Skip to content

‘Corn eitpheile na gcailíní’

Ghlac foireann eitpheile na gcailíní páirt i mbabhta a haon de chomórtas coirn na meánscoileanna an tseachtain seo caite. Comórtas ar leith a bhí ann ina raibh meascán d’aoisghrúpaí tagtha le chéile. Bhí idir shóisear agus shinsear i scuad an Eachréidh don chéad bhabhta in aghaidh Choláiste Muire Máthair agus Coláiste Naomh Bríd.

Rug na cailíní an bua leo 2-1 sa chéad chluiche i gcoinne Choláiste Muire Máthair. Faraor, d’éirigh le Coláiste Naomh Bríd an ceann is fearr a fháil ar fhoireann an Eachréidh 2-0 sa dara cluiche. Le fírinne, caithfidh a rá go bhfuil dul chun cinn agus forbairt dochreidte déanta ag cailíní an Eachréidh san eitpheil i mbliana. Cinnte, tá ardchaighdeán imeartha léirithe acu i gcomórtais éagsúla i rith na scoilbhliana. Taithí iontach a bhí ann a bheith rannpháirteach sna comórtais éagsúla agus iad ag súil le comórtais eile cheana féin!!

Coláiste an Eachréidh would like to congratulate the Girls volleyball team in their participation in the Secondary Schools’ Cup – Maith sibh!

Iontach bródúil asaibh!