Skip to content

Comóradh 1916

SLÍ NA n-ÓGLACH

Slí na nÓglach
Slí na nÓglach

Slí na nÓglachMhair imeachtaí na Cásca in Oirthear na Gaillimhe ón Mháirt go Satharn, 25à 29 Aibreán 1916. Mar chuid d’imeachtaí comórtha an chéid, tá daltaí idirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí ag tabhairt faoi chuid de choiscéimeanna na n-Óglach a leanstan agus iad ag siúl thar dhá lá ar Shlí na n-Óglach Céadaoin agus Déardaoin 27-28 Aibreán.

Tosófar amach ag siúl ó Stáisiún na traenach, Órán Mór ag 10.00 r.n. maidin Dé Chéadaoin 27 Aibreán. Beidh siad ag bualadh le Mait Ó Bradaigh, Príomhoide Ghaelscoil De hÍde, ag dealbh Sheosaimh Uí hAmhlaigh a bhéas ag inse stair na háite dóibh mar a thit amach in Órán Mór siar i 1916 agus faoin ról a bhí ag Seosamh Ó hAmhlaigh inti.

Ina dhiaidh sin, tá siad i gceist acu a mbealach a dhéanamh soir go Coláiste Uí Mhaoilíosa, áit ina mbeidh siad ag breathnú ar an suíomh ina raibh na hÓglaigh lonnaithe thar oíche fadó. Ba cheart go mbeidh deis acu am lóin a chaitheamh ansin chomh maith. Siúlfaidh siad ar aghaidh as sin a fhad leis an mhainistir in Eiscir, áit ina mbeidh siad ag stopadh thar oíche.  Tuilleadh eolais

slí 2

TY STUDENTS INVITED TO THE MANSION HOUSE – EASTER MONDAY

Tugadh cuireadh do dhaltaí an Choláiste go dtí Áras an Ardmhéara (Mansion House) ar Luan Cásca. Bhí saothar na ndaltaí ar ghearrliosta de 7 scoil as breis is 50 scoil.

COLÁISTE STUDENTS BROADCAST ON Raidio na Gaeltachta

sa tSiúideó (340 x 255)
Craolfar seó raidió fíor-speisialta (CLÁR RAIDIO   1916 – Dearcadh na hÓige) ar Aoine an Chéasta 25 Márta ag 10.25 r.n. : “Éirí Amach ar an Eachréidh.”
Sa chlár seo, beidh scoláirí ó Choláiste an Eachréidh ag breathnú ar an mhéid a tharla in Oirthear na Gaillimhe i rith 1916, na tuairimí atá ag daoine inniu ina thaobh agus ag breathnú chun tosaigh sa todhchaí. Freisin beidh siad ag labhairt le aíonna speisialta, Sorcha Ní Mhonacháin agus Kevin Jordan atá gaolta le cuid de na ceannairí a bhí páirteach san éirí amach. 

RnaG (350 x 263)Insint na hÓige ar imeachtaí 1916 ina gceantar féin.

Comhghairdeachas le daltaí na hIdirbliana as a bheith páirteach i mbabhta ceannais an Chomórtais Clár Raidió Scoile, ‘1916 – Dearcadh na hÓige’ ainm na sraithe agus craolfar na cláir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag 10.25 ar na dátaí seo leanas san ord seo leanas:

17.03.16    Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc, Co. na Gaillimhe

18.03.16    Coláiste Iosagáin, Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath

21.03.16    Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

22.03.16    Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí

23.03.16    Scoil na Maighdine Muire, an tIúr, Co. an Dúin

23.03.16    Coláiste Chluain Chaoin, An Charraic Dhubh, BAC

25.03.16    Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe   

Fógrófar buaiteoirí an chomórtais ag ócáid speisialta a chraolfar  ón Seomra Darach, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath Luan Cásca 28ú Márta.

Mansion House, Dublin
Mansion House, Dublin

WINNERS OF THE NATIONAL COMPETITION WILL BE ANNOUNCED ON EASTER MONDAY, 28th MARCH DURING A LIVE BROADCAST, Raidio na Gaeltachta 16.30 go dtí 17:00 , FROM THE MANSION HOUSE, DUBLIN.

Craolfar an clár beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 16.30 go dtí 1700.  Bronnfaidh Críona Ní Dhálaigh, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath an duais de €1,000 ar an buaiteoir agus bronnfar teastas speisialta ar an 7 scoil eile a bhí páirteach sa tsraith. Beidh idir scoláirí agus múinteoirí dá gcuir faoi agallamh le linn an chláir.

 

THE RAISING OF THE NATIONAL FLAG

Éirí amach ar Eachréidh
TY 1916 (320 x 138)
Léirigh daltaí na hidirbhliana ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, dráma ag cur síos ar imeachtaí 1916 in Oirthear na Gaillimhe nuair a tháinig timpeall le 700 duine amach mar chuid den agóid náisiúnta céad bliain ó shin.
Bhí staidéar déanta ag na daltaí ar an scéal agus le tacaíocht ó ‘Foras na Gaeilge’, Údarás na Gaeltachta agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, d’éirigh leo ceardlanna drámaíochta a ullmhú i gcomhair le Diarmuid De Faoite agus Ali Mac Aindreasa leis an scéal a léiriú ar stáitse. Mar aon leis sin, bhí ceardlanna ceoil acu i gcuideachta le Ann Marie Murphy agus míreanna ceolmhara curtha leis an tseó acu. Caithfidh a rá go raibh neart oibre curtha isteach sa léiriú seo ag na daltaí féin; script den dráma scríofa, éide cogaíochta cruthaithe, seit stáitse deartha agus gunnaí adhmaid lámhdéanta acu.
Bhí na daltaí ar stáitse Déardaoin 3ú Márta agus iad ag cur síos ar na himeachtaí a mhair le linn Sheachtain na Cásca in Oirthear na Gaillimhe ón Mháirt go Satharn, 25à 29 Aibreán 1916. Bhí idir shúgradh agus dáiríre agus iad ag cur síos ar an dóigh gur thosaigh na hÓglaigh amach as Cill Fhínín, ag mairseáil leoag ionsaí beairicí i nDroichead an Chláirín agus
in Órán Mór, ag teacht le chéile is ag cúlú chuig an choláiste talmhaíochta giota ó dheas de Bhaile Átha an Rí. Cuirtear síos ar an  
teannas a bhí i nGaillimh tar éis fear den RIC a bheith maraithe is na longa cogaidh tagtha go Cuan na Gaillimhe, na reibiliúnaithe ag cúlú ansin go Caisleán Mhaigh Fhód agus arís go Teach Bhaile na Creige. Dé Sathairn, áfach, rinneadh cinneadh díscaoileadh ag cur deireadh le hÉirí Amach ar an Eachréidh.
Bhí an halla lán go doras nuair a léiríodh ‘Éirí Amach ar an Eachréidh’ go poiblí agus is cosúil gur bhain idir óg agus aosta sult is tairbhe as. Tuigtear go bhfuil na daltaí céanna ag obair anois faoi stiúir RTÉ RnaG le clár raidió a chraoladh ar an scéal roimh an Chásc. Maidir leis an dráma a léiriú arís, bhuel is cosúil go mbeidh siad ar ardán uair amháin eile ar a laghad ….ar mhaithe le Gaelscoileanna Eachréidh na Gaillimhe.