Search Results for ceol
Ceoltóirí ar Stáitse
Tháinig grúpa de cheoltóirí traidisiúnta le chéile ón choláiste le ceolchoirm thar a bheith taitneamhach a chur ar fáil don lucht éisteachta sa Taibhdhearc ar na mallaibh.
Bhí slua mór tagtha le chéile don ócáid in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge mar chuid de na himeachtaí móra atá eagraithe ar son Gaillimh 2020.
Bhí an deis ag scoláirí an Eachréidh clabhsúr a chur le ceolchoirm na hoíche le seit bhreá ina raibh píosaí aonair den scoth casta mar aon le portanna bríomhara seinnte ag na ceoltóirí uile. Cinnte, chuir siad siamsaíocht ar fáil don tslua agus cuireadh tugtha dóibh a bheith ar ais le bheith ag seinnt ag a thuilleadh imeachtaí de chuid Gaillimh 2020.
Ar ndóigh, agus Gaillimh aitheanta mar cheantair cultúrtha go hidirnáisiúnta i mbliana, tá ról nach beag ag ár gceol féin agus ár dteanga. Dheimhnigh ár ndaltaí go bhfuil an Ghaeilge agus an ceol traidisiúnta i lár an aonaigh ag an imeacht seo a bhí eagraithe ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Some of our pupils took part in a traditional Irish music concert organized by Comhaltas Ceoltóirí Éireann in Taibhdhearc na Gaillimhe as part of the ongoing Gaillimh 2020 celebrations. They provided some very fine entertainment and have been invited back to take part in further events. Húp!
Ceol Ghradaim Gaisce
Caithfidh a rá go raibh réimse leathan ceoil curtha ar fáil le linn Ghradaim Gaisce um Nollaig 2018. Bhí réimse leathan stíleanna ceoil curtha i láthair mar chuid de shiamsaíochta na hócáide ina raibh idir cheoltóirí agus amhránaithe óga an choláiste sásta a gcuid talainne a léiriu do mhúinteoirí agus daltaí uile an choláiste ar a raibh an t-ádh orthu a bheith i láthair. Cinnte, caithfidh a rá gur bhain breis agus dhá chéad duine ard-sult as siamsaíocht na hócáide, rud a léiríonn go bhfuil bua an cheoil go smior ag daltaí an choláiste.
Wide range of musical talent came to the fore as part of the Christmas award ceremony.
SCLÉIP – Ceol & Damhsa!!!
Coláiste students excel again!
Arís i mbliana tá talann ceoil agus damhsa na ndaltaí le feiceáil ar stáitse, an tseachtain seo caite bhí an ceoldráma, Back to the 80s, á léiriú i Halla an Phobail, Baile Átha an Rí. Inniu ba sa ‘Town Hall’ a thug na daltaí taispeáintais den scoth arís – cuid mhaith acu cáilithe do na babhtaí naisiúnta.
Buíochas mór le múinteoir Úna as iad a ullmhú. Cliceáil thíos le féachaint ar na daltaí / click below to view performances
Féach fhíseáin/ View Performances
CEOL – Scléip
Bhí na ceoltóirí óga seo thíos le cloisteáil ag Ceiliúradh Gaisce na Nollag – ócáid den scoth faoi stiúr múinteoir Úna Ní Fhlannagáin.
Ábhair Roghnacha Bliain 1 / 1st Year Subject Options
Students study NINE (9) Subjects & TWO (2) Short Courses (PE & SPHE) in Junior Cycle.
Of the NINE subjects, students take SIX (6) ‘Core Subjects‘ and THREE (3) Optional Subjects
CORE SUBJECTS: 1. Gaeilge (Irish), 2. Béarla (English), 3. Mata (Mathematics), 4. Eolaíocht (Science) 5. Fraincís (French) and 6. Stair (History).
OPTIONAL SUBJECTS: Students choose THREE (3) ‘Optional Subjects‘, from the list below.
Eacnamaíocht Bhaile (Home Economics), Ealaín (Art), Graificí Teicniúla (Technical Graphics), Staidéar Gnó (Business), Miotalóireacht (Metalwork), Teic. Ábhar Adhmad (Woodwork), Gearmáinís (German), Ceol (Music), Tír Eolaíocht (Geography)
IMPORTANT: Students get an opportunity to experience ALL ‘Optional Subjects’ during a taster period in first term after which they choose their preferred subject from 3 option blocks (Each Option Block contain 3/4 subjects from which students will choose ONE. The Option Blocks will be constructed after feedback is received from incoming students).
Click on the link below to view video tutorial on entering subject Options
Cliceáil Anseo le haghaidh eolas ar an Sraith Sóisearach
Click here for Information on The Junior Cycle
Navigate to the bottom of this page, click on the GAIRMTREOIR CAREERS icon and follow links to Choosing Subjects online.
Ábhar Céad Bhliana agus 5ú Bliana / Subject Information for 1st Year and 5th Year
If your son/daughter is in Bliain 1 or Idirbhliain (Transition Year) you can inform yourself of subject content, assessment, progression routes etc,. by following the steps below.
CÉIM 1 / STEP 1 – log onto the Coláiste homepage and click on the Gairmtreoir/Careers icon
CÉIM 2 / STEP 2 – click on the CAREERS PORTAL link, when you land on the homepage click on the SCHOOL icon as illustrated below (there are many more interesting links on this page)
CÉIM 3 / STEP 3 – now select Junior Cert or Leaving Cert
CEIM 4 / STEP 4– the illustration below shows the Leaving Cert page, where, as illustrated one can select individual subjects, download course content and follow other interesting links from there.
Scléip 2021
Bhí neart scoláirí ón Choláiste rannpháirteach i ‘Scléip’ arís i mbliana. Ghlac réimse leathan ceoltóirí agus amhránaithe idir shóisear agus sinsear páirt sa chomórtas seo eagraithe ag Gael-Linn.
Le fírinne, caithfidh a rá go bhfuil an oiread sin daltaí sa choláiste ag a bhfuil bua an cheoil acu. Sin ráite, bhí dúshlán breise le comhlíonadh acu i mbliana agus taifead le déanamh lena gcuid talainne a léiriú. Craoladh an comórtas ar líne.
Ar ndóigh, gabhtar buíochas speisialta le Máistreas Anne Marie a spreag na scoláirí a bheith páirteach agus í ag tacú leo.
Ní hamháin go raibh spraoi ag na rannpháirtithe uilig ach bhí bua iontach ag Raphi agus í anois cáilithe don bhabhta ceannais 2021. Chas Raphi leagan Gaeilge den amhrán clúiteach ‘Hello’ le Adele. Guímid gach rath uirthi agus í ag gabháil ar aghaidh le bheith i gcomórtas do ghradam náisiúnta.
Congratulations to all the participants of the regional talent competition of Scléip (Gael-Linn). We are all very proud of the wide range of musical talent in Coláiste an Eachréidh. A special word of thanks to Máistreas Anne Marie who encouraged and supported both Junior and Senior students taking part. We wish Raphi all the best as she was successful in qualifying for the national competition 2021. Beir Bua le ceol!
Bí Cineálta
Mar chuid de Sheachtain Chairdis sa choláiste 30 Samhain – 4 Nollaig 2020, bhí daltaí na hidirbliana i mbun amhráin nua-cumtha a chur le chéile is a thaifeadadh.

Caithfidh a rá go raibh neart oibre déanta sula raibh caighdeán sásúil bainte amach acu. Bhí ceardlanna ar an stíl Rap eagraithe ag Máistir Seán Ó Briain le Oisín Mac (tuilleadh eolais) agus is iomaí cleas agus treoir a bhí tugtha aige don dream óg maidir le stíl agus cumadadóireacht sa tséanré ceoil.
D’éirigh leis na daltaí idirbhliana amhrán nua a chumadh faoi stiúir na múinteoirí Bairbre agus Nóra. Caithfidh a admháil go raibh obair ceannródaíochta glactha ag Adam, Culann, Sadhbh Ann, Gráinne agus Elis agus iad i mbun amhránaíochta agus ag cur ceoil leis. Ar ndóigh, choinnigh Máistreas Anne-Marie iad ar bhóthar a leasa agus iad a choinneáil i dtiúin. (Lírící anseo)
Caithfidh a rá go raibh an taifead déanta ag na daltaí iad féin agus is iadsan a bhí i mbun eagarthóireachta chomh maith. Bhí Larry ar fáil chomh maith le comhairle a chur ar fáil dóibh le linn an phroiséas seo ach is léir go raibh go leor scileanna foghlamtha agus forbartha ó thús go deireadh agus an tionscadal seo idir lámha acu. Creidimid go bhfuil amhrán den scoth eisithe acu go speisialta ní hamháin do Sheachtain Chairdis ach gach seans go mbeidh sé mar Uimhir a hAon ar an Eachréidh don Nollaig. Tugaigí bhur gcluasa le héisteacht anseo agus is féidir bhur mbreithiúnas féin a thabhairt.
Aird náisiúnta bainte amach ag an amhrán nua-cumtha seo agus agallamh déanta le Máistreas Bairbre ar an chlár Bladhaire RTÉ RnaG agus í ag trácht ar an obair uile déanta ag na daltaí le ceann scríbe a bhaint amach agus ansin an t-amhrán craolta fud fad na cruinne. Is féidir breathnú agus éisteacht anseo
It was a real team effort from the transition year rappers that came together in a special project for Seachtain Chairdis 30 Samhain – 4 Nollaig 2020 . Having learnt the skills of the genre from Oisín Mac in workshops organized by Seán Ó Briain, they got to work in composing lyrics with Bairbre and Nóra. Anne-Marie kept the group in tune as they composed the music and when it came to editing the final cut, Larry was available for further advice. In all, a wide range of skills were developed and put to use in this production. Éistigí anseo, listen here … Anois, Bualaigí Bos

















Bua Scléip

Craobh na hÉireann buaite ag Sorcha. Ina cuideachta tá Caoimhe Ní Chathail, Foras na Gaeilge, agus Meghan Mhic Thiarnáin, Gael Linn
Is mór an áthas dúinn uilig comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Sorcha agus í buacach sa chraobh náisiúnta de chomórtas ‘Scléip’ 2020.
D’éirigh le Sorcha an chéad áit i gcomórtas amhránaíochta aonair na sinsear a bhuachan agus í ag casadh amhráin nua-cumtha aici féin ‘Beagnach ann‘. Bhuel, is cinnte go bhfuil sí ann anois. Ar ndóigh, níorbh é seo an chéad uair go raibh Sorcha páirteach i gcomórtas ‘Scléip’ óir is cosúil go raibh sí i gcónaí rannpháirteach ó bhí sí sa chéad bhliain sa choláiste. Féach tuilleadh i dtaobh cúrsaí ceoil anseo
Níl amhras ar bith ach go dtugann an bua seo spreagadh ar leith do cheoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí sa choláiste leanstan ar aghaidh lena dtalann a chleachtadh. Níl amhras ar bith ach go bhfuil obair cheannródaíochta déanta anois ag Sorcha agus go mbeidh daltaí eile ag teacht go tiubh ar a sála amach anseo. Sin ráite, tá talann Rosemary le moladh go hard agus í rannpháirteach sa rannóg amhránaíochta i measc na sóisear. Comhghairdeas daoibh beirt.
Congratulations to Rosemary and Sorcha, competitors from Coláiste an Eachréidh that took part in the All-Ireland finals of Scléip. A special bualadh bos to Sorcha who was crowned the champion among the senior singers with her song ‘Beagnach ann’.
Is iontach an bua é seo go cinnte i gcomórtas náisiúnta eagraithe ag Gael Linn. Is fiú go mór tuairisc iomlan an chomórtais a léamh anseo. Tá pictiúirí go leor den ócáid léirithe go soiléir ag Tuairisc.ie anseo.
Bua an Cheoil
Caithfidh a rá go raibh ról nach beag ag ceoltóirí, amhránaithe agus lucht siamsaíochta le linn Cheiliúradh Gaisce Nollaig 2019. Níl aon amhras ach go raibh réimse leathan stíleanna ceoil curtha i láthair mar chuid de shiamsaíochta na hócáide ina raibh taispeántais den scoth léirithe do mhúinteoirí agus daltaí uile an choláiste. Cinnte, bhain beagnach trí chéad duine sult as siamsaíocht na hócáide agus léiríodh arís go bhfuil bua an cheoil go smior i measc ár ndaltaí.
Tugadh aitheantas ar leith a ghlac acu páirt i gcomórtas Scléip i mbliana. Bhí deis ag amhránaithe aonair, cór na scoile, buíon ceoil traidisiúnta agus ag bannaí ceoil úrnua a gcuid talainne uile a léiriú don tslua. Cinnte, bhí idir shúgradh agus dáiríre sna amhráin agus táimid thar a bheith bródúil astu ar fad.
Guímíd gach rath go speisialta ar Rosemary agus ar Shorcha agus iad ag gabháil ar aghaidh chun páirt a ghlacadh i gcraobhchomórtas ‘Scléip’.
Gan amhras, bhí go leor oibre curtha i gcrích ag amhránaithe agus ag ceoltóirí an Eachréidh agus iad faoi stiúir Mhúinteoir Annemarie agus gabhtar buíochas léi as ucht a díogras.
Wide range of musical talent came to the fore as part of the end of Ceiliúradh Gaisce Nollaig 2019. A special thanks goes out to Múinteoir Annemarie for all her help and guidance throughout the year.
Tuilleadh – Seanscéalta cliceáil anseo.