Bliain 1 2022 – an Chéad Lá

Seo iad – daltaí Bliain 1 agus iad ag toiseacht i gColáiste an Eachréidh 30/8/22

‘Tús maith, leath na hoibre’ a deirtear agus is cosúil go raibh tús maith spraoiúil ag gach uile dalta sa chéad bhliain agus iad ag toiseacht Dé Máirt 30 Lúnasa 2022. Bhí tráth na gceist, neart cluichí agus turas mórthimpeall suíomh na scoile, iad ag cur aithne ar a chéile agus ar mhúinteoirí an choláiste. Cinnte, lá stairiúil dóibh ar fad, iad ag cur tús le saol nua ar an mheánscoil i gColáiste an Eachréidh.

Tá súil againn go mbeidh blianta taitneamhacha sábháilte acu uilig sa choláiste agus go mbeidh deis acu barr a gcumais a léiriú mar scoláirí dara leibhéal inár gcuideachta.

Congratulations to all the first years that started secondary school life with us in Coláiste an Eachréidh. It seems that every newcomer had a very enjoyable day getting to meet and greet other students and teachers. They had a range of activities organized for them with the help of transition year students with a number of games, a quiz and a tour of the school.

Sin é. – Trian den obair tús a chur!

Beirigí Bua is Beannacht i gColáiste an Eachréidh.

 

Daltaí Nua – Fáilte Romhaibh!

100,000 Fáilte roimh daltaí Bl.1 2022

Beidh daltaí nua ag toiseacht don chéad úr maidin amárach – Dé Máirt 30 Lúnasa ’22. Cuirfear fáilte is fiche rompu ag 9 r.n. agus buailfidh múinteoirí is daltaí ón Idirbhliain leo ag an ngeata. Tá gach duine ag súil go mór aithne a chur ar na daltaí nua.

Everyone in Coláiste an Eachréidh are looking forward to welcoming our first year students tomorrow morning at 9a.m. Teachers and some TY students will meet and greet at the gate.

Go n-éirí go geal libh ar fad!

Ba mhaith linn fáilte ollmhór a chur roimh daltaí Bl.1 2022

Na Gaeil Abú

Tuigimid go bhfuil an Ghaeilge i gcroílár an choláiste agus déanaimid gach iarracht tearmann teangan a chothú mórthimpeall orainn i gcónaí. Cinnte, is iomaí Gael Óg atá sa scoil againn agus mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce ‘22, tugadh aitheantas ar leith dóibh siúd a thaispeán meon dearfach eiseamláireach i dtaobh na Gaeilge i rith na bliana. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh cur chuige comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Le fírinne, níl ach cuid de na Gaeil Óga aitheanta anseo againn. Dorn san aer do na Gaeil!

Go n-éirí leis na Gaeil Óga 22/23!

Seo cuid de na Gaeil Óga aitheanta as ucht a ndíograis ar son na Gaeilge agus iad i gcuideachta Máistreas Bairbre agus Máistir Brian

I measc iad siúd aitheanta mar Ghaeil óga, bhí:

Bl.1:  Clodagh & Max

Bl.2:  Brian & Úna

Bl.3:  Eimear & Molly

Bl.5:  Matthew

Bl.6:  Liadán & Raphi

Tinreamh 21/22

Gabhtar comhghairdeas leis na daltaí uile agus tinreamh den scoth acu sa cholaiste 2021/22. Cinnte, bhí deis againn aitheantas a thabhairt do na daltaí céanna mar chuid de Cheiliúradh Gaisce. Is iontach go deo go bhfuil tinreamh scoile chomh maith sin acu go cinnte.

Léiríonn a leithéid go bhfuil siad tiomanta, díograiseach agus iad réidh chun foghlaim i gcónaí. Éacht a bhí ann do na scoláirí go háirithe le linn na paindéime. Guímís go mbeidh sé i dtólamh ina gcumas ag daltaí uile an choláiste freastal ar scoil is ar shaol na hoibre amach anseo.

Congratulations to the students that were recognized for their excellent attendance as part of the end of year Ceiliúradh Gaisce award ceremony 2022. This was a particular achievement considering the conditions of the pandemic. We wish all our students the best of health and hope they are able to strive for great attendance. Leanaigí oraibh uilig!

Imeachtaí na Bliana – Ceiliúradh

Cuid de na scoláirí aitheanta ag BOOGR i gColáiste an Eachréidh

Rinneadh iarracht cuid de na comórtais agus na himeachtaí is mó ina raibh daltaí a cheiliúradh le linn Ceiliúradh Gaisce 2022. Ina measc bhí aitheantas tugtha do cúigear go speisialta agus iad aitheanta ag BOOGR. Cinnte, bhí éachtaí curtha i gcrích ag an cúigear agus iad aitheanta ar leibhéal náisiúnta chomh maith. I measc an cúigear aitheanta le Gradaim BOOGR, bhí; Sarah a sháraigh na dúshláin fisiciúla a cuireadh roimpi le freastal agus dul chun cinn a dhéanamh ar scoil, Adam agus gaiscí ríomhaireachta curtha i gcrích, Katlyn a bhí aitheanta mar bhuaiteoir náisiúnta i Scléip, Rhianna as ucht a díograis ar feadh na blianta ar son na Gaeilge agus an fhoireann díospóireachta Concern agus craobh na hÉireann bainte amach acu.

Tugadh aitheantas ar leith don fhoireann a ghlac páirt i gcraobh-chomórtas Feachtas agus iad páirteach ar leibhéal náisiúnta sa Tráth na gCeist iomráiteach. Bhí iomaitheoirí AILO molta go hard chomh maith agus iad aitheanta ar leibhéal náiusiúnta as ucht a scileanna teangeolaíochta. Ní amháin sin ach bronnadh gradam ar Ella agus í a chuir cúrsaí rothaíochta chun cinn, rud a bhain gradam náisiúnta amach di. Cinnte, ní raibh dearmad déanta ar na gaiscí timpeallachta agus an obair fíor-thábhachtach curtha i gcrích ag an Coiste Glas. Mar aon leis an mhéid sin, tugadh aitheantas ar leith do scoláirí Ardteiste agus sa tSraith Sóisearach a rinne éacht ina gcuid oibre agus iad i mbun tionscadail in ábhair éagsúla (Miotalóireacht, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Adhmadaóireacht agus Stair.) Beirigí Bua

Ceiliúradh Gaisce awarded quite  a few of our students for their achievements on both local and national levels. 

Beidh a thuilleadh nuachta maidir le Ceiliúradh Gaisce ’22 arís. There will be further updates from Ceiliúradh Gaisce ’22 again.

 

Beir Bua agus Beannacht Brian

Brian Ó Maoilchiaráin mar Phríomhoide ar Choláiste an Eachréidh ó bunaíodh an scoil 2006

Bhí sraith imeachtaí éagsúla eagraithe agus daltaí, múinteoirí, cairde is pobal uile na scoile ag guí gach rath is beannacht ar Mháistir Brian de bharr go bhfuil sé ag dul ar scor i mbliana. Cinnte, níl léamh ná scríobh ná inse béil ar na gníomhartha áirithe ar fad a tharla ag deireadh na scoilbhliana ina raibh camchuairt thart ar ranganna uile an choláiste, ‘Oscars CanE’, ceol is amhráin nua-cumtha, óráidí buíochais, teachtaireachtaí curtha ó fud fad na cruinne agus neart cuairteoirí ag teacht chun a mbeannachtaí a ghabháil leis. Beidh a thuilleadh eolais scaipthe arís ach seo a leanas cuid de na príomhphointí luaite ag ócáid cheiliúrtha.

Na Chéad seomraí a bhí ag an choláiste

Ó 2006 go dtí an Lá inniu

Tuigtear go raibh neart constaicí roimh an Choiste Bunaithe agus iad i mbun feachtais le Coláiste an Eachréidh a bhunadh ó 2003. Is iomaí deacracht a bhí curtha os a gcomhair ach tar éis a gcuid stocaireachta ar fad, bhí cuma ar an scéal go raibh fís na mbunaitheoirí ag teacht faoi bhláth. Moladh dóibh go raibh ceithre ‘P’ le deimhniú; Pobal – daltaí agus a dtuistí, Pátrún – Coiste Gairmoideachais (BOOGR anois), Pre-Fab – suíomh don scoil agus Príomhoide – níorbh a fhios ag éinne cé a bheadh ann. Faoi Aibreán 2006, áfach, bhí Príomhoide ceaptha – Máistir Brian agus b’eisean a thug faoin dúshlán na doirse a oscailt i gColáiste an Eachréidh 28 Lúnasa ’06 ina raibh ochtar daltaí; ceathrar buachaillí agus ceathrar cailíní. Cinnte, bhí Brian i gceannas ar an choláiste agus é ag fás thar na blianta go dtí an phointe go bhfuil meánscoil lán-Gaeilge ag freastal ar bhreis agus 250 scoláire i láthair na huaire.

Brian os comhair a’ tsaoil

An Fear é féin

Fear stuama seasmhach é Brian a thug agus a thugann i gcónaí lena chuid dualgas go ciallmhar agus le críonnacht. Molann an obair an duine’ a deirtear agus ba léir don domhan mhór go mbíodh Brian ag iarraidh ard-chaighdeán a bhaint amach go deo. Níorbh é gur thug sé faoi thasc ar bith faoi dheifir ná gur éirigh sé ró-thógtha fá chúraimí an tsaoil ná fá dheacrachtaí ollmhóra mórthimpeall air. Níorbh é, ach bhíodh modh oibre cinnte dearfach aige lena shaothar a chur i gcrích agus ní bheadh sé sásta go mbeadh barr a chumais léirithe aige. Mar dhuine ar bith againn, is cinnte go mbíodh strus air amanta ach ní bheadh a fhios ag éinne choíche go raibh brú inmheánach ar bith air ach é ag iarraidh beart a dhéanamh de réir a bhriathar ar bhun ghairmiúil agus sár-saothar a bhaint amach.

Fós ag foghlaim – foghlaim fad saoil

Tuiscint ar Dhaltaí

Bhíodh aird Bhriain dírithe ar na daltaí os a chomhair riamh. Ní nach ionadh go mbíodh sé le feiceáil ag doirse na scoile le fáilte chroíúil agus cúpla focal a bheith aige le scoláirí ar a mbealach isteach. Ar ndóigh, bhíodh sé le feiceáil ag fágáil slán leo ag deireadh an lae chomh maith. Le fírinne, ba chuma cad eile a bhíodh idir lámha aige ná spriocdháta a bhíodh le baint amach, ba thábhachtaí i bhfad a bheith ar an láthair cuí le maidin mhaith agus slán a rá gach uile lá scoile. Thuig Brian riamh gurbh iad na scolairí cúisle an bheatha ag preabadh i gcroí na scoile. Gan scoláirí, ní bheadh Coláiste an Eachréidh beo. Chuige sin, dhíríodh sé ar riachtanais na ndaltaí mar phríomhsprioc i gcónaí agus ba chosúil go raibh focla ó ‘Ráiteas Misean an Choláiste’ de ghlanmheabhair aige agus é ag déanamh gach dícheall timpeallacht thaitneamhach shlán-shábháilte a sholáthar agus é ag súil go mbainfeadh na scoláirí lán-chumais amach.

Brian i gcuideachta le Seán Ó Brian agus Peadar – iardhalta atá mar mhúinteoir anois é féin

Leis an Fhoireann Teagaisc

Mar cheannaire ar an fhoireann teagaisc, bhíodh sé de shíor ag tiomáint agus ag treorú a chomhghleacaithe le barr feabhais a bhaint amach. D’aithin sé tréithe agus réimse na scileanna éagsúla a bhí ag na múinteoirí ar an fhoireann agus thugadh sé spreagadh dóibh chun forbairt agus feabhsú dá réir. Faraor, thugadh sé misneach agus muinín do mhúinteoirí a mbuanna a cheiliúradh san ionad oibre. Ba mhinic ‘Ní neart go cur le chéile’ le cloisteáil uaidh agus é ag moladh cleachtas comhchoiteann i measc obair foirne. Níl aon amhras ach go mbíodh sé ar fáil le comhairle a thabhairt agus le cluas a thabhairt le héisteacht d’éinne ar an fhoireann in am an ghá. Sheas taithí na mblianta leis agus tuigeann sé go maith gur ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’ Dá bhrí sin thugadh sé aire mhaith don fhoireann faoina chúram.

Is iomaí iardhalta agus tuismitheoir a tháinig ar ais ar cuairt

Caidreamh le Tuismitheoirí agus le Pobal na Scoile

Bhíodh sé de nós ag Brian aithne mhaith a chur ar thuismitheoirí agus níorbh fhada go mbeadh dlúthchaidreamh cothaithe aige leo mar a bheadh ag seanchara dá gcuid. Ansin, más rud é go raibh deacracht nó ábhar imní ag tuismitheoirí, chruthaigh Brian an spás go mbeadh deis cainte acu le cúrsaí a phlé ach aird s’aigesean i ndáiríre, dírithe ar réiteach na faidhbe go fírinneach.

Cinnte, ní bhíodh drogall ar bith ar Bhrian seasamh suas os comhair slua in am ar bith. Bhíodh sé de bhua aige go mbeadh sé ábalta pobal na scoile a chur ar a suaimhneas maidir leis an mhéid a bheadh mar dhúsláin rompu, bíodh siad ag toiseacht amach sa chéad bhliain nó ag fágáil an choláiste le dul amach sa tsaol mhór. Sea, b’iomaí scéal a d’inis sé thar sé bhliana déag, idir bheag agus mór, idir shúgradh agus dáiríre, thuas seal agus thíos seal.

Múinteoirí, Tuismitheoirí agus iardhaltaí mar sheanchairde anois

Aird ar an Todhchaí

Caithfidh a rá go mbíodh Brian riamh oscailte don fhoghlaim, don fhorbairt is don fheabhsú. Cruthaíodh atmaisféar i gColáiste an Eachréidh go mbeadh fáilte roimh chách. Ba chuma cén cúlra, aicme, ábaltacht, creideamh ná eile, bheadh freastal cuí curtha ar gach duine. Bhíodh súil Bhriain ar an todhchaí i gcónaí agus é solúbtha do na hathruithe ag teacht le forbairtí úrnua sa teicneolaíocht agus san oideolaíocht, rud a chinntigh go mbíodh Coláiste an Eachréidh i measc na meánscoileanna ceannródaíochta in Éirinn i ngnéithe éagsúla. Tá bunchlocha fréamhaithe aige anois do Ghaelchampás úrnua a bheas mar eiseamláir don Ghaeloideachas fud fad na hÉireann. Cinnte, tús maith déanta agus leath na hoibre curtha i gcrích ag Brian don togra iontach seo – Comhghairdeas leat a Bhriain, jab den scoth déanta agat mar an chéad príomhoide i gColáiste an Eachréidh thar sé bhliana déag. Treislímid na buanna thar an thréimhse ghlórmhar seo leat. Is iomaí cúis bróid a ba cheart a bheith agat agus tú ag cuimhneamh siar ar bhóithre na smaointe. Anois, cé a bheas ag teacht sna sála ort?

 

Campa Samhraidh ’22

Ba cheart go mbeidh neart spraoi ag Campa ’22

Tá sé díreach fógraithe go mbeidh Campa Samhraidh ’22 ar siúl i nGaelscoil Riada, Baile Átha an Rí, Luan – Aoine 10.00 r.n. – 2.00 i.n. 25-29 Iúil.

Ba cheart go mbeidh neart imeachtaí spraoiúla curtha ar fáil don aoisghrúpa 8-13 d’aois: spórt, ealaín, amhránaíocht, drámaíocht, tráth na gceisteanna, turais áitiúla agus go leor eile. Is fiú clárú in am!

Is féidir clárú anseo: https:// forms.office.com/r/wpxhkjz3BU

Nó r-phost: runai@gaelscoilriada.com

 

It has just been announced that Campa Samhraidh (Irish Language Summer Camp) catering for 8-13 agegroup will be held at Gaelscoil Riada, Athenry, Monday – Friday, 10.00 a.m. – 2.00 p.m.  25-29 July. Fun-filled camp with a wide variety of games and activities, ensuring that every child is engaged and active, challenged and stimulated whilst learning Irish.

Sport, art, music, drama, games, quizzes local trips walks and lots more. This camp is run by qualified Irish Primary school teachers and will be through the medium of Irish, All levels of learner welcome. Early booking is advised.

Please register at the following link: https:// forms.office.com/r/wpxhkjz3BU

Or Email: runai@gaelscoilriada.com

Billeog Eolais faoin champa

Mar a bhí agus mar atá

Seo slua de lucht na hArdteiste agus aoibhneas na Bealtaine á cheiliúradh acu — roinnt as láthair!

Cá ndeachaigh na blianta? Sin í an cheist. Táimid díreach i ndiaidh teacht ar ghrianghrafanna de lucht na hArdteiste agus iad ar a chéad lá ar scoil siar 29 Lúnasa 2016. Creideamar gurbh fhiú iad a roinnt libh.

Ar son UNICEF

Ceoltóirí is amhránaithe ar Sráid na Siopaí ag casadh ceoil ar son UNICEF

Bhí roinnt imeachtaí eagraithe le deireannas ar son UNICEF:-

A bhuí le múinteoir Ann-Marie, bhí lá eagraithe ag ceoltóirí agus amhránaithe na scoile a bheith ag buscáil i Sráid na Siopaí i gCathair na Gaillimhe agus daltaí eile ag bailiú airgid ar son na cúise.

Mar aon leis an mhéid sin, bhí Lá gan Éide scoile eagraithe ag Seán Bl.3 agus daltaí eile páirteach i gcomórtas agus iad ag péinteáil aghaidheanna. Erin Bl.1 a bhuaigh an comórtas agus aghaidh s’aigesean péinteáilte go maith aige.

Anuas ar sin, bhí lucht na chéad bliana iontach gnóthach ag bácáil agus díolachán cistí eagraithe ag rang OSSP ar son na cúise chomh maith.

Several events organized recently to raise money for UNICEF. €€€ … Maith Sibh!

Bua Mór Sheachtain na Gaeilge

Beirt a bhí i mbun scéalta a inse fá Ghaeil Átha an Rí

Caithfimid comhghairdeas a ghabháil le lucht na hIdirbhliana agus Gradam na Meánscoileanna bronnta ar Choláiste an Eachréidh de bharr a gcuid oibre. Bhí gearrfhísean curtha le chéile ag na daltaí ag cur síos ar na “Gaeil ar an Eachréidh”.

Cuirtear síos ar na Gaeil sa chomhsanacht seo ó aimsir na gCeilteach go dtí an lá inniu. Anois bua mór náisiúnta buaite acu.

Mar aon leis an mheid thuasluaite, ba mhaith linn a bhua a threisiú l’Oisín Bl.6 a ghnóthaigh gradam náisiúnta sa rannóg is sinsearaí do bhlagáil as aiste iontach a bhí scríofa aige ar Sóivéad Luimnigh.

Congratulations to the Transition Year students who won the esteemed award ofGradam na Meánscoileanna‘ (Secondary School Award) – The overall All-Ireland winner for the best short film produced in the country. Maith sibh!