Skip to content

Seachtain Bhoird Oideachais & Oiliúna – Deich mbliain d’aois!

Boird Oideachais agus Oiliúna ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód. Go háitiúil, tá scoileanna agus oifigí faoi chúram Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe is Ros Comáin (BOOGR) ag comóradh a bhreithlá trí ócáidí éagsúla a reáchtáil.

I gColáiste an Eachréidh, tá sraith imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla curtha le chéile ag daltaí na hidirbhliana chun aird phobal na scoile a tharraingt ar na buanna atá ag BOOGR mar phátrún ar an scoil.

Tá an coláiste maisithe ag na scoláirí idirbhliana le bratacha crochta timpeall na scoile agus iad ag léiriú na luachanna bainte le BOOGR – Meas, Cúram, Pobal, Comhionannas agus Barr Feabhais san Oideachas.

Mar chuid den mhaisiúchán chomh maith, tá póstaeir deartha go speisialta ag na scoláirí idirbhliana ag léiriú na rólanna ata ag na Boird Oideachais agus Oiliúna ar leibhéal náisiúnta agus iad ag míniú na luachanna bainte leis an eagraíocht.

Ní hamháin sin ach tá sraith ceachtanna eagraithe ag na daltaí idirbhliana agus é i gceist acu ranganna a ghlacadh leis na ranganna sóisearacha sa scoil le haird na ndaltaí uile a dhíriú ar na buanna atá ag BOOGR. Tuigtear go bhfuil taispeántais eagraithe acu agus neart gníomhartha eile ina mbeidh tráth na gceisteanna, cuardaigh focail, crosfhocail agus díospóireachtaí ranga idir lámha acu. Roimh deireadh na seachtaine, níl aon amhras ach go mbeidh tuiscint i bhfad níos soiléire ag cách sa choláiste ar BOOGR agus ar na luachanna bainte leis.

Transition Year students in the Coláiste have been busy celebrating the 10th birthday of Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB).  They have decorated the school with flags highlighting the values the organisation, designed posters explaining these values and focusing on the structure’s importance. Also, the TY students have developed teaching materials and will be presenting these points to Junior classes with a number of activities including quizzes, word searches, crosswords and class-room debates. Certainly everyone in the school community will know a lot more about the GRETB and it’s values by the end of the week.

Ní haon ualach an léann