Skip to content

Díospóireachtaí ‘Gael-Linn’

Bhí na foirne díospóireachta idir shóisearach agus shinsearach thar a bheith gnóthach agus iad páirteach sa chéad bhabhta an chomórtais eagraithe ag Gael Linn Dé Máirt 24/10/23. Bhí siad in iomaíocht le Coláiste na bPiarsach, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Cholmcille, Laurel Hill Coláiste agus Gaelcholáiste Luimnigh.

Léirigh an fhoireann shóisearach (Grace, Maeve agus Eoghan) a gcuid pointí go héifeachtach agus iad den tuairim go bhfuil an spórt imithe as cúrsaí spóirt agus is cinnte go ndeachaigh a dtuairimí i bhfeidhm go mór ar na moltóirí.

Mar aon leis sin, bhí tuairimí láidre nochtaithe ag an fhoireann shinsearach (Katelyn, Aoibhin agus Peadar) agus iad ag rá nár cheart dúinn a bheith bródúil as Óglaigh na hÉireann. Léirigh siad a dtuairimí go paiteanta agus go soiléir.

Cé nár éirigh leis an fhoireann shóisearach dul ar aghaidh caithfidh a rá go bhfuilimid thar a bheith bródúil astu agus is cinnte go bhfuair siad ar fad taithí nach beag as an eispéireas. Gabhaimid comhghairdeas leis an fhoireann shinsearach a bheas ag gabháil ar aghaidh chuig an chéad babhta eile. Treislímís a ndíograis leo ar fad agus gabhtar buíochas speisialta leis na múinteoirí, Seán Ó Briain, Lisa agus Sinéad (Príomhoide) a thug cabhair iontach, treoir soiléir agus tacaíocht den scoth dóibh uile.

Congratulations to Coláiste an Eachréidh’s  Junior and Senior debating teams that recently participated in Gael-Linn’s national debating competition. Wishing the senior team all the best of luck in the next round. 

Níor bhris focal maith fiacail riamh