Gairmeacha Éagsúla

Bhí Múinteoir Máirín  gnóthach ar na mallaibh agus réimse ceardlanna eagraithe aici i dtaobh chúrsaí gairmtreoracha do dhaltaí sinsearacha na scoile. Ní hamháin sin ach bhí ’Lá Gairme’ speisialta eagraithe ar a son chomh maith. Cinnte, bhí turas lae ag na daltaí ina raibh lá iomlán tugtha do ghairmeacha éagsúla agus réimse leathan eolais curtha ar fáil ó ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta, ionaid oiliúna agus ó go leor eile.

Bhí ionadaí ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ag cur síos ar na féidireachtaí éagsúla ar fáil ansin. Bhí Caoileann Ní Dhonnchadha, Institiúid Oideachais Marino ar cuairt chomh maith le labhairt le daltaí i mbliain 5 & 6 maidir leis na roghanna atá ar fáil acusan agus i dtaobh na deiseanna fostaíochta ó thaobh an earnáil oideachais de.

Tuigimid gur tréimhse cinniúnach atá ann dár scoláirí uile. Dá bhrí sin, táimid thar a bheith buíoch do mhúinteoir Máirín as gach uile rud atá eagraithe aici ag díriú ar ghairmthreoir

We would like to thank Múinteoir Mairín for organizing a series of events helping students in their career options. Senior students have benefited from a number of talks from representatives from 3rd level colleges, workshops and a careers’ day. We hope it all helps the students in choosing their next steps.

Is fearr slí a iarraidh ná dul ar iarraidh

Seó den Scoth le teacht!

Níl aon amhras ach go bhfuil lucht na hIdirbhliana ag tabhairt faoin cheoldráma le díograis. Tá sceitimíní ar chách i mbun oibre, iad ag tabhairt cluas géar le héisteacht le treoracha ón stiúrthóir. Ceachtanna aisteoireachta is damhsa le foghlaim de ghlanmheabhair. Caithfidh a admháil go bhfuil misneach agus féinmhuinín lucht na hIdirbhliana ardaithe go mór cheana féin agus iad ag ullmhú don cheoldráma.

Ar ndóigh, tá neart cleachta le déanamh go fóill. Sin ráite, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh seó den scoth thar a bheith gairmiúil curtha inár láthair i lár Mhí na Samhna.

The Idirbhliain students have certainly have been putting the work in with this years Ceoldráma production. Their acting, dancing and singing skills have been brought to the fore but also their co-operation, communication, planning and personal skills have all improved. Plenty of practice to be done yet but we are sure they will produce a fine show Mid-November.

Cead Pleanála Fógraithe / Planning Permission Announced

Tá an-athás ar Choláiste an Eachréidh an nuacht a chraobhscaoileadh go bhfuil cead pleanála faighte go hoifigiúil anois chun Gaelchampas a thógáil i mBaile Átha an Rí. Ní hamháin go mbeidh Gaelcholáiste ag feidhmniú ón suíomh ach beidh Gaelscoil Riada agus Naíonra (An Teach Spraoi) ar an láthair. Faraor, is cosúil go mbeidh na háiseanna is nua-aimseartha curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge idir réamhscolaíocht, bunscolaíocht agus oideachas dara leibhéal ón suíomh úrnua.

Is iontach go bhfuil brionglóid an Ghaelchampais ag teacht i gcrích faoi dheireadh agus toradh na físe céanna ag nochtadh i bpictiúir atá eisithe anois. Cé go bhfuil botúin i litriú Choláiste an Eachréidh sna léaráidí, is féidir a leithéid a chur ina cheart agus an fhoirgneamh tógtha. Is breá an rud é ár súile a lasadh le hathás ag breathnú ar na radharcanna áille leagtha amach don Ghaelchampas.

Ag caint ar an nuacht, dúirt Sinéad Nic Stiofáin, Príomhoide:

“Tá gliondar ar mo chroí go bhfuil cead pleanála fógraithe go hoifigiúil. Tá sceitiminí orm ag smaointiú faoin todhchaí gheal romhainn agus mé ar bís tabhairt faoi na chéad céimeanna eile os ár gcomhair.”

Coláiste an Eachréidh are delighted to publicize the news that planning permission for a new build of a Gaelchampas has officially been announced. Pictures of the plans have also been distributed.

Oíche Oscailte sa Choláiste

Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh a chur i gcuimhne do phobal uile na scoile go mbeidh Oíche Oscailte againn Déardaoin 28 Meán Fómhair @ 7.00 i.n.. Iarrfaimid oraibh an scéal a chraobhscaoileadh i measc gaolta is cairde ag a bhfuil daltaí in aois meánscoile 2024/25 go mbeidh fáilte Uí Cheallaigh curtha rompu.

We would like to take the opportunity of reminding the school community that Coláiste an Eachréidh will be hosting it’s Open Night for all prospective students and parents. Please pass on this news to relatives and friends with students of second level age 2024/25. Everyone will be assured of a hearty welcome and to have all their questions answered about Coláiste an Eachréidh Thursday 28th September @ 7.00 pm.

Bígí Linn

Buanna Scannánaíochta

Gabhaimid comhghairdeas leis na daltaí uile atá tar éis a mbuanna cruthaitheachta a léiriú ar leibhéal físe agus scannáin d’ardchaighdeán a chur le chéile le deireannas. Ní hamháin sin ach bronnadh aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na scannáin céanna.

Is cosúil gur bhain na daltaí, atá anois i mBliain 5, deis as a gcuid ama san idirbhliain na scannáin seo a chur le chéile. Le fírinne, chuir siad an togra scannánaíochta ‘Distorted Minds’ ( ar fáil anseo) le chéile iad féin taobh amuigh d’uaireanta scoile agus cheana féin, tá clú agus cáil air ar fud na cruinne agus aitheantas tugtha dó ó fhéiltí idirnáisiúnta. Treislímid a mbuanna leo agus muid ag súil go dtiocfaidh forbairt ar a saothar. B’é Adam a scríobh, a léirigh agus a bhí mar aisteoir sa scannán seo. Ina chuideachta, bhí Eoin, Laoise, Gregory, Conor agus Ellie. Rinne Eoin guthú ar an ghearrscannán agus bhí Kevin, Leah, Orla, Luíseach, Semyon, Leelan agus Lúcas mar aisteoirí breise.

Le linn an tsamhraidh, chuala muid go raibh bua mór bronnta ar scannán eile lena raibh an ghrúpa seo páirteach mar thionscadal idirbhliana. D’éirgh le Liam Mellows (Liam Ó Maoilíosa) duais idirnáisiúnta a bhaint amach mar bhuaiteoir leathcheannais SWIFF. Is bua mór a bhí anseo nuair a thuigimid go raibh 13,868 iontáil sa chomórtas as 120 tír. B’fhéidir gurbh fhiú breathnú ar an scannán sin arís anseo.

Bliain 1 – Buaiteoirí Fógraithe

An chéad lá ar scoil, bhí ‘Tóraíocht Taisce’ thart ar Bhaile Átha an Rí ag na scoláirí úrnua, iad ag cur aithne ar a chéile, ar na múinteoirí agus ar an cheantar mórthimpeall orthu. An dara lá ar scoil, bhí ‘Tráth na gCeist’ eagraithe go speisialta ar a son. Fógraíodh na buaiteoirí agus bronnadh duaiseanna beaga agus teastais orthu – glacaimid leis gur tháinig gach grúpa eile sa dara háit. An rud is tábhachtaí ná gur bhain gach uile duine an-taitneamh go deo as na himeachtaí.

Lá Mór maith – Bliain 1 ag toiseacht

Tús maith, leath na hoibre a deirtear agus is cosúil go raibh lá mór maith ag gach uile duine agus iad ag toiseacht amach i gColáiste an Eachréidh 28 Lúnasa 2023.

Bhí go maith is ní raibh go holc agus iad ar chamchuairt thart ar shuíomh na scoile, ag cur aithne ar an scoil, ar chairde nua agus ar na múinteoirí. Bhí spraoi go leor acu ag tabhairt faoi chluichí éagsúla, dúshláin ar leith agus iad i mbun ‘Tóraíocht Taisce’ thart ar Bhaile Átha an Rí. Ar ndóigh, lá mór oibre curtha i gcrích acu – ní mór an t-ionadh é go raibh uachtar reoite uathu sular fhág siad. Gach cuma orthu go mbeidh siad ar fad breá sásta socrú isteach sa choláiste linn:

An Chéad lá ar scoil 28 Lúnasa ’23

Lá stairiúil don chéad bhliain agus iad ag toiseacht 28 Lúnasa 2023. Roinnt grianghrafanna ón chéad lá:

Coláiste Students Excel Again!!

 

D’eirigh thar cinn arís i mbliana le daltaí an Choláiste, ó a bunaíodh an Coláiste ghnóthaigh 33% breis is 500 pointe CAO, i mbliana bhain 43% breis is 500 pointe agus 10% a fuair breis is 600 pointe. Comhghairdeas le gach dalta agus lena múinteoirí as na torthaí iontacha!!

Outstanding results yet again with 4 of 10 students, or 43% exceeding, 500 points. Traditionally, Coláiste students attain results which surpass national norms, every year 33% or more attain 500+ CAO points where the national figure is approximately 10%. Congratulation to all the students and their teachers.