Skip to content

Bua an Cheoil

Neart daltaí rannpháirteach i gcomórtas ‘Scléip’ i mbliana

Caithfidh a rá go raibh ról nach beag ag ceoltóirí, amhránaithe agus lucht siamsaíochta le linn Cheiliúradh Gaisce Nollaig 2019. Níl aon amhras ach go raibh réimse leathan stíleanna ceoil curtha i láthair mar chuid de shiamsaíochta na hócáide ina raibh taispeántais den scoth léirithe do mhúinteoirí agus daltaí uile an choláiste. Cinnte, bhain beagnach trí chéad duine sult as siamsaíocht na hócáide agus léiríodh arís go bhfuil bua an cheoil go smior i measc ár ndaltaí.

Tugadh aitheantas ar leith a ghlac acu páirt i gcomórtas Scléip i mbliana. Bhí deis ag amhránaithe aonair, cór na scoile, buíon ceoil traidisiúnta agus ag bannaí ceoil úrnua a gcuid talainne uile a léiriú don tslua. Cinnte, bhí idir shúgradh agus dáiríre sna amhráin agus táimid thar a bheith bródúil astu ar fad.

Guímíd gach rath go speisialta ar Rosemary agus ar Shorcha agus iad ag gabháil ar aghaidh chun páirt a ghlacadh i gcraobhchomórtas ‘Scléip’.

Gan amhras, bhí go leor oibre curtha i gcrích ag amhránaithe agus ag ceoltóirí an Eachréidh agus iad faoi stiúir Mhúinteoir Annemarie agus gabhtar buíochas léi as ucht a díogras.

 

Wide range of musical talent came to the fore as part of the end of Ceiliúradh Gaisce Nollaig 2019. A special thanks goes out to Múinteoir Annemarie for all her help and guidance throughout the year.

 

Tuilleadh – Seanscéalta cliceáil anseo.