Skip to content

Cispheil na mBuachaillí

Bhí buachaillí an Eachréidh thar a bheith gnóthach le deireannas agus iad ag imirt cispheile i gcoinne Choláiste an Chláirín. Bhí cluichí ag na buachaillí sóisearacha agus sinsearacha araon agus caithfidh a rá go bhfuilimid iontach bródúil astu ar fad. Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh ár mbuíochas a ghabháil le Adam agus Culann as ucht a gcuid oibre ar son na cispheile sa choláiste agus iad ag reáchtáil traenála le cúpla mí anuas.
Thug an fhoireann shóisearach aghaidh ar Choláiste an Chláirín le díograis. Cinnte, bhí sárthaispeántas léirithe acu sa chluiche ach, ar an drochuair, níor éirigh leo an bua a thabhairt leo sa deireadh. Sin ráite, táimid thar a bheith bródúil astu óir b’shin an chéad chluiche a d’imir siad le chéile mar fhoireann.
Níl aon amhras ach go raibh an-iomaíocht sa chluiche shinsearach. Bhí leaids an Eachréidh an-tiomanta go deo agus an cluiche idir dhá cheann na meá ar uairibh. Choinnigh siad stuaim orthu féin agus d’éirigh leo dul ó neart go neart agus an cluiche ag teacht chun críche. Sheas siad go daingean in éadan fhoireann Choláiste an Chláirín agus bhí siad buacach sa deireadh ar scór 25-21.
Both Junior and Senior Boys Basketball teams had very competitive matches against Coláiste an Chláirín recently.

Comhghairdeas leo ar fad