Skip to content

Ailtireacht Anois!

Daltaí i mbun oibre ag na ceardlanna ailtireachta

Bhí an t-ádh ar dhaltaí idirbhliana tabhairt faoi shraith ceardlanna ailtireachta le déanaí.

Gan amhras, taithí den scoth a bhí acu tabhairt faoi na ceardlanna éagsúla seo agus deis ag na daltaí foghlaim i dtaobh a bpleananna a dhearadh agus ailtire gairmiúil ag coinneáil súil ghéar orthu ar an dul chun cinn.

Cinnte, bhí deis iontach tapaithe ag Máistir Turlough na ceardlanna speisialta seo a eagrú i gcomhar le Irish Architecture Foundation (IAF) (tuilleadh eolais anseo) agus níl aon dabht ann ach go raibh ceachtanna saoil foghlamtha dá bharr.

Congratulations to all of the transition year students who completed a series of architecture workshops organized by Máistir Turlough in conjunction with the schools programme of Irish Architecture Foundation (IAF). This was a great opportunity for all involved as they all learned some valuable lessons throughout the experience.