Skip to content

Ceoltóirí ar Stáitse

Cuid de na ceoltóirí traidisiúnta ó Choláiste an Eachréidh ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

Tháinig grúpa de cheoltóirí traidisiúnta le chéile ón choláiste le ceolchoirm thar a bheith taitneamhach a chur ar fáil don lucht éisteachta sa Taibhdhearc ar na mallaibh.

Bhí slua mór tagtha le chéile don ócáid in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge mar chuid de na himeachtaí móra atá eagraithe ar son Gaillimh 2020.

Bhí an deis ag scoláirí an Eachréidh clabhsúr a chur le ceolchoirm na hoíche le seit bhreá ina raibh píosaí aonair den scoth casta mar aon le portanna bríomhara seinnte ag na ceoltóirí uile. Cinnte, chuir siad siamsaíocht ar fáil don tslua agus cuireadh tugtha dóibh a bheith ar ais le bheith ag seinnt ag a thuilleadh imeachtaí de chuid Gaillimh 2020.

Ar ndóigh, agus Gaillimh aitheanta mar cheantair cultúrtha go hidirnáisiúnta i mbliana, tá ról nach beag ag ár gceol féin agus ár dteanga. Dheimhnigh ár ndaltaí go bhfuil an Ghaeilge agus an ceol traidisiúnta i lár an aonaigh ag an imeacht seo a bhí eagraithe ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Some of our pupils took part in a traditional Irish music concert organized by Comhaltas Ceoltóirí Éireann in Taibhdhearc na Gaillimhe as part of the ongoing Gaillimh 2020 celebrations. They provided some very fine entertainment and have been invited back to take part in further events. Húp!