Skip to content

Eitpheil na nÓg

Tá go maith is níl go holc agus na cailíní ag glacadh sos ón imirt.

Bhí idir bhuachaillí agus cailíní óga ó Choláiste an Eachréidh rannpháirteach i roinnt cluichí eitpheile le déanaí agus ba mhór an spraoi a bhí acu ar fad. Bhí daltaí Bliain 1 &  2 rannpháirteach sa chomórtas sóisear eitpheile agus iad ag ullmhú do chluichí móra amach rompu.

Chuaigh na buachaillí go Dún Mór agus na cailíní go Baile Locha Riach. Bhí an oiread sin iomaitheoirí ó Choláiste an Eachréidh go raibh ár gcomhscoláirí curtha in aghaidh a chéile. Caithfidh a rá go raibh teannas nach beag idir chairde ach sin ráite is fearr i bhfad an t-aighneas ná an t-uaigneas. Bhí spórt nach beag acu uilig.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil scileanna na n-imreoirí óga i gColáiste an Eachréidh ag dul ó neart go neart. Beidh siad anois ag ullmhú don chéad bhabhta eile den chomórtas. Beirigí Bua!

Our young athletic volleyball students (1st & 2nd Years Boys and Girls) recently competed in a series of matches in Dún Mór and Baile Locha Riach. Déanann cleachtadh máistreacht.

Having improved in their skills and teamwork, they’re now preparing for the next stage of the competition. Leanaigí ar aghaidh agus go n-éirígí libh!

Tuilleadh scéalta fán eitpheil –  Cliceáil anseo