Skip to content

Bua Staire Náisiúnta – Fiseán ar Liam Ó Maoilíosa

Gabhaimid comhghairdeas athuair do Rang Staire na hIdirbhliana 22/23 atá i ndiaidh aitheantas náisiúnta a bhaint amach arís. An uair seo, bhí an bua acu i gcomórtas staire a bhí eagraithe ag an Roinn Oideachais. D’éirigh leo an chéad áit a bhaint amach leis an fhíseán ‘Liam Mellows (Liam Ó Maoilíosa)‘ -agus is féidir breathnú ar an fhíseán anseo. Comórtas speisialta a bhí anseo ‘Deich mBliana Chomóradh an Chéid‘ i gcuimhne ar an tréimhse chorrach 1912 – 1923

Dúirt moltóirí an chomórtais gur léir go raibh taighde nach beag curtha sa togra, go raibh gach uile duine rannpháirteach agus gur éirigh go héifeachtach leo scéal Uí Mhaoilíosa a inse i ngearrscannán. Bhí idir ionadaithe CNCM agus ionadaithe ó Roinn Staire, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh mar mholtóirí ar an chomórtas.

Bhí ceathrar a bhí rannpháirteach sa tionscadal i láthair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh leis na duaiseanna a bhailiú ar son na scoile. Ba mhór an ónóir dóibh teastais (sínithe ag Norma Foley, Aire Oideachais a fháil), mar aon le boinn, plaic agus dearbhán leabhar ar son na scoile a thabhairt abhaile leo. Ar ndóigh, níorbh é seo an chéad scéal nuachta a bhí againn i dtaobh an ghearrscannáin seo – is féidir tuilleadh a léamh ag nascanna eile anseo.

Congratulations to TY History Class 22/23 that have just been awarded first place in the ‘Decade of Centenaries’ History competition for schools for the short film on Liam Mellows(to be seen here). Competition organized by NCCA, Dept. of Education in conjunction with the School of History, UCC. A delegation of students attended on behalf of the school and were awarded certificates (signed by Norma Foley, Education Minister), medals, a plaque and with a book token for the school. Other stories about this project on this short film can be read here.

Ní bhíonn bua gan dua