Skip to content

Obair den Scoth

Deacair daltaí a roghnú óir an oiread sin oibre idir lámha ag cách ach seo roinnt daltaí aitheanta Nollaig ’19

Caithfidh Coláiste an Eachréidh obair na ndaltaí a mholadh go hard is iad i mbun oibre go dian lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine i rith na scoilbhliana. Sin ráite, bhí deis ag an scoil roinnt daltaí a aithint go speisialta ag Ceiliúradh Ghaisce na Nollag 2019 as ucht a gcur chuige i dtreo na hoibre is iad ag tabhairt fuithi go díograiseach. Obair eiseamláireach á dhéanamh acu gan amhras. Bronnadh gradaim orthu siúd a bhain barr feabhais amach ina gcuid obair scoile.

Mar aon leis sin, tugadh aitheantas ar leith do dhaltaí a bhain Gradaim Gaisce an Uachtaráin amach 2018/19 agus iad san idirbhliain. Cinnte, cur chuige agus tiomantas pearsanta i gceist anseo agus an togra seo comhordaithe ag máistir Seán Ó Cadhain.

Obair Ranga awards were presented to students who excelled in their classwork and whose application to their studies was particularly commendable. A special recognition was given to students who achieved the President’s award of Gaisce during their transition year. Leanaigí oraibh leis an dea-obair!

D’éirigh leis na daltaí seo Gradaim Gaisce an Uachtaráin a bhaint amach agus iad san Idirbhliain.