Skip to content

Tráth na gCeist -Bua Ollmhór!

Buaiteoirí Sinsearacha: Conor, Tuán, Oisín agus Sean in éineacht le Máistreas Bairbre & Máistreas Máirín

‘Más mall is mithid’ – sin seanfhocal a thagann chun cuimhne agus an scéal seo á chur ar shuíomh na scoile breis agus dhá mhí tar éis na himeachta. Is dócha go mothaíonn sé ar nós scéal staire ag breathnú siar ar 9 Márta 2020 anois. Sin ráite, is fiú gach bua beag nó mór a cheiliúradh agus gabhaigí ár leithscéal nár thug muid aitheantas don bhua ollmhór seo ag Coláiste an Eachréidh níos luaithe.

Reachtáil Craobh Ghrealláin de Chonradh na Gaeilge Oíche Thráth na gCeist do mhic léinn meánscoile ar an Luan 9 Márta 2020 san Óstán Shearwater i mBéal Átha na Slua. Ba é Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin urraitheoir an chomórtais agus bhí meánscoileanna páirteach ann ón cheantar mhórthimpeall agus suas le tríocha táblaí rannpháirteach. Mar a tharla bhí an comórtas ar siúl ar dhá leibhéal: sóisearach agus sinsearach.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, bhí ceithre fhoireann ag Coláiste an Eachréidh agus bronnadh duaiseanna ar trí fhoireann: 1ú Sóisearach, 2ú Sóisearach agus 1ú Sinsearach. Is cosúil go raibh an chuid is mó de na freagraí ag daltaí Choláiste an Eachréidh agus iad ag teacht ar ais buacach lena ngradaim. Caithfidh a rá gur bhain gach uile duine ard-sult as an imeacht seo agus é anois aitheanta ar cheann de na himeachtaí sóisialta deireannacha sular cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm. Trí bhua in aon oíche amháin – Go maire sibh bhur mbua!

 

Coláiste an Eachréidh students were victorious in Conradh na Gaeilge annual Table Quiz in Béal Átha na Slua. 3 winning teams in junior and senior level. Gan amhras -Freagraí acu – Comhghairdeas le gach uile duine a ghlac páirt!

Tuilleadh eolais ar Thráth na gCeisteanna eile Anseo