Skip to content

‘MiniMed’ – ar líne

Bhí seachtain ghnóthach ag daltaí na hIdirbhliana agus iad ag tabhairt faoi chúrsa ar líne le ‘MiniMed‘. Bhí an cúrsa á reáchtáil ag Coláiste Ríoga Mháinlianna na Éireann agus tugadh deis do daltaí taithí a fháil ar réimse leathan an leighis.

Bhí dochtúirí agus comhairleoirí ó réimsí éagsúla leighis i mbun léachtanna le scoláirí. I measc cuid de na hábhair a bhí pléite: bhí paidiatraí ag léiriú raon a gcuid oibre, tugadh léargas ar phaiteolaíocht fhóiréinseach, ar úsáid plaistice i réimse an leighis agus conas gortuithe spóirt á láimhseáil. Bhí seans ag scoláirí cluas a thabhairt le héisteacht le hothair trasphlandú orgáin agus leo siúd a d’fhulaing strócanna chomh maith. Mar aon leis na cainteanna uile, tugadh léargas físiúil ar an obair a bhíonns idir lámha ag lucht leighis agus físeán ag léiriú gearradh Caesarach agus eile.

Agus an méid sin curtha i gcrích, bhí na daltaí ag foghlaim faoi earnáil na cógaslainne agus an ról atá ag an phoitigéir sa phobal. Cinnte, is iomaí slí bheatha atá le comhlíonadh ag daoine maidir le cógas a sholáthar. Sula raibh cúrsa na seachtaine críochnaithe, bhí seans ag na daoine óga a bheith ag foghlaim faoi na brainsí éagsúla fisiteiripe agus cur síos soiléir tugtha fá na dúshláin éagsúla a bhíonns le láimhseáil acu siúd.

Níl aon amhras ach gur bhain scoláirí an Eachréidh an-tairbhe go deo as an chúrsa MiniMed. Ní fios ach seans go bhfuil glúin eile de lucht leighis spreagtha as a leithéid.

Transtion Year students recently spent a week participating and showing great interest in a MiniMed course. This week-long course gave a wonderful introduction into the world of medicine. A range of medical professionals gave lectures throughout the week. The students had the opportunity to listen to patients telling their stories of recovery as well as watching video footage of medical procedures. They also were given an insight into the various aspects of pharmacy as well as learning about the role of physiotherapists. As a result of this course, we believe some of the next generation might have gained some valuable inspiration and may later follow a career in medicine.

Rud ar bith is féidir a leigheas!