Skip to content

Ag Googláil leo!

 

Le linn sos lár-théarma le deireannas, d’fhreastail an Club Ríomhaireachta ar ócáid fíor-speisialta “ESB Creative TechFest” i Google.  D’fhreastail na daltaí ar cheardlanna éagsúla i rith an lae agus iad imithe ar chamchuairt ar fud príomhláithreán Google in Éirinn.

Ní amháin sin ach d’éirigh le Adam Príomhdhuais Cruthaitheachta a bhuachan as ucht clár a chruthú le haghaidh cluiche ríomhaireachta. Nach maith é! Comhghairdeas leis agus súil againn go leanfaidh sé ag cruthú a thuilleadh cláracha sna blianta amach roimhe.

Cinnte, is dócha go bhfuil sé i gcumas gach uile dalta sa chlub ríomhaireachta rudaí den scoth a chruthú agus is mór an spreagadh atá tugtha ag Adam dá chomhghleacaithe lena ghradam. Anois leanaigí ar aghaidh ag googláil libh!

We would like to congratulate Coláiste an Eachréidh’s computer club who took time out during their mid-term break to visit Google at which they attended ‘ESB Creative Techfest‘.

A special word of congrats to Adam who was awarded the main prize for the computer game programme he created. Indeed an inspiration to all our young Googlers!