Skip to content

‘Disco Inferno’ – Abú!

Disco Inferno – Abú!

Comhghairdeas ó chroí le gach uile duine a bhí páirteach le ceoldráma eile den scoth a chur ar stáitse. Is cosúil gur bhain idir óg is aosta taitneamh iontach as gach uile léiriú a bhí ag ‘Disco Inferno’ in Halla Bhaile Átha an Rí le deireannas.

Níl amhras ar bith ann ach go raibh an-obair curtha isteach le roinnt seachtaine ag daltaí, múinteoirí, stiúrthóirí agus iad ag ullmhú don seó mór. Bhí uaireanta an chloig caite ag cleachtadh, ag dearadh seite, ag réitiú feistis, ag foghlaim línte, i mbun amhránaíochta agus go leor leor eile.

Gabhaimid buíochas le cách a thacaigh go mór le taispeántas d’ardchaighdeán a chur os comhair phobal Eachréidh na Gaillimhe, comhlachtaí beaga is móra a thug urraíocht agus a bhronn spot-duaiseanna, do phobal uile na scoile agus do thuismitheoirí ach go háirithe.

Ar ndóigh, is cúis áthais agus bróid dúinn go léir go raibh luach a saothair chomh sultmhar agus curtha i láthair ar mhodh thar a bheith gairmiúil. Cinnte, bhain rannpháirtithe agus lucht féachána tairbhe luachmhar as a bheith ag a leithéid. Ná déanaimis dearmad ar ‘Disco Inferno’ go deo!

 

Congratulations to all involved in the production of ‘Disco Inferno’ that was staged for three shows in Athenry hall recently.

All the hard work of the entire school community was behind this special bilingual musical that was produced to such a high professional standard. Pupils, teachers, parents and the business community are all very proud of their efforts in this show which proved to be such an enjoyable success.

Maith sibh! Disco Inferno abú!

Tuilleadh eolais fá cheoldrámaí / Further information on musicals cliceáil anseo