Skip to content

Cúrsaí Fisice arís!

Na daltaí seo ag barr an ranga – cuma thar a bheith cliste orthu ar ndóigh!

Le linn do scoláirí Ardteiste a bheith ar cuairt ar Ollscoil Luimnigh le deireannas, d’fhreastail siad ar léacht Tyndall maidir le ‘ABC na Cruinne’. Anois, tuigeann gach mac léinn fisice gach rud gurbh fhiú a bheith ar eolas acu i mbealach na bó finne.

Léirigh Dr. Liz Conlon fírící éagsúla i dtaobh cheithre fhórsa bhunúsacha an nádúir agus tugadh cur síos ar an obair uile idir lámha ag an LHC i CERN. Bhí deis ag na daltaí a bheith rannpháirteach in imeachtaí éagsúla agus iad ag cur i gcéill go raibh siad i mbun dianstaidéir i rith an ama. Sin ráite, ní hamháin gur bhaineadar sult as an turas ach bhí siad uilig ag foghlaim ar a mbealach féin!

The Leaving Cert. scholars of Physics in Coláiste an Eachréidh learnt all about LHC’s work at CERN, understand the meaning of life, the secrets of the universe and all that’s worth knowing in this galaxy after their recent visit to Limerick University.

Is cinnte nach mbeidh deacrachtaí ar bith acu sna scrúdaithe anois!