Bhí an chéad chluiche sacair ag buachaillí sóisearach an Eachréidh i gcomórtas Connachta faoi 15 le deireanas. Bhí siad in iomaíocht le foireann as Béal Easa, Co. Maigh Eo.
Bhí an cluiche idir dhá cheann na meá ó thús go deireadh agus a gcroíthe ina mbéil ag an lucht féachána i rith an ama. Tá ardmholadh ag dul do bhuachaillí s’againne a d’imir go díograiseach agus bhí rith an ráis leo mar thoradh ar a gcuid oibre mar atá le feiceáil ón scórlíne: