Skip to content

Gaeil go smior!

Seo daltaí aitheanta go speisialta as ucht a ndíogras ar son na Gaeilge sa Choláiste

Mar chuid de Cheiliúradh Ghaisce na Nollag ’19, tugadh aitheantas speisialta dóibh siúd gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa choláiste agus sa chomharsanacht mórthimpeall. Bronnadh Gradaim na Gaeilge ar dhaltaí a léirigh meon dearfach comhoibríoch i leith na teanga agus a rinne a gcion chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gColáiste.

 

Ghlac Máistreas Bairbre leis an deis comhghairdeas ó chroí a ghabháil leo siúd atá ag obair go díograiseach le Gaelbhratach a bhuachan athuair don Ghaelcholaiste. Níl siad ag glacadh leis go mbeidh an gradam bronnta orthu gan obair a chur isteach. Cinnte, tá obair cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta agus é ar intinn ag an Coiste Gaeilge go leanfar leis an obair eiseamláireach. Tugadh aitheantas dóibh siúd páirteach trí chlár ‘Comhrá’ a eagrú ar líne.

Ní amháin sin ach tugadh aitheantas speisialta go poiblí do na foirne díospóireachta idir shóisear agus sinsear a rinne éacht i mbliana agus iad páirteach i mbabhtaí Chúige Chonnachta. Cinnte, bhí an-obair go deo déanta acu i mbun ullmhúcháin le Máistreas Nóra agus Máirín agus iad páirteach i gcomórtas náisiúnta eagraithe ag Gael Linn. Tá Coláiste an Eachreidh thar a bheith bródúil astu.

Lena chois sin, bhí daltaí eile a rinne éacht i gcomórtas ‘Tráth na gCeist’ eagraithe ag an eagraíocht náisiúnta Feachtas. Bhí go leor daltaí páirteach i bhfoirne éagsúla ach d’éirigh go hiontach le dhá fhoireann ar leith agus iad anois cáilithe don bhabhta ceannais. Ní fios an mbeidh siad ábalta craobh na hÉireann a bhaint? Gabhaimid buíochas speisialta leis na múinteoirí Nóra agus Máirín arís, agus iad ag spreagadh na ndaltaí a bheith rannpháirteach.

Beatha teanga í a labhairt …ach buanú teanga í a scríobh!

Bhí bua na scríbhneoireachta aitheanta ag cuid dár scoláirí aitheanta ar bhun náisiúnta agus iad foilsithe san iris Comhar Óg. Tá súil againn go leanfaidh siad orthu i mbun pinn.

 

Gradaim Gaeilge awards presented to representatives from each class, to the Coiste Gaeilge for award winning work for Gaelbhratach, to the Junior and Senior debating teams, those involved in the quiz teams and winners going onto the finals and to the published gaelic scholars.

Comhghairdeas leo ar fad!