Turas Scoile: Bliain 1 & 2

Bhí turas scoile eagraithe do scoláirí óga an Eachréidh le deireannas agus iad ag gabháil do lámhach millíní péinte (paintballing) i dTigh Neatha agus ar shiúlóid san fhoraois i gcoillte Phort Omna. Ar a mbealach abhaile, bhí deis acu stopadh ag an ‘Plaza’ agus greim bia a fháil.

Is fiú go mór breathnú ar chuid de na grianghrafanna a glacadh ar an lá – ba léir go raibh cuid de na múinteoirí féin sásta dul i gcomhrac lena gcuid scoláirí chomh maith.

Great fun day had by First and second year students with forest walks, paintballing and a quick stopover at the Plaza.

Ceiliúradh na nGael

Agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag teacht chun críche, d’eagraigh an Coiste Gaeilge lá mór na nGael sa choláiste. Mar chuid den lá seo, iarradh ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí araon a bheith gléasta glas agus bronnadh duaiseanna ar an dalta agus ar an mhúinteoir is fearr gléasta. B’iad múinteoir Marie agus Eoin Bl.1 na buaiteoirí.

Bhí Tráth na gCeist Sheachtain na Gaeilge eagraithe agus ghlac gach uile bliainghrúpa páirt sa triail ‘Kahoot’. Mar aon leis sin, bhí Tráth na gCeist eagraithe ar socrative.com agus daltaí uile na scoile curtha faoi scrúdú ar a gcuid eolais maidir le Brat na hÉireann. Cinnte, tháinig daltaí na scoile le chéile le Brat na hÉireann a ardú ar an lá agus ómós léirithe don bhratach náisiúnta ar an lá.

Leanadh leis an cheiliúradh agus na tráth na gceisteanna críochnaithe. Uachtar reoite faighte ag gach uile duine agus pobal na scoile bailithe sa halla spóirt. Is ansin, a thosaigh siad ar choischéimeanna damhsa agus dian-chomórtas idir na ranganna. Cén rang is fearr a bhí ag gabháil don ‘Dreoilín’ ?(liricí anseo) Bhuel, bhí rang ó Bl.2 aitheanta mar bhuaiteoirí, dar leis na moltóirí.

Bhí go maith is ní raibh go holc – bhí spraoi ann agus is cosúil gur bhain cách an-sult is taitneamh as imeachtaí an lae.

Celebrations for Seachtain na Gaeilge climaxed with a range of activities during ‘Lá Glas’.

Ní hamháin gur glas iad na cnoic i bhfad uainn!

Cóitseáil Eitpheile ag Scoláirí Idirbhliana

Táimid iontach bródúil as na scoláirí idirbhliana atá ag glacadh páirte i gclár chóitseáil eitpheile faoi láthair. Gabhaimid buíochas le Amanda ó Volleyball Ireland a chuir tús leis an chlár agus a thug faoi lá traenála leis an idirbhliain an tseachtain seo caite. Tuigtear dúinn gur chóir go mbeadh na scoláirí ullmhaithe chun daltaí níos óige a chóitseáil nuair atá an cúrsa curtha i gcrích acu tar éis tréimhse 6 seachtaine.

Congratulations to TY scoláirí who are partaking in a 6 week training course with Volleyball Ireland. On completion of the programme, they should all be able to coach younger students. Go n-éirí leo!

Sinsearaigh buacach sa Sacar

Bhí sárthaispeántas sacair léirithe ag buachaillí sinsearacha an Eachréidh agus an ceann is fearr faighte acu ar Choláiste an Ardeaspaig Mhic Éil le déanaí. Tá moladh ar leith tuillte ag an fhoireann uile agus comhghairdeas le Marc a fuair trí chúl (tréchleas) ar an lá!

Cailíní Cispheile – Curaidh

Comhghairdeas ollmhór le cailiní cispheile Bl.1 & 2. Tá ceithre chluiche imeartha acu anois mar fhoireann i mbliana agus tá gach uile cluiche buaite acu go dtí seo. Is cinnte go bhfuil dul chun cinn iontach déanta acu agus iad ag imirt sa Sraith Shóisearach Iarbhunscoile Chispheil na hÉireann. Le deireannas, bhí an lámh in uachtar acu ar Choláiste Mheirlinne agus anois is cosúil go mbeidh siad in iomaíocht do Chraobh Chontae na Gaillimhe ag an leibhéal seo. Tréaslaímid a gcuid buanna leo agus guímid gach rath orthu i gcraobh an chontae.

Congratulations to the girls basketball team who have been on a winning streak and have won all four games this season. They have now secured themselves a place in the Galway county final of Basketball Ireland Post Primary Schools Junior League having defeated their latest opponents of Merlin College. Beirigí Bua

Staidéar Spreagtha

Bhí lá mór caite ag Ray Langan, comhairleoir, agus é i mbun ceardlainne le scoláirí an choláiste ar na mallaibh. Bhí deis ag dalta uile an choláiste cluas a thabhairt le héisteacht dó (seachas lucht na hidirbhliana).

Le fírinne, bhí teachtaireacht iontach simplí aige don lucht éisteachta ná go mbaineann cur chuige na hoibre le meon an fhoghlaimeora. Caithfidh a thuiscint gur féidir, gur fiú go mór do scoláirí spriocanna a chur rompu agus nár chóir a bheith diúltach ar chor ar bith.

Agus an méid sin ráite, bhí straitéisí foghlama léirithe do scoláirí an Eachréidh agus mhol sé do gach uile duine plean oibre a leagadh amach. Cuireadh ceist ar dhaltaí na scoile an raibh siad ag iarraidh marcanna breise a bhaint amach ar scoil – cinnte, ardaíodh na lámha lena ndíograis a léiriú. Anois, feicfimid an ndéanfar beart de réir a mbriathra?

Ray Langan spent a very productive day in Coláiste an Eachréidh as he provided motivational workshops on study skills.  A simple message of having a positive message can create wonders – Positive mental attitude. Having a positive attitude inspires anyone to achieve and therefore the study skills, techniques & planning all come to the fore, helping pupils then reach their goals.

As an obair a thagann an fhoghlaim.

 

Buaiteoirí Náisiúnta – Feachtas

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis an dhá fhoireann ón choláiste a bhí cáilithe le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais Tráth na gCeist ‘Feachtas’ in Óstán Ashling, Baile Átha Cliath le déanaí.

Tuigtear go raibh breis agus míle dalta meánscoile páirteach i gcraobhacha áitiúla den Tráth na gCeist i ngach Cúige den tír ó thús na scoilbhliana. Mar sin de, is iontach linn a rá gur éirigh le dhá fhoireann gabháil chomh fada le bheith páirteach sa chraobh. Le fírinne, éacht a bhí ann a bheith cáilithe don bhabhta ceannais.

Maidir leis an bhabhta craoibhe féin, bhí géariomaíocht i measc an 30 foireann a ghlac páirt ar an lá. Táimid iontach bródúil as scoláirí an Eachréidh ar fad a ghlac páirt sa bhabhta náisiúnta seo. Ní hamháin sin, ach caithfimid an bua ollmhór a ghnóthaigh foireann ón choláiste a cheiliúradh. 3ú Áit in Éirinn bainte amach ag Grace, Brian, Semyon agus Conor.

Congratulations to all our students that took part in the finals of Feachtas Quiz. A special word of congratulations to the team that back as All-Ireland Champions – 3rd Place.

Go maire sibh bhur mbua !

Sacar na mBuachaillí – Buacach Arís

Caithfimid foireann sacair na mbuachaillí a mholadh go hard na spéire as ucht a gcuid sáriarrachtaí i rith na mbliana. Tréaslaímid an bua is déanaí go mór leo agus iad anois cáilithe do chraobh ceannais Connachta (Faoi 15 – Rannóg C)

Bhíodar ag imirt i gcoinne Iarbhunscoil na Grainsí, Sligeach i mbabhta leathcheannais Connachta agus bhí rith an ráis leo faoi dheireadh. Guímid gach rath orthu sa chraobh anois ach, idir an dá linn, breathnóimís ar an radharc aoibhinn de scórline thíosluaite:

Coláiste an Eachreidh        2                  Iarbhunscoil na Gráinsí, Sligeach        1

Cispheil na mBuachaillí

Bhí buachaillí an Eachréidh thar a bheith gnóthach le deireannas agus iad ag imirt cispheile i gcoinne Choláiste an Chláirín. Bhí cluichí ag na buachaillí sóisearacha agus sinsearacha araon agus caithfidh a rá go bhfuilimid iontach bródúil astu ar fad. Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh ár mbuíochas a ghabháil le Adam agus Culann as ucht a gcuid oibre ar son na cispheile sa choláiste agus iad ag reáchtáil traenála le cúpla mí anuas.
Thug an fhoireann shóisearach aghaidh ar Choláiste an Chláirín le díograis. Cinnte, bhí sárthaispeántas léirithe acu sa chluiche ach, ar an drochuair, níor éirigh leo an bua a thabhairt leo sa deireadh. Sin ráite, táimid thar a bheith bródúil astu óir b’shin an chéad chluiche a d’imir siad le chéile mar fhoireann.
Níl aon amhras ach go raibh an-iomaíocht sa chluiche shinsearach. Bhí leaids an Eachréidh an-tiomanta go deo agus an cluiche idir dhá cheann na meá ar uairibh. Choinnigh siad stuaim orthu féin agus d’éirigh leo dul ó neart go neart agus an cluiche ag teacht chun críche. Sheas siad go daingean in éadan fhoireann Choláiste an Chláirín agus bhí siad buacach sa deireadh ar scór 25-21.
Both Junior and Senior Boys Basketball teams had very competitive matches against Coláiste an Chláirín recently.

Comhghairdeas leo ar fad

Peileadóirí Sinsearacha

Bhí lá maith ag buachaillí sinsearacha an Eachréidh agus iad ag imirt peile ar na mallaibh. D’imir siad dhá chluiche in aon lá amháin. Is fiú breathnú ar na scóranna thíosluaite:

Coláiste an Eachréidh       4:6            Coláiste Cholmcille      1:3

Coláiste an Eachréidh       3:7            Coláiste Mheirlinne      1:3