Skip to content

Molly – Triathlon Champion!

(English version follows)

Níl aon amhras ach go bhfuil Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as Molly agus an méid atá curtha i gcrích aici mar bhean óg agus í ag gabháil do Trí-atlain ar leibhéil éagsúla.

Thosaigh sí i mbun oiliúna sa spórt seo siar i 2013 agus í ag traenáil beagnach gach uile lá ó shin. Mar a deir an seanfhocal ‘Cleachtadh a dhéanann máistreacht’ agus tar éis roinnt blianta, bhí toradh a saothair le feiceáil go soiléir:

I 2017, tháinig sí sa chéad áit i gCúige Chonnachta i gCraobh Trí-athlan na Meánscoile agus ina dhiaidh sin, ar aghaidh léi leis an tríú áit a bhuachan go náisiúnta i gCraobh Trí-athlan na Meánscoile in Éirinn. Ní amháin sin ach tháinig sí sa tríú áit arís i gCraobh Náisiúnta na hÉireann sa chatagóir 16-17 d’aois. Agus an méid sin curtha i gcrích aici féin, ghlac sí páirt le foireann i rás sealaíochta ar leibhéal na hEorpa sa Spáinn i gCraobh Rás Sealaíochta Meascra na hEorpa 2017.

I mbliana, tá foireann Molly cáilithe arís le páirt a ghlacadh i gCraobh Rás Sealaíochta Meascra na hEorpa 2018 agus iad i mbun dian-traenála is ag ullmhú le dul chun na Poirteingéile gan mhoill i Mí Dheireadh Fómhair. Guímid gach rath orthu is muid ag súil go dtiocfaidh siad ar ais buacach!

Deir Molly féin gur aoibhinn léi an spórt, go dtugann sé saoirse iontach di, go mothaíonn sí ar fheabhas tar éis a bheith ag traenáil nó páirteach i gcomórtas ar bith. Tá sí tiomanta agus é ar intinn aici leanstan leis an spórt le linn a saoil ‘ar son mhná na hÉireann’.

Coláiste an Eachréidh are very proud of Molly and in what she has achieved as a young woman in Triathlon at various levels.

She began the sport back in 2013 and has been in training almost every day since. As the saying goes ‘’, well it certainly proved true as results are now flourishing after all her effort:

In 2017, she came in at first place in Connaught in the ‘Regional Post-Primary Schools Triathlon Championships’ and qualified for the all-Ireland competition and came third in the national final. She also achieved third place nationally in the 16-17-year-old category. She also took part in a relay team of four and competed on an international level in the ‘European Mixed Relay Championships 2017’ in Spain.

She has now recently qualified yet again to take part in the ‘European Mixed Relay Championships 2018’ and her team is undergoing strenuous training and preparing to take part in this competition in Portugal shortly in October. We wish them all the best and hope that they come back among the winners.

Molly herself says that she really enjoys the sport, that it gives her powerful freedom and that she feels great after training and taking part in competitions. She is very focused and intends to keep up the sport throughout her life ‘ar son mhná na hÉireann.’