Skip to content

Seachtain Mhata ’23

Bhí deis ag daltaí na scoile a gcuid scileanna báicéireachta a thástáil le linn Sheachtain Mhata agus obair den scoth déanta acu uilig!

Comhghairdeas leo siúd ar fad a bhí ag bácáil óir bhí cuma thar a bheith blasta ar na cístí beaga is móra a bhí curtha ar taispeáint. Léirigh siad buanna cruthaitheacha is samhlaíochta agus iad á maisiú. Bhí caighdeán an-ard le feiceáil, le boladh agus le blaiseadh as na hiarrachtaí cruthaithe ag na hiomaitheoirí ar fad.

Bhí sé thar a bheith deacair ar na moltóirí cinneadh a dhéanamh idir na roghanna éagsúla curtha os a gcomhair agus an oiread sin páirteach. Ar ndóigh, bhí ar na moltóirí buaiteoirí a roghnú sa deireadh:

  • Molly  (Bl 1) 
  • Eva (Bl 3) 
  • Katelyn (Bl 5) 
  • Saoirse (Bl 3) agus Sarah (Bl 6) 
  • Éadaoin & Danielle (Bl 6) 

Congratulations to all of the participants of Seachtain Mhata baking competition. A special word of congrats goes out to the overall winners listed above.

Milis le siúcra … agus eile