Liam Ó Maoilíosa – ar an Scáileán Mór

Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas a gabháil le gach uile duine ón scoil a bhí páirteach leis an ghearrscannán ‘Liam Mellows (Liam Ó Maoilíosa)’. Bhí an gearrscannán seo curtha le chéile mar chomóradh ar Liam Ó Maoilíosa a maraíodh 100 bliain ó shin agus é seolta 8 Nollaig ’22. Is féidir an scéal a léamh anseo. Breathnaigh ar an scannán anseo

Le deireannas, bhí an scannán aitheanta ar leibhéal náisiúnta agus é le feiceáil ar an scáileán mór mar chuid d’fhéile scannánaíochta in Eochaill, Corcaigh. Le fírinne, bhí sé léirithe faoi dhó le linn na féile seo (First Cut Film Festival) – mar ghearrscannán curtha le chéile ag scoileanna agus i measc na scannáin nua-cruthaithe i nGaeilge. Gabhtar buíochas le Múinteoir Marina a d’fhreastail ar an fhéile ar son an choláiste. Tuigtear freisin go bhfuil an gearrscannán ar ghearrliosta na míosa seo i gcomórtas i Sasana – Lift-Off Filmmakers, Pinewood Studios.

Congratulations to all involved in the making of the short film ‘Liam Mellows (Liam Ó Maoilíosa)’ Watch here and read background story   Here.

This short film has just been recognized on a national level featuring twice in the (First Cut Film Festival) – it featured among the films produced by second level students and also among the newly produced Irish language films. It has also been shortlisted for a film festival in England – Lift-Off Filmmakers, Pinewood Studios.

Éachta Eitpheile!

Bhí idir bhuachaillí agus cailíní sóisearacha an choláiste ag glacadh páirte i gcomórtas eitpheile le déanaí.- Eitpheil na hÉireann.
Bhí cluichí ag buachaillí an Eachréidh in aghaidh foirne ó Chontae Ros Comáin agus ó Chontae Liatroma. D’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar dhá fhoireann as trí. Faraor, níor éirigh leo a bheith cáilithe don chéad bhabhta eile ach bhí a gcumas léirithe acu. Cé nach raibh raibh rith an ráis leo an uair seo, is cinnte go mbeidh siad ar ais agus gach cuma orthu go bhfuil todhchaí gheal rompu.
A bhuí le múinteoir Gearóidín, thaisteal na cailíní go Coláiste Muire, Inis, Co. an Chláir ar mhaithe le páirt a ghlacadh i gcomórtas eitpheile chomh maith. Bhí sárthaispeántas léirithe ag cailíní Bl. 1 agus iad ag imirt. Tá an-dul chun cinn déanta ag na cailíní céanna ó thús an tséasúir ach faraor, ní bheidh siad ag gabháil ar aghaidh sa chomórtas i mbliana. Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas ó chroí a ghabháil le cailíní Bl.2 agus áit bainte amach acu sa bhabhta leathcheannais den chomórtas. Gabhtar buíochas speisialta le scoláirí idirbhliana Anna agus Aoibhín a thacaigh go mór leo ar an lá. Guímid chuile rath oraibh sa chéad bhabhta eile!!
Congratulations to all of First and Second year students, both boys and girls, that took part in Volleyball Ireland competition recently. A special word of congratulations to the girls’ team qualifying for All-Ireland semi-finals.Beirigí Bua.

Is iomaí bua a rugadh leo!

Lá Glas – Seachtain na Gaeilge

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, bhí lá speisialta eagraithe ag Coiste Gaeilge an Choláiste – Lá Glas.

Ar ndóigh, tuigimid gur scoil lán-gaeilge atá againn anseo ach is fiú go mór dúinn ár n-aitheantas mar Ghaeil a cheiliúradh. Chuige sin, bhí lá gan éide scoile eagraithe ag an choiste agus é molta go ndéanfadh cách a ndícheall éadaí glasa a chaitheamh. Atmaisféar spraíúil a bhí cothaithe sa scoil dá bharr.

Caithfidh a rá go raibh iarracht iontach déanta ag daltaí ón chéad bhliain go rang na hArdteiste a bheith gléasta glas. Ní hamháin sin ach ghlac na múinteoirí leis an dúshlán chomh maith agus feisteas glas le feiceáil orthu féin.

Roghnaigh Coiste Glas duaiseanna bhronnadh ar na daoine is fearr gléasta. Bronnadh duais ar Max Bl.2 mar an dalta is fearr gléasta agus ar mhúinteoir Lisa agus í aitheanta mar an múinteoir dea-ghléasta is fearr.

Comhghairdeas le gach uile duine a ghlac páirt sa ‘Lá Glas’ – – táimid iontach bródúil mar Ghaeil agus is fiú ár mbuanna mar Ghaeil a cheiliúradh.

Congratulations to everyone who took part in Lá Glas as part of Seachtain na Gaeilge.

Cáilíní Buacach arís – Cispheil

Bhí an-chluiche go deo ag cailíní sóisearacha an Eachréidh agus iad in iomaíocht le Coláiste an Chláirín le déanaí. Is dócha go dtiocfadh linn a rá gur ‘Dearbaí Átha an Rí’ a bhí sa chluiche cispheile seo agus an comórtas níos déine eatarthu dá réir.

Caithfidh a rá go raibh lúchair an domhain ar chailíní an Eachréidh agus iad ag teacht ar ais ar scoil buacach arís.

Congratulations to the Junior Girls basketball team that overcame the team of Coláiste an Chláirín recently. Comhghairdeas libh!

Seó Tallainne

Bhí idir amhráin, ceol agus cleasaíocht idir lámha ag scoláirí óga an Eachréidh is Seó Tallainne eagraithe ag Comhairle na nDaltaí mar chuid d‘imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le deireannas.

Tugadh deis do dhaltaí blaiseadh dá gcuid tallainne a léiriú i measc cuideachta mhaith. Le fírinne, ní raibh jab éasca ag na moltóirí – Príomhoide Sinéad agus Éadaoin (Ionadaí Chomhairle na nDaltaí). As réimse buanna a bhí léirithe ag scoláirí agus an-éagsúlacht eatarthu, dúshlán mór a bhí ann iad a scagadh óna chéile. Mar a dúirt na moltóirí féin, buaiteoirí a bhí i ngach duine a ghlac páirt, iad misneach go leor iad féin a chur os comhair an tslua.

Tá Comhairle na nDaltaí iontach buíoch as an tacaíocht a fuair siad ón Timire Gaeilge, Tomás Breathnach ó BOOGR as ucht na duaiseanna a mhaoiniú.

With the support of Timire Gaeilge, GRETB, Comhairle na nDaltaí organized a talent show for students as part of Seachtain na Gaeilge events. There certainly was a range of talent displayed.

De réir mar a bhuaileadh an tallann iad

Tráth na gCeist Sheachtain na Gaeilge

Reáchtáil Craobh Ghrealláin de Chonradh na Gaeilge Oíche Thráth na gCeist do mhic léinn meánscoile Dé Luain 6 Márta i mBéal Átha na Slua le deireannas. Bhí meánscoileanna ag freastal ar an ócáid ón cheantar mhórthimpeall agus suas le sé fhoireann déag rannpháirteach. Bhí foireann sóisearach agus foireann sinsearach ag Coláiste an Eachréidh ag glacadh páirte. Caithfidh a rá gur bhain gach uile duine ard-sult go deo as an imeacht seo agus gabhaimid comhghairdeas go speisialta leis an fhoireann shóisearach a thainig sa dara áit sa rannóg sin. Go maire sibh bhur mbua!

Coláiste an Eachréidh students took part in Conradh na Gaeilge annual Table Quiz in Béal Átha na Slua. An enjoyable evening was had by all and Junior Team were awarded trophies coming in second place. – Comhghairdeas le gach uile duine a ghlac páirt!

Ciaptha le ceisteanna

 

Filíocht Bheo – arís!

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, bhí ‘Filíocht Bheo‘ eagraithe i gcuideachta le daltaí ón idirbhliain. Chuige sin, roghnaigh na daltaí idirbhliana dánta agus amhráin ar leith ó liosta na Sraithe Sóisearaigh agus ó shiollabas na hArdteiste le foghlaim de ghlanmheabhair is le haithris don tslua. Cinnte, bhí rogha fairsing curtha os comhair dhaltaí na gaelscoile. Tugadh blas ar réimse na filíochta ón 20ú haois mar aon le blaiseadh ar chuid den fhilíocht chomhaimseartha. Bhí múinteoir Eimear go hiontach mar Bhean a’ Tí ar an ócáid.

Agus an méid sin curtha i gcrích acu, tugadh deis do na scoláirí óga a bhí sa lucht éisteachta gabháil i mbun pinn iad féin. Le fírinne, tugadh dúshláin dóibh tabhairt faoina saothar féin a chumadh bunaithe ar a n-ainmneacha féin. Caithfidh a rá go raibh siad thar a bheith cruthaitheach agus iad ag cur íomhánna lena gcuid focla.

As part of Seachtain na Gaeilge events, a number of transition year students performed a range of poetry ‘Filíocht Bheo -Poetry Aloud’ as Gaeilge. Gaelscoil Riada students not only participated enthusiastically as an active audience but they also had the opportunity to put pen to paper as young poets. 

Beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh

‘MiniMed’ – ar líne

Bhí seachtain ghnóthach ag daltaí na hIdirbhliana agus iad ag tabhairt faoi chúrsa ar líne le ‘MiniMed‘. Bhí an cúrsa á reáchtáil ag Coláiste Ríoga Mháinlianna na Éireann agus tugadh deis do daltaí taithí a fháil ar réimse leathan an leighis.

Bhí dochtúirí agus comhairleoirí ó réimsí éagsúla leighis i mbun léachtanna le scoláirí. I measc cuid de na hábhair a bhí pléite: bhí paidiatraí ag léiriú raon a gcuid oibre, tugadh léargas ar phaiteolaíocht fhóiréinseach, ar úsáid plaistice i réimse an leighis agus conas gortuithe spóirt á láimhseáil. Bhí seans ag scoláirí cluas a thabhairt le héisteacht le hothair trasphlandú orgáin agus leo siúd a d’fhulaing strócanna chomh maith. Mar aon leis na cainteanna uile, tugadh léargas físiúil ar an obair a bhíonns idir lámha ag lucht leighis agus físeán ag léiriú gearradh Caesarach agus eile.

Agus an méid sin curtha i gcrích, bhí na daltaí ag foghlaim faoi earnáil na cógaslainne agus an ról atá ag an phoitigéir sa phobal. Cinnte, is iomaí slí bheatha atá le comhlíonadh ag daoine maidir le cógas a sholáthar. Sula raibh cúrsa na seachtaine críochnaithe, bhí seans ag na daoine óga a bheith ag foghlaim faoi na brainsí éagsúla fisiteiripe agus cur síos soiléir tugtha fá na dúshláin éagsúla a bhíonns le láimhseáil acu siúd.

Níl aon amhras ach gur bhain scoláirí an Eachréidh an-tairbhe go deo as an chúrsa MiniMed. Ní fios ach seans go bhfuil glúin eile de lucht leighis spreagtha as a leithéid.

Transtion Year students recently spent a week participating and showing great interest in a MiniMed course. This week-long course gave a wonderful introduction into the world of medicine. A range of medical professionals gave lectures throughout the week. The students had the opportunity to listen to patients telling their stories of recovery as well as watching video footage of medical procedures. They also were given an insight into the various aspects of pharmacy as well as learning about the role of physiotherapists. As a result of this course, we believe some of the next generation might have gained some valuable inspiration and may later follow a career in medicine.

Rud ar bith is féidir a leigheas!

Cispheil na gCailíní – Buaiteoirí arís

Is cosúil go bhfuil cailíní an Eachréidh ag dul ó neart go neart mar fhoireann cispheile (Bl.1 & Bl.2). Léirigh siad obair fhoirne den scoth agus iad in iomaíocht le Coláiste Pobail Phort Omna. Cé go raibheadar faoi dhianbhrú ar uairibh, choinnigh siad smacht orthu féin agus an lámh in uachtar acu ar an chluiche ag deireadh an lae. Ní bhíonn bua gan dua, ar ndóigh. Comhghairdeas Libh !!

First & Second Year girls basketball team showed great teamwork to overcome Portumna Community College recently. Beirigí Bua

Comhghairdeas leat – Culann

Ba mhaith linn an deis seo comhghairdeas a ghabháil le Culann as a bheith páirteach i gcomórtas náisiúnta teangeolaíochta (AILO) ar na mallaibh. Tuigtear dúinn nach raibh ach beirt ó Chontae na Gaillimhe cáilithe le páirt a ghlacadh ag an leibhéal seo. Is cinnte go raibh éacht bainte amach aige agus é san iomaíocht i gcomórtas náisiúnta agus guímid gach rath air sa mholtóireacht atá le déanamh ar a chuid iarrachtaí.

We would like to take the opportunity to congratulate Culann as a participant in the ALL-Ireland Linguistics Olympiad (AILO) competition. It is great that Coláiste an Eachréidh has a participant at this level in such a competition. Wishing him all the best! Go n-éirí leat!.

Aoibhinn beatha an scoláire?