Skip to content

Gaelbhratach Eile!

Cé go bhfuil Gaelbhratach bronnta ar Choláiste an Eachréidh le roinnt blianta, is léir nach bhfuil siad ag glacadh leis go mbeidh an gradam bronnta orthu athuair gan obair a chur isteach.

Gan amhras, bhí obair cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta agus é ar an chéad scoil ar bronnadh ‘Gaelbhratach‘ i gCúige Chonnachta roinnt blianta ó shin. (Tuilleadh eolais cliceáil anseo)

Anois agus scoilbhliain nua tosaithe tá Coiste Gaeilge úrnua spreagtha gabháil i mbun oibre agus iad i mbun oiliúna le deireannas ar mhaithe go leanfar leis an dea-obair. Na Gaeil Abú!

New Coiste Gaeilge recently completed their training to set to work for Gaelbhratach 2018/19. Go n-éirí leo!