Skip to content

Galway Community Awards

 

 

Galway County Council Cathaoirleach’s Community Awards 2015

at the  Galway County Council Cathaoirleach's Community Awards 2015 in the  Claregalway Hotel on Thursday night.  Photo:-Mike Shaughnessy / No Fee . Issued on behalf of Galway County Council

Bronnadh Gradam an Chathaoirligh, Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar Chumann Óige Átha an Rí as ucht a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Gaeltachta in Oirthear na Gaillimhe. D’éirigh leo an t-aitheantas seo a bhuachan de bharr réimse imeachtaí eagraithe trí mheán na Gaeilge do dhéagóirí sa chomharsanacht. I measc na dtograí comhlíonta acu, bhí físeáin, drámaí, ceoldhrámaí, podchraoltaí, tionscadail oidhreachta, aonaigh leabhar, ceolchoirmeacha, seónna talainne, suíomh idirlíne cruthaithe mar aon le go leor eile déanta i measc phobal Bhaile Átha an Rí. Tá Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as daltaí na scoile atá páirteach leis an chlub óige seo.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais