
Is mór an áthas dúinn uilig comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Sorcha agus í buacach sa chraobh náisiúnta de chomórtas ‘Scléip’ 2020.
D’éirigh le Sorcha an chéad áit i gcomórtas amhránaíochta aonair na sinsear a bhuachan agus í ag casadh amhráin nua-cumtha aici féin ‘Beagnach ann‘. Bhuel, is cinnte go bhfuil sí ann anois. Ar ndóigh, níorbh é seo an chéad uair go raibh Sorcha páirteach i gcomórtas ‘Scléip’ óir is cosúil go raibh sí i gcónaí rannpháirteach ó bhí sí sa chéad bhliain sa choláiste. Féach tuilleadh i dtaobh cúrsaí ceoil anseo
Níl amhras ar bith ach go dtugann an bua seo spreagadh ar leith do cheoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí sa choláiste leanstan ar aghaidh lena dtalann a chleachtadh. Níl amhras ar bith ach go bhfuil obair cheannródaíochta déanta anois ag Sorcha agus go mbeidh daltaí eile ag teacht go tiubh ar a sála amach anseo. Sin ráite, tá talann Rosemary le moladh go hard agus í rannpháirteach sa rannóg amhránaíochta i measc na sóisear. Comhghairdeas daoibh beirt.
Congratulations to Rosemary and Sorcha, competitors from Coláiste an Eachréidh that took part in the All-Ireland finals of Scléip. A special bualadh bos to Sorcha who was crowned the champion among the senior singers with her song ‘Beagnach ann’.
Is iontach an bua é seo go cinnte i gcomórtas náisiúnta eagraithe ag Gael Linn. Is fiú go mór tuairisc iomlan an chomórtais a léamh anseo. Tá pictiúirí go leor den ócáid léirithe go soiléir ag Tuairisc.ie anseo.
