Skip to content

Lá Glas – Seachtain na Gaeilge

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, bhí lá speisialta eagraithe ag Coiste Gaeilge an Choláiste – Lá Glas.

Ar ndóigh, tuigimid gur scoil lán-gaeilge atá againn anseo ach is fiú go mór dúinn ár n-aitheantas mar Ghaeil a cheiliúradh. Chuige sin, bhí lá gan éide scoile eagraithe ag an choiste agus é molta go ndéanfadh cách a ndícheall éadaí glasa a chaitheamh. Atmaisféar spraíúil a bhí cothaithe sa scoil dá bharr.

Caithfidh a rá go raibh iarracht iontach déanta ag daltaí ón chéad bhliain go rang na hArdteiste a bheith gléasta glas. Ní hamháin sin ach ghlac na múinteoirí leis an dúshlán chomh maith agus feisteas glas le feiceáil orthu féin.

Roghnaigh Coiste Glas duaiseanna bhronnadh ar na daoine is fearr gléasta. Bronnadh duais ar Max Bl.2 mar an dalta is fearr gléasta agus ar mhúinteoir Lisa agus í aitheanta mar an múinteoir dea-ghléasta is fearr.

Comhghairdeas le gach uile duine a ghlac páirt sa ‘Lá Glas’ – – táimid iontach bródúil mar Ghaeil agus is fiú ár mbuanna mar Ghaeil a cheiliúradh.

Congratulations to everyone who took part in Lá Glas as part of Seachtain na Gaeilge.