Skip to content

Gradaim na Gaeilge

Gradaim Gaeilge bronnta ar Danielle, Sarah, Éilis, Kate, Eva, Raphi, Seanie, Réitseal, Seán, Mollaí, Mairidh agus Eibhlín.

Mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce na Nollag, tugadh aitheantas speisialta dóibh siúd gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa choláiste agus sa chomharsanacht mórthimpeall. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh meon dearfach comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gColáiste. Comhghairdeas le Danielle, Sarah, Éilis, Kate, Eva, Raphi, Seanie, Réitseal, Seán, Mollaí, Mairidh agus Eibhlín. Tuilleadh eolais fá ghradaim eile cliceáil anseo

 

Máistreas Bairbre leis na hOifigigh atá ag an gCoiste Gaeilge; Conchúr, Mollaí, Eibhlín, Leah, Mairidh is Emily.

 

Ghlac Máistreas Bairbre leis an deis comhghairdeas ó chroí a ghabháil leo siúd atá ag obair go díograiseach le Gaelbhratach a bhuachan athuair don Ghaelcholaiste. Níl siad ag glacadh leis go mbeidh an gradam bronnta orthu gan obair a chur isteach. Cinnte, tá obair cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta agus é ar intinn ag an Coiste Gaeilge go leanfar leis an obair eiseamláireach. Tuilleadh eolais fán Ghaelbhratach cliceáil anseo.

 

 

 

Máistir Brian & Máistreas Nóra leis an dá fhoireann díospóireachta. Sóisear: Liam, Niamh, Lauren & Madison; Sinsear: Leah, Eibhlín & Mairidh (Seán as láthair)

Ní amháin sin ach tugadh aitheantas speisialta go poiblí do na foirne díospóireachta idir shóisear agus sinsear a rinne éacht i mbliana agus an dá fhoireann cáilithe do bhabhtaí ceannais Chúige Chonnachta. Cinnte, bhí an-obair go deo déanta acu i mbun ullmhúcháin le Máistreas Nóra agus iad páirteach i gcomórtas náisiúnta eagraithe ag Gael Linn. Tá Coláiste an Eachreidh thar a bheith bródúil astu ar fad. Tuilleadh eolais faoi na díospóireachtaí cliceáil anseo.

 

 

 

 

 

Gradaim Gaeilge awards presented to representatives from each class, to the Coiste Gaeilge for award winning work for Gaelbhratach and to the Junior and Senior debating teams. Comhghairdeas leo ar fad!