Skip to content

Fóram 2019 agus Dáil 100!

Sean Kyne (Aire Stáit, Fine Gael), Aengus Ó Snodaigh (T.D. Sinn Féin) agus Éamon Ó Cuív (T.D., Fianna Fáil) i gcuideachta Alíona agus Réitseal a stiuraigh an plé.

Ós rud é go raibh an chéad chruinniú ag Dáil Éireann Eanáir 1919, roghnaigh Coláiste an Eachréidh go raibh an deis acu comóradh a dhéanamh ar an ócáid agus Fóram Polaitíochta eagraithe acu. Agus an gnó uile ag an chéad chruinniú den Dáil 21/1/1919 déanta trí mheán na Gaeilge, ní mór an t-ionadh gur i nGaeilge a cuireadh béim ins sa phlé.

I measc na hionadaithe i láthair ar an lá, bhí:

  • Sean Kyne, Aire Stáit, Fine Gael
  • Éamon Ó Cuív, T.D. Fianna Fáil
  • Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Cuireadh neart ceisteanna agus bhí plé forleathan maidir le cúrsaí oideachais is gaelscoileanna go háirithe ach tugadh aird faoi leith ar chúram do shaoránaigh uile na hÉireann i gcomhthéacs ‘Forógra na Saoirse’. Lena chois sin, bhí tuairimíocht á lorg fán mhéid atá i ndán dúinn maidir le Stormont, Breatimeacht, ár gcaidreamh le S.A.M. agus don domhan féin. (Ceisteanna anseo)

Bhí plé sláintiúil ann agus b’iontach leis na daltaí an deis a thapú ceisteanna a chur ar cheannairí na tíre. Scoláirí idirbhliana a bhí i gceannas an Fóram Pholaitíochta a eagrú, iad ag cur ceisteanna is ag stiúradh an plé ar fad. Dúirt urlabhra ón idirbhliain:

“Is cúis áthais dúinn gur thug na polaiteoirí an t-am cluas a thabhairt le héisteacht dúinn.”

Tuilleadh eolais ar Fhóraim eile cliceáil anseo

Our annual, TY organised, Political Forum, was well attended by the public representatives of Fine Gael, Fianna Fáil and Sinn Féin.  It was a great success and the students of Coláiste an Eachréidh were pleased that the politicians took time to engage with them in current affairs matters.