Skip to content

Peil Shóisearach

D’éirigh go hiontach le foireann na mbuachaillí sóisearacha sa pheil ar na mallaibh. D’imir siad trí chluiche in aon lá amháin i gCruinneachán CLG i gContae Mhaigh Eo. Bhíodar in iomaíocht le Coláiste Naomh Cillian, Cnoc Breac, le Coláiste Meirlinne agus le Coláiste Colmcille.

Bhí go maith is ní raibh go holc óir, bhuaigh siad dhá chluiche agus chríochnaigh siad ag barr an tábla sa ghrúpa. Anois, tá siad cáilithe le páirt a ghlacadh sa chluiche leathcheannais sa chúige.

Junior Boys Football team now qualified for Semi-Final after playing 3 games in GAA Dome.