Skip to content

Beir Bua agus Beannacht Brian

Brian Ó Maoilchiaráin mar Phríomhoide ar Choláiste an Eachréidh ó bunaíodh an scoil 2006

Bhí sraith imeachtaí éagsúla eagraithe agus daltaí, múinteoirí, cairde is pobal uile na scoile ag guí gach rath is beannacht ar Mháistir Brian de bharr go bhfuil sé ag dul ar scor i mbliana. Cinnte, níl léamh ná scríobh ná inse béil ar na gníomhartha áirithe ar fad a tharla ag deireadh na scoilbhliana ina raibh camchuairt thart ar ranganna uile an choláiste, ‘Oscars CanE’, ceol is amhráin nua-cumtha, óráidí buíochais, teachtaireachtaí curtha ó fud fad na cruinne agus neart cuairteoirí ag teacht chun a mbeannachtaí a ghabháil leis. Beidh a thuilleadh eolais scaipthe arís ach seo a leanas cuid de na príomhphointí luaite ag ócáid cheiliúrtha.

Na Chéad seomraí a bhí ag an choláiste

Ó 2006 go dtí an Lá inniu

Tuigtear go raibh neart constaicí roimh an Choiste Bunaithe agus iad i mbun feachtais le Coláiste an Eachréidh a bhunadh ó 2003. Is iomaí deacracht a bhí curtha os a gcomhair ach tar éis a gcuid stocaireachta ar fad, bhí cuma ar an scéal go raibh fís na mbunaitheoirí ag teacht faoi bhláth. Moladh dóibh go raibh ceithre ‘P’ le deimhniú; Pobal – daltaí agus a dtuistí, Pátrún – Coiste Gairmoideachais (BOOGR anois), Pre-Fab – suíomh don scoil agus Príomhoide – níorbh a fhios ag éinne cé a bheadh ann. Faoi Aibreán 2006, áfach, bhí Príomhoide ceaptha – Máistir Brian agus b’eisean a thug faoin dúshlán na doirse a oscailt i gColáiste an Eachréidh 28 Lúnasa ’06 ina raibh ochtar daltaí; ceathrar buachaillí agus ceathrar cailíní. Cinnte, bhí Brian i gceannas ar an choláiste agus é ag fás thar na blianta go dtí an phointe go bhfuil meánscoil lán-Gaeilge ag freastal ar bhreis agus 250 scoláire i láthair na huaire.

Brian os comhair a’ tsaoil

An Fear é féin

Fear stuama seasmhach é Brian a thug agus a thugann i gcónaí lena chuid dualgas go ciallmhar agus le críonnacht. Molann an obair an duine’ a deirtear agus ba léir don domhan mhór go mbíodh Brian ag iarraidh ard-chaighdeán a bhaint amach go deo. Níorbh é gur thug sé faoi thasc ar bith faoi dheifir ná gur éirigh sé ró-thógtha fá chúraimí an tsaoil ná fá dheacrachtaí ollmhóra mórthimpeall air. Níorbh é, ach bhíodh modh oibre cinnte dearfach aige lena shaothar a chur i gcrích agus ní bheadh sé sásta go mbeadh barr a chumais léirithe aige. Mar dhuine ar bith againn, is cinnte go mbíodh strus air amanta ach ní bheadh a fhios ag éinne choíche go raibh brú inmheánach ar bith air ach é ag iarraidh beart a dhéanamh de réir a bhriathar ar bhun ghairmiúil agus sár-saothar a bhaint amach.

Fós ag foghlaim – foghlaim fad saoil

Tuiscint ar Dhaltaí

Bhíodh aird Bhriain dírithe ar na daltaí os a chomhair riamh. Ní nach ionadh go mbíodh sé le feiceáil ag doirse na scoile le fáilte chroíúil agus cúpla focal a bheith aige le scoláirí ar a mbealach isteach. Ar ndóigh, bhíodh sé le feiceáil ag fágáil slán leo ag deireadh an lae chomh maith. Le fírinne, ba chuma cad eile a bhíodh idir lámha aige ná spriocdháta a bhíodh le baint amach, ba thábhachtaí i bhfad a bheith ar an láthair cuí le maidin mhaith agus slán a rá gach uile lá scoile. Thuig Brian riamh gurbh iad na scolairí cúisle an bheatha ag preabadh i gcroí na scoile. Gan scoláirí, ní bheadh Coláiste an Eachréidh beo. Chuige sin, dhíríodh sé ar riachtanais na ndaltaí mar phríomhsprioc i gcónaí agus ba chosúil go raibh focla ó ‘Ráiteas Misean an Choláiste’ de ghlanmheabhair aige agus é ag déanamh gach dícheall timpeallacht thaitneamhach shlán-shábháilte a sholáthar agus é ag súil go mbainfeadh na scoláirí lán-chumais amach.

Brian i gcuideachta le Seán Ó Brian agus Peadar – iardhalta atá mar mhúinteoir anois é féin

Leis an Fhoireann Teagaisc

Mar cheannaire ar an fhoireann teagaisc, bhíodh sé de shíor ag tiomáint agus ag treorú a chomhghleacaithe le barr feabhais a bhaint amach. D’aithin sé tréithe agus réimse na scileanna éagsúla a bhí ag na múinteoirí ar an fhoireann agus thugadh sé spreagadh dóibh chun forbairt agus feabhsú dá réir. Faraor, thugadh sé misneach agus muinín do mhúinteoirí a mbuanna a cheiliúradh san ionad oibre. Ba mhinic ‘Ní neart go cur le chéile’ le cloisteáil uaidh agus é ag moladh cleachtas comhchoiteann i measc obair foirne. Níl aon amhras ach go mbíodh sé ar fáil le comhairle a thabhairt agus le cluas a thabhairt le héisteacht d’éinne ar an fhoireann in am an ghá. Sheas taithí na mblianta leis agus tuigeann sé go maith gur ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’ Dá bhrí sin thugadh sé aire mhaith don fhoireann faoina chúram.

Is iomaí iardhalta agus tuismitheoir a tháinig ar ais ar cuairt

Caidreamh le Tuismitheoirí agus le Pobal na Scoile

Bhíodh sé de nós ag Brian aithne mhaith a chur ar thuismitheoirí agus níorbh fhada go mbeadh dlúthchaidreamh cothaithe aige leo mar a bheadh ag seanchara dá gcuid. Ansin, más rud é go raibh deacracht nó ábhar imní ag tuismitheoirí, chruthaigh Brian an spás go mbeadh deis cainte acu le cúrsaí a phlé ach aird s’aigesean i ndáiríre, dírithe ar réiteach na faidhbe go fírinneach.

Cinnte, ní bhíodh drogall ar bith ar Bhrian seasamh suas os comhair slua in am ar bith. Bhíodh sé de bhua aige go mbeadh sé ábalta pobal na scoile a chur ar a suaimhneas maidir leis an mhéid a bheadh mar dhúsláin rompu, bíodh siad ag toiseacht amach sa chéad bhliain nó ag fágáil an choláiste le dul amach sa tsaol mhór. Sea, b’iomaí scéal a d’inis sé thar sé bhliana déag, idir bheag agus mór, idir shúgradh agus dáiríre, thuas seal agus thíos seal.

Múinteoirí, Tuismitheoirí agus iardhaltaí mar sheanchairde anois

Aird ar an Todhchaí

Caithfidh a rá go mbíodh Brian riamh oscailte don fhoghlaim, don fhorbairt is don fheabhsú. Cruthaíodh atmaisféar i gColáiste an Eachréidh go mbeadh fáilte roimh chách. Ba chuma cén cúlra, aicme, ábaltacht, creideamh ná eile, bheadh freastal cuí curtha ar gach duine. Bhíodh súil Bhriain ar an todhchaí i gcónaí agus é solúbtha do na hathruithe ag teacht le forbairtí úrnua sa teicneolaíocht agus san oideolaíocht, rud a chinntigh go mbíodh Coláiste an Eachréidh i measc na meánscoileanna ceannródaíochta in Éirinn i ngnéithe éagsúla. Tá bunchlocha fréamhaithe aige anois do Ghaelchampás úrnua a bheas mar eiseamláir don Ghaeloideachas fud fad na hÉireann. Cinnte, tús maith déanta agus leath na hoibre curtha i gcrích ag Brian don togra iontach seo – Comhghairdeas leat a Bhriain, jab den scoth déanta agat mar an chéad príomhoide i gColáiste an Eachréidh thar sé bhliana déag. Treislímid na buanna thar an thréimhse ghlórmhar seo leat. Is iomaí cúis bróid a ba cheart a bheith agat agus tú ag cuimhneamh siar ar bhóithre na smaointe. Anois, cé a bheas ag teacht sna sála ort?