Gaeilge – i lár na Páirce

Táimid thar a bheith bródúil as an ról a ghlac scoláirí ón choláiste agus iad ag comhoibriú le Gaeilge Locha Riach (tuilleadh eolais anseo) ar na mallaibh. Bhí Bliotsa Camógaíochta agus Iománaíochta faoi stiúir na heagraíochta ar son daltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta Oirthir na Gaillimhe. Faraor, bhí lá mór spóirt acu i bPáirc Naomh Breandáin, Baile Locha Riach agus foirne idir bhuachaillí agus cailíní ó trí scoil rannpháirteach: Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach, Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, agus Scoil Náisiúnta Naomh Breandán, Eanach Dhúin.

Le fírinne, bhí aidhm shimplí ag Gaeilge Locha Riach agus an ócáid speisialta eagraithe acu ná deis a thabhairt do na gaeil óga ó na scoileanna buaileadh le chéile ag imeacht ina raibh an Ghaeilge in uachtar réime mar theanga labhartha. B’iontach an radharc cailíní agus buachaillí ó gach uile scoil a fheiceáil ar an láthair agus an Ghaeilge a chloisteáil mar theanga cumarsáide eatarthu.

Ar mhaithe leis an Ghaeilge a threisiú i lár na páirce, bronnadh duaiseanna speisialta ar na gaeilgeoirí is fearr tar éis gach uile cluiche – rud a spreag níos mó ná cúpla focal ó na foirne. Mar aon leis an mhéid sin, tugadh béile saor in aisce do chách ó Take-Away Chonamara, a fhad is gur ordaigh siad a gcuid ‘i nGaeilge’.

Maidir le scoláirí an Eachréidh, is ábhar bróid iad, óir b’iad Aisling, Tori, Jamie agus Enda a bhí mar réiteoirí i lár na páirce ar an lá. Tuigtear go raibh an-jab déanta acu agus ceannaireacht den scoth léirithe acu ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn.

Gaeilge Locha Riach held a very sucessful Bliotsa Camógaíochta agus Iománaíochta for gaelscoils and gaeltacht national schools of East Galway recently. Gaeilge, was indeed ‘i lár na páirce’ and we are very proud of the coláiste representives of Aisling, Tori, Jamie agus Enda who played very important role as referees on the day.

Seachtain LADT+ le ceiliúradh

Tá pleananna idir lámha ag an choláiste Seachtain LADT+ a cheiliúradh tar éis na Cásca. Le deireannas, bhí aoichainteoirí ó Shoutout i mbun ceardlann le gach uile bliainghrúpa sa scoil ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chur chun cinn i measc phobal an choláiste maidir le riachtanais grúpaí éagsúla. Tá seachtain imeachtaí éagsúla beartaithe cheana féin ina mbeidh suíomh na scoile maisithe ildaite, daoine gléasta in éadaí geala, díolachán cistí, réimse cluichí eagraithe agus eile.

Having recently held workshops with Shoutout, the coláiste now has plans to celebrate LGBT+ Week. A range of colourful events and activities are being organized, all helping to promote a positive atmosphere throughout the school and improve understanding for LGBT+ community in our society.

Is beag an difear!

Níos cliste le ‘Wiser’

Le déanaí, tháinig aoi-chainteoirí ó WISER (tuilleadh eolais) chun labhairt le daltaí na dara bliana agus na hidirbhliana. Bhí siad ag caint faoi na caidrimh a bhíonn ag daoine óga agus an tábhacht atá ann fanacht sláintiúil agus sábháilte i gcónaí. Thug siad léargas ar an chaoi caidreamh sláintiúil a choinneáil idir bheirt agus léirigh siad an tábhacht le meas le bheith ar a chéile i dtólamh.

Both Bl.2 and Idirbhliain students were given very important healthy relationship advice as guest speakers from WISER (More info.) conducted positive workshops in the Coláiste recently.

Is fearr dea-chomhairle ná pota óir!

Raidió an Eachréidh

Tá an-obair go deo déanta ag an ‘Club Raidió’ ó bunaíodh é i mí Feabhra agus iad ag teacht le chéile gach Céadaoin ag am lóin ó shin. Pléadh na podchraoltaí a thaitníonn leo, dháiligh siad na poist éagsúla ar a chéile agus bheartaigh siad réimse topaicí a phlé. Ansin, thosaigh siad ag scríobh scripte, ag tarraingt póstaer agus ag smaoineamh ar ainm! Rinne siad cleachtadh leis an trealamh agus ar aghaidh leo ag taifead! Roghnaigh siad ceol don chlár agus thosaigh i mbun eagarthóireachta.

Tús maith leath na hoibre – Níl aon amhras ach go raibh tús breá láidir agus neart oibre curtha i gcrích acu leis ‘Club Raidió’. Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Múinteoir Eimear ach go háirithe a thug an spreagadh dóibh dul i mbun gnímh. Cinnte, tá siad ag súil go dtiocfaidh fás is forbairt ar a gcuid podchraoltaí agus go mbeidh go leor cláracha eisithe acu amach anseo.

Young broadcasters have been busy producing podcasts with the foundation of ‘Club Raidió’ in the coláiste. Here’s hoping we here them on the national airwaves in the future.

Buaiteoirí Teicneolaíochta Náisiúnta -KINIA

Bhí lá iontach ag scoláirí teicniúla ón choláiste ag Techféile 2023 le déanaí. Mar a tharlaíonn sé tugadh aitheantas faoi leith d’iarrachtaí go leor daltaí agus neart acu rannpháirteach sna cathanna róbait. Bhí ionadaíocht láidir ón scoil ar an láthair ag an fhéile naisiúnta teicneolaíochta eagraithe ag KINIA (Tuilleadh eolais ), ina measc bhí: daltaí ó Bl.2 mar aon l’ionadaithe ón Idirbhliain, Bl.5 agus múinteoirí ina gcuideachta. Le fírinne, bhí clár speisialta craolta ag RTÉ RnaG ar an lá agus seó Iris Aniar ar an láthair. (Is féidir éisteacht leis an chlar iomlán anseo Bhí lucht an Eachréidh ar an aer timpeall 40 nóiméad isteach sa chlár)

Bhí go leor daltaí curtha ar ghearrliostaí na ngradam agus a saothar ríomhaireachta molta go hard. Tugadh ainmniúcháin do Shadhbh, Isabelle agus Éadaoin as ucht na róbait a bhí cruthaithe acu. Bhí moladh speisialta tugtha do Luka agus Stephen agus códáil déanta acu ar róbat a dhear siad féin darbh ainm ‘Buanseasmhacht’. Mar aon leis sin, bhí Semyon ainmnithe ar an ghearrliosta i measc ‘ Tech Spásóirí’ na bliana. Gabhaimid comhghairdeas leo ar fad.

Caithfidh a rá, áfach, go bhfuilimid thar a bheith bródúil as na duaiseanna móra náisiúnta a bronnadh ar an choláiste. Bronnadh ‘Oideachasóir na Bliana’ ar mhúinteoir Bairbre agus tréaslaímid a gradam léi as ucht a díogras agus a tiomantas le cúrsaí ríomhaireachta a chur chun cinn i measc scoláirí an Eachréidh. Is féidir breathnú ar agallamh a rinneadh le Múinteoir Bairbre ( anseo idir 2:23:35 – 2:26:45 )  Lena chois sin, tugadh aitheantas agus príomhduais náisiúnta ar son ‘Léiriú Físeáin’ do lucht na hIdirbhliana as ucht an ghearrscannáin a thaifeadadh i mbliana – ‘Liam Ó Maoilíosa’ (Féach anseo ). B’iontach an rud é go raibh Adam (stiúrthóir) agus Semyon (eagarthóir) ar an láthair leis an duais a ghlacadh ar son na scoile agus cúpla focal a rá chomh maith (Féach anseo idir 1:46:25 – 1:50:40 )

Congratulations to all of the participants from the Coláiste that attended TechFéile organized by on a national basis by KINIA. A number of students’ achievements were shortlisted for awards and their outstanding work recognized. Some of these achievements were outlined in a radio interview with RTÉ RnaG. The main prize-winners though, taking home national awards, deserve a big ‘bualadh bos’ namely Múinteoir Bairbre as ‘Oideachasóir na Bliana’(Educator of the year) and the production crew of Liam Ó Maoilíosa for Léiriú Físeáin (Video Production).

Tagann gach ceird le cleachtadh!

Turas Ceoil

Bhí deis ag daltaí sóisearacha (Bl.2 & Bl.3) dul ar thuras speisialta go Baile Átha Cliath ar na mallaibh. Le fírinne, eispéireas iontach a bhí ann dóibh uilig agus iad ag freastal ar cheolchoirm iontach sa Cheoláras Náisiúnta.  NCH Bhíodar ina suí ar a sáimhín só agus iad ag tabhairt cluas le héisteacht don Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta don tráthnóna. Ní fios ach seans go mbeidh cuid acu ina mball den cheolfhoireann céanna amach anseo. Ba chosúil go ndeachaigh an ceolchoirm seo go mór i bhfeidhm orthu, óir, thapaigh cuid acu an deis an pianó i Staisiún Heuston a sheinm agus iad ag fanacht ar thraen lena n-iompar abhaile.

Some of the younger musicians of the Coláiste had a wonderful experience of visiting NCH in Dublin and listening to the National Symphony Orchestra for the afternoon in comfort. Hopefully, they’ll all be inspired to follow their hearts with music.

Is minic gur fearr ceol ná feoil.

 

Ceardlann Staire

Bhí Luke O’Donnell, léachtóir Staire, Ollscoil na Gaillimhe ar cuairt ar an scoil agus é i mbun cheardlann staire le scoláirí na hIdirbhliana. Ba é an t-Ocras Mór an príomhábhar pléite.

Le fírinne, b’é príomhthéama na ceardlainne ná ‘stair chonspóideach’ a fhiosrú. Ba léir, faoi dheireadh na ceardlainne gur minic go mbíonn i bhfad níos mó sonraí staire ‘i bhfolach’ ná mar atá le fáil ar an dromchla san insint comónta. Ar ndóigh, bhí neart blúiríní eolais roinnte le cách le linn an tseisiúin agus is iomaí nod a bhí tugtha do dhaltaí a bheas ag tabhairt faoin stair don Ardteist chomh maith.

Transition Year students recently benefitted from a very productive and insightful workshop with historian, Luke O’Donnell, University of Galway

#livelife – Teachtaireacht Shimplí Láidir

Tháinig Elma Walsh ar cuairt ar na mallaibh chun labhairt le daltaí na hIdirbhliana faoina mac, Donal Walsh. Bhí scéal tagóideach l’inse aici óir fuair Donal bás 12ú Bealtaine 2013 le hailse. Labhair an máthair leis na scoláirí faoin teachtaireacht a bhí ag Donal sula bhfuair sé bás. Le fírinne, bhí teachtaireacht shimplí láidir ag Donal – nár chóir d’éinne a bheith ag smaointiú faoi ‘féinmharú’ mar fhreagra choíche. Bhí Donal é féin ag streachailt a bheith beo agus bhí sé thar a bheith deacair dó a leithéid a thuiscint riamh. Tá cairde, daoine fásta agus go leor eagraíochta ar fáil gur féidir tacú le daoine i gcruachás. Bíonn roghanna eile ann i gcónaí. Tá máthair Donal fós ag scaipeadh teachtaireacht Donal le daoine óga #LiveLife

Bhailigh Donal os cionn €65,000 le haghaidh Bardas Ailse Naomh Eoin, Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn. Cuimhnítear go mbeidh comóradh 10 mbliana Donal ar siúl go luath i mí Bealtaine i gCnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo.

Idirbhliain students had the opportunity of listening to Elma Walsh, a mother who lost her son at a very young age to cancer. She had a simple strong message to deliver in memory of her son. #LiveLife.

Fiontraithe Óga

I measc na himeachtaí éagsúla a bhí idir lámha ag lucht na hidirbhliana, tugadh dúshlán dóibh mionchomhlachtaí dá gcuid féin a bhunadh. Cinnte, eispéireas iontach a bhí ann tús a chur lena leithéid agus a reáchtáil. Ar ndóigh, bhí deis acu a gcomhlachtaí beaga a léiriú mar chuid de Mhargadh na Nollag níos luaithe i mbliana.

Gabhaimid comhghairdeas le lucht na hidirbhliana ar fad a ghlac páirt sa togra seo agus muid iontach bródúil astu go bhfuil neart scileanna gnó foghlamtha acu dá bharr. Tréaslaímid leis an dá ghrúpa a bhí cáilithe le páirt a ghlacadh i gcraobh na Gaillimhe; Adhmaid an Eachréidh agus Katelyn’s Kandles. Nach iontach an bua a ghnóthaigh Katelyn’s Kandles agus Katelyn aitheanta mar an ‘Trádálaí Aonair is fearr’ ag Bord Fiontraíochta na Gaillimhe.

Congratulations to all the Idirbhliain students that took part in the mini-business project this year, especially those who qualified to take part in the regional competition with the Galway Enterprise Board. A special word of congrats goes out to Katelyn’s Kandles that was awarded best individual trader.          Go maire sí a bua!

Tá siad críonna i mbun gnóthaí

Blas den Chultúr Síneach

Bhí Newbie Chinese ar cuairt ar an choláiste le ranganna Sínise a mhúineadh do dhaltaí na hidirbhliana. D’fhoghlaim na scoláirí cúpla focal Síneacha agus bhí deis acu neart a fhoghlaim agus iad i mbun cluichí ríomhaireachta freisin.  Is trí phictiúir agus trí carachtair go mbíonn fuaimniú na bhfocal deimhnithe.

Bhí sé an-spéisiúil ag lucht na hidirbhliana teanga nua a fhoghlaim. Seo cúpla focal nua foghlamtha acu: wong = Rí , Da = Mór, Ren = Duine

Mar chuid den chúrsa idirbhliana chomh maith, chuaigh na scoláirí go Gaillimh le béile Síneach a ithe sa bhialann X’ian. Bhí ‘ceathair in a haon‘ acu: rís, sicín, sceallóga agus curaí. Baineadh triail as ‘cipíní itheachain’ (chopsticks) a úsáid chomh maith.  Cinnte, roinnt foghlamtha agus a thuilleadh blasta den chultúr Síneach.

During the school year, Idirbhliain students had the chance to learn a few things about Chinese culture; understanding the writing, learn a few words and taste some very nice Chinese food.

Bíonn blas ar an bheagán!