoir Seachtain 4 – Liam €66 (Idirbhliain)
Buaiteoir Seachtain 5- Múinteoir Bernadette €84 le Conrad Ó Broinn, Bord Bainistíochta.
Buaiteoir Seachtain 6-Philippa McGuiness €104
Buaiteoir Seachtain 7 – Eoin Mac Aonghusa €54
Buaiteoirí Seachtain 8 – Rang Mata Ard Bliain 6 – €61