Skip to content

Ceiliúradh na nGael

Agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag teacht chun críche, d’eagraigh an Coiste Gaeilge lá mór na nGael sa choláiste. Mar chuid den lá seo, iarradh ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí araon a bheith gléasta glas agus bronnadh duaiseanna ar an dalta agus ar an mhúinteoir is fearr gléasta. B’iad múinteoir Marie agus Eoin Bl.1 na buaiteoirí.

Bhí Tráth na gCeist Sheachtain na Gaeilge eagraithe agus ghlac gach uile bliainghrúpa páirt sa triail ‘Kahoot’. Mar aon leis sin, bhí Tráth na gCeist eagraithe ar socrative.com agus daltaí uile na scoile curtha faoi scrúdú ar a gcuid eolais maidir le Brat na hÉireann. Cinnte, tháinig daltaí na scoile le chéile le Brat na hÉireann a ardú ar an lá agus ómós léirithe don bhratach náisiúnta ar an lá.

Leanadh leis an cheiliúradh agus na tráth na gceisteanna críochnaithe. Uachtar reoite faighte ag gach uile duine agus pobal na scoile bailithe sa halla spóirt. Is ansin, a thosaigh siad ar choischéimeanna damhsa agus dian-chomórtas idir na ranganna. Cén rang is fearr a bhí ag gabháil don ‘Dreoilín’ ?(liricí anseo) Bhuel, bhí rang ó Bl.2 aitheanta mar bhuaiteoirí, dar leis na moltóirí.

Bhí go maith is ní raibh go holc – bhí spraoi ann agus is cosúil gur bhain cách an-sult is taitneamh as imeachtaí an lae.

Celebrations for Seachtain na Gaeilge climaxed with a range of activities during ‘Lá Glas’.

Ní hamháin gur glas iad na cnoic i bhfad uainn!