Skip to content

Torthaí na Sraithe Sóisearaí ’22

Níl léamh ná scríobh ná inse béil ar an áthas a bhí ar scoláirí a fuair torthaí na Sraithe Sóisearaí 23 Samhain ’22. Ar ndóigh, tá an coláiste thar a bheith bródúil astu agus údar acu óir is cosúil gur éirigh le gach dalta a chumas a léiriú sa mhéid a fógraíodh. Torthaí iontacha gan dabht.

Ar an ábhar go raibh cúis cheiliúrtha acu, chuaigh siad ar thuras scoile go Wildlands (Maigh Cuilinn) ag dreapadh ballaí is i mbun dúshlán éagsúla. Bhuail iar-Phríomhoide an choláiste isteach orthu lena dtorthaí a threisiú leo. Faraor, ba mhór an spraoi is spórt a bhí acu agus é tuillte go maith ag gach uile duine acu.

Coláiste an Eachréidh would like to congratulate the students that received their Junior Cycle results recently. It was great they got the chance to celebrate in Wildlands.