Skip to content

Buanna 2019/20

Amhrán nua-cumtha atá anois fréamhaithe i stair an choláiste agus a bhí ar cheann de na buaicphointí ag ceiliúradh gaisce cheana.

A Chairde,

Níl dearmad ar bith déanta ar na buanna uile a bhí curtha i gcrích ag scoláirí i gColáiste an Eachreidh 2019/20. Cinnte, tá sé i gceist  againn Ceiliúradh Gaisce Speisialta a eagrú agus na gradaim éagsúla a cheiliúradh mar is cóir agus gach duine ar ais ar scoil i gceart sa scoilbhliain úr 2020/21.

Gan amhras, tuigimid go raibh éachtaí curtha i gcrích, gradaim éagsúla buaite agus obair cheannródaíochta comhlíonta ag scoláirí i mbliana. Caithfidh a admháil gur iontach dúinn ar fad réimse na mbuanna atá ag ár ndaltaí i gColáiste an Eachréidh in ábhair éagsúla, i gcomórtais áitiúla, náisiúnta is idirnáisiúnta, mar ghaeil agus i rannóga ceoil is spóirt ó chéin is ó chóngar. Dá bhrí sin, ní mór dúinn an t-aitheantas cuí a thabhairt do na buanna iontacha seo ar fad agus muid i gcomhluadar a chéile arís.

I gConamara, deirtear go minic go mbeidh lá eile an an bPaorach ach ar an Eachréidh tuigimid gur iomaí lá eile a bheas ag ár scoláirí sa choláiste. Beirigí Bua!

Plans for celebrating Ceiliúradh Gaisce end of year awards ceremony postponed to new academic year and celebrated properly. Is iomaí bua a rugadh linn.